Irish-Language

Comórtas úr gearrscéalaíochta á reáchtáil ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich

<strong><span style="caret-color: rgb(34, 34, 34); color: rgb(34, 34, 34); font-size: small;">SCR&Iacute;BHNEOIREACHT:</span></strong><span style="caret-color: rgb(34, 34, 34); color: rgb(34, 34, 34); font-size: small;"> T&aacute; foireann na Cult&uacute;rlainne ag tabhairt faoi Chom&oacute;rtas Gearrsc&eacute;al a re&aacute;cht&aacute;il do ph&aacute;ist&iacute; agus do dhaoine &oacute;ga. Ar mhaith leat p&aacute;irt a ghlacadh?</span>&nbsp;
SCRÍBHNEOIREACHT: Tá foireann na Cultú SCRÍBHNEOIREACHT: Tá foireann na Cultúrlainne ag tabhairt faoi Chomórtas Gearrscéal a reáchtáil do pháistí agus do dhaoine óga. Ar mhaith leat páirt a ghlacadh? 

MOL AN ÓIGE agus tiocfaidh sí agus bhí cuid mhór le moladh sna dánta iontacha a scríobh daltaí scoile don Chomórtas Filíochta a reáchtáil Cultúrlann McAdam Ó Fiaich an mhí seo caite.

Agus tá muintir na Cultúrlainne chomh tógtha sin go bhfuil siad faoin tallann at i measc an aosa óig, go bhfuil siad ag reáchtáil comórtais eile, comórtas gearr-scéalaíochta an iarraidh seo.

“Chuir sé idir iontas agus phléisiúir orainn líon na ndaoine óga a chuir isteach ar an chomórtas filíochta agus ard ardchaighdeán na n-iontrálacha,” arsa Ciaran Mac Giolla Bhéin.

“Is léir gur níos mó ná ábhar scoile do na daltaí seo an Ghaeilge agus go bhfuil siad ag baint suilt as na rudaí cruthaitheacha a dtig leo a dhéanamh leis an teanga.”

Is é Cairdeas agus Pobal téama chéad chomórtas gearrscéalta na Cultúrlainne agus tá sé dírithe ar dhá aoisghrúpa.

Do pháistí idir 6-10 mbliana d’aois tá eolas agus pacáiste iontrála le fáil ó sinead@culturlann.ie.

Do dhéagóirí idir 11-14 bliana d’aois, tá eolas agus  pacáiste iontrála le fáil ó bronagh@culturlann.ie.

“Agus scoileanna agus cumainn iarscoile druidte, tá páistí ar fud an oileáin gafa sa bhaile agus leadrán ag teacht orthu lá i ndiaidh lae,” arsa Brónagh Fusco Oifigeach Ealaíona Pobail na Cultúrlainne. 

“Seo deis acu rud éigin spraíúil a dhéanamh agus cuirfidh sé ag smaoineamh iad ar na cairde atá acu agus an tábhacht atá le daoine sa phobal atá thart orthu,” arsa Brónagh.

::  Tá uasmhéid 300 focal i gceist leis an dá chomórtas agus is é an 17 Aibreán an dáta druidte.