Irish-Language

An coróinvíreas agus an buaireamh atá ar mhic léinn

<strong>GRIAN N&Iacute; DHAIMH&Iacute;N:</strong> T&aacute; cumann &uacute;r bunaithe le leas na mac l&eacute;inn &oacute; thuaidh a chosaint maidir leis an ch&iacute;os at&aacute; &aacute; &iacute;oc acu agus chun cinnti&uacute; nach mbainfidh tiarna&iacute; tal&uacute;n bunt&aacute;iste as g&eacute;archeim an Chor&oacute;inv&iacute;reas
GRIAN NÍ DHAIMHÍN: Tá cumann úr bunaithe le leas na mac léinn ó thuaidh a chosaint maidir leis an chíos atá á íoc acu agus chun cinntiú nach mbainfidh tiarna&iac GRIAN NÍ DHAIMHÍN: Tá cumann úr bunaithe le leas na mac léinn ó thuaidh a chosaint maidir leis an chíos atá á íoc acu agus chun cinntiú nach mbainfidh tiarnaí talún buntáiste as géarcheim an Choróinvíreas

TÁ GRÚPA úr atá ag déanamh ionadaíochta ar son mac léinn ag iarraidh ar ionadaithe tofa a bheith airdeallach ar na deacrachtaí atá roimh mhic léinn a íocann cíos san earnáil phríobháideach le linn ghéarchéim COVID-19. Leag Grúpa Tionóntaí na Mac Léinn (SRG) amach roinnt cosaintí a shíleann siadsan a chinnteodh sábháilteacht agus slándáil na mac léinn a íocann na cíosanna seo.

I measc na n-éileamh seo, táthar ag lorg go gcuirfí gach cíos ar ceal faoi láthair, nach ndéanfar aon ardú ar phraghas an chíosa go ceann ocht mí dhéag, go gceadófaí conarthaí a chealú roimh am gan aon phionós, agus cosc iomlán ar aon díbirt tionóntaí de bharr COVID-19.

Dúirt Grian Ní Dhaimhín thar ceann an Ghrúpa go raibh siad ag iarraidh ar gach ionadaí poiblí tacú leis na héilimh le linn phaindéim an Choróinvíris chun tacú le mic léinn a bhfuil tithe ar cíos acu. 

“Le linn tréimhse seo ina bhfuil an-éiginnteacht agus an-deacrachtaí airgeadais ann, tá tiarnaí talún ag diúltú

conarthaí a chealú go luath agus tá siad go fóill ag éileamh íocaíochtaí cíosa. Creidimid go bhfuil sé seo mícheart agus mí-réasúnta,” arsa Grian.

“Tá muid ag iarraidh Cealú Cíosa láithreach bonn le linn ghéarchéim COVID-19 gan aon aisíocaíochtaí níos moille anonn, agus é seo a bheith siardhátaithe go tús mhí Mhárta chun tacú leo siúd atá as obair agus i gcruachás le linn na géarchéime seo. 

“Tá muid ag iarraidh nach ndéanfar aon ardú cíosa go ceann ocht mí dhéag chun cosaint a thabhairt do thionóntaí cíosa i gcoinne tiarnaí talún a d’fhéadfadh an deis a thapú ar a son féin as an ghéarchéim atá ann faoi láthair agus atá amach romhainn. 

“Creideann Grúpa Tionóntaí na Mac Léinn gurb iad na beartais seo an dóigh is fearr le slándáil agus sábháilteacht na mílte tionónta ar fud Thuaisceart Éireann a chinntiú. “Ní féidir leanúint ar aghaidh faoi láthair amhail is gur ‘Gnó mar is Gnách’ atá ann. Tá muid i ré an-eisceachtúil, agus tá gá le beartais an-eisceachtúil,” ar sí.

Dúirt Grian go raibh na ceardchumainn tionóntaí cosúil le grúpa s’aici féin,  “ina gcrann taca agus na líne chosanta dheireanach acu ós rud é go bhfuil na tionóntaí cíosa fágtha gan aon chosaint de bharr easpa gnímh an Tionóil.

“In éagmais aon reachtaíochta, leanfaidh Grúpa Tionóntaí na Mac Léinn orainn ag tarraingt aird ar chleachtais mhí-eiticiúla na dtiarnaí talún agus na ngníomhairí léasa de réir mar is toil linn, agus déanfar gníomh díreach nuair a bhíonn gá leis. 

“Nuair a bheas an ghéarchéim seo thart, ní dhéanfaidh na mic léinn dearmad orthu siúd a chuidigh leo, agus orthu siúd nár chuidigh leo,” ar sí.