Irish-Language

Bás, beatha agus béasa i gceann de na tithe tábhairne is clúití i mBÁC

<b>TOCHAILTEOIR&Iacute; UAIGHEANNA: </b>Teach t&aacute;bhairne in aice le Reilig Ghlas Na&iacute;on i mBaile &Aacute;tha Cliath, d&iacute;seart d&oacute;ibh sin a thochail an milli&uacute;n uaigheanna agus n&iacute;os m&oacute; at&aacute; sa reilig is aitheanta in &Eacute;irinn.&nbsp;
TOCHAILTEOIRÍ UAIGHEANNA: Teach tábhairne in aice le Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath, díseart dóibh sin a thochail an milliún uaigheanna agus níos mó atá sa reilig is ait TOCHAILTEOIRÍ UAIGHEANNA: Teach tábhairne in aice le Reilig Ghlas Naíon i mBaile Átha Cliath, díseart dóibh sin a thochail an milliún uaigheanna agus níos mó atá sa reilig is aitheanta in Éirinn. 

DON TÉ a thugann cuairt ar reilig Ghlas Naíon is fiú go mór dó cuairt a thabhairt ar an teach tábhairne béal dorais léi. 

Is é sin go díreach an rud a dhéanadh na tochaltóirí uaigheanna agus iad ag iarraidh an tart a mhúchadh lá meirbh marbhánta blianta fada ó shin. 

Is as an chleachtas sin a thugtar an leasainm The Gravediggers ar an teach tábhairne céanna go dtí an lá atá inniu ann. 

Ní raibh an foirgneamh i gcónaí ina theach tábhairne, áfach. 

Ar an 22 Feabhra 1832, cuireadh an chéad duine i reilig Ghlas Naíon. Michael Carey an t-ainm a bhí ar an ghasúr óg a fuair bás nuair a bhuail an eitinn é. 

Bhí John O’Neill ina chónaí in uimhir a haon Prospect Square agus bhí sé ag amharc ar an fhuinneog ar an tórramh agus Michael óg á chur san uaigh. 

Fear gnó cliste ab ea é John agus rith sé leis go mbíodh scaifte mór ag freastal ar thórramh agus go mbíodh tart orthu. 

Chuir sé a smaointe le chéile agus bliain ina dhiaidh sin, d’oscail sé teach tábhairne ina theach cónaithe féin agus tá a fhios ag an saol Fódlach cad é a tharla ina dhiaidh sin. 

D’éirigh go maith le John agus lena ghnó ar feadh roinnt blianta agus é ag saothrú a choda go maith. 

Sa bhliain 1836, áfach, tháinig athrú ar chúrsaí. Rinneadh neart gearán go raibh lucht an tórraimh ag éirí callánach meidhreach agus roinnt mhaith acu stiúgtha ólta sular cuireadh an corp i gcré na cille. 

Dúradh gur tháinig an crú ar an tairne nuair a fágadh dhá chónair taobh amuigh den teach tábhairne agus lucht an tórraimh ar an ól chun faoiseamh a fháil ó bhuairt an tsaoil. 

Athraíodh na rialacha agus ní raibh cead duine ar bith a adhlacadh i ndiaidh an mheán lae. 

Bhí sé níos deacra do John an beo a choinneáil os cionn an mhairbh ar feadh tamaill agus an gnó chomh ciúin le reilig ach mhair sé féin agus a theach tábhairne in ainneoin na ndeacrachtaí. 

Phós iníon le John O’Neill John Kavanagh agus cláraíodh an teach tábhairne ina ainm agus tá Kavanagh’s os cionn an dorais go fóill cé gurb é an leasainm The Gravediggers mar is fearr aithne air. 

Druideadh an seangheata in aice leis an teach tábhairne sa bhliain 1879 agus osclaíodh ceann nua ag taobh eile na reilige. 

Chiallaigh sé seo go raibh sé doiligh do na tochailteoirí uaigheanna a mbéal a fhliuchadh agus iad ag dul don obair chrua. 

Ar ndóigh, níl tobar ar bith gan a chosán agus níl dlí ar an riachtanas. Ní bhíodh na tochailteoirí ag iarraidh na gloiní pionta a fhágáil ina luí thart ar eagla go bhfeicfeadh a saoiste iad agus go bhfaigheadh siad bata is bóthar. 

Mar sin de, ba ghnách leo a bprócaí suibhe féin a thabhairt leo agus is as sin a thagann an téarma coitainta Béarla ‘going for a jar’. 

Is beag athrú a tháinig ar The Gravediggers ó shin i leith. Nuair a shiúlann tú isteach ann, siúlann tú siar in am. Níl ceol ná teilifís ná idirlíon ná a dhath ar bith eile ann. Is cuimhneach le Ciarán Kavanagh, ball den teaghlach ar leis é, is cuimhneach leisean an lá a fuair Luke Kelly bás. 

Is cuimhneach leis gur bhailigh ceoltóirí mór le rá ar nós bhaill U2, Na Chieftains agus The Dubliners sa teach tábhairne agus iad réidh le seisiún ceoil a sheinm. 

Nach ndeachaigh a athair, Eugene Kavanagh, a fhad leo gur dhúirt sé nach raibh ceol ar bith ceadaithe sa teach tábhairne! 

Mar a dúirt Ciarán féin, is é sin an riail is cuma cé atá ann. Is dócha go mbíonn gach duine cothrom sa reilig agus sa Gravediggers! 

Shílfeá agus an méid sin ráite agam go mbeadh an teach tábhairne chomh marbh le hArt ach a mhalairt ar fad atá fíor. 

Tugtar deis do dhaoine dreas comhrá a dhéanamh agus tearmann agus sanctóir atá ann ó theicneolaíocht an tsaoil nua-aimseartha. Tagann anam sa teach tábhairne san oíche agus bíonn sé beo beathach istigh gan cur isteach ón saol nua-aimseartha. 

(Is cuimhin liom féin an teach tábhairne is ansa liom i mBaile Átha Cliath, The Celt i sráid an Talbóidigh a bhíodh mar a gcéanna. Atmaisféar breá soisialta agus daoine ag caint go beoga lena chéile ann. An t-uafás a tháinig orm an uair dheireanach a shiúil mé ann – teilfís agus na rasai capall ar siul air. Mar a dúirt Iúil Caesar, “et tu, The Celt?” - ed) 

Lean milliún go leith Michael Carey go reilig Ghlas Naíon agus is iomaí duine a fuair fliuchadh a bhéil in Kavanagh’s nó sa Gravediggers ó shin i leith. 

Tá uisce le mo chár ag smaoineamh air. 

Má bhíonn tú an bealach sin mholfainn duit bualadh isteach. 

Más scéalta taibhsí, finscéalta, fíorscéalta atá uait gheobhaidh tú sin agus tuilleadh ó na daoine ar leis an áit anois agus an t-ochtú glúin den teaghlach i mbun gnó. 

Go maire sé céad eile! Sláinte mhaith!