Irish-Language

Saibhreas logainmneacha Gaeilge Bhéal Feirste léirithe ar léarscáil nua aláinn

<b>ON THE MAPA: </b>Ag seoladh na l&eacute;arsc&aacute;ile &uacute;ire i Halla na Cathrach i gC&uacute;il Chalgaigh inn&eacute;, bh&iacute; (<i>&oacute; chl&eacute;</i>) an t-eala&iacute;ont&oacute;ir Andrew Whitson, Gordon McCoy &oacute; Turas, ArdMh&eacute;ara Bh&eacute;al Feirste, Danny Baker, agus Frances Kane &oacute;n Northern Ireland Place-Names Project &nbsp;
ON THE MAPA: Ag seoladh na léarscáile úire i Halla na Cathrach i gCúil Chalgaigh inné, bhí (ó chlé) an t-ealaíontóir Andrew Whitson, Gordon McCoy ó Turas, ArdMh&eac ON THE MAPA: Ag seoladh na léarscáile úire i Halla na Cathrach i gCúil Chalgaigh inné, bhí (ó chlé) an t-ealaíontóir Andrew Whitson, Gordon McCoy ó Turas, ArdMhéara Bhéal Feirste, Danny Baker, agus Frances Kane ón Northern Ireland Place-Names Project  

AN BHFUIL tú i do chónaí i nDroim Bó nó i Sceitheog an Iarla nó ar an Bhaile Gallda i mBéal Feirste? 

Má tá Gaeilge ag duine, tuigfidh siad an chiall atá le logainm na háite ina bhfuil siad ina gcónaí ach mura bhfuil ...?

Mura bhfuil Gaeilge acu, cuirfidh siad fáilte mhór roimh A Gaelic Map of Belfast, léarscáil a seoladh i Halla na Cathrach – atá lonnaithe i mbaile fearainn darb ainm Cúil Chalgaigh – Dé Céadaoin na seachtaine seo.

“Tá an léarscáil dírithe ar dhaoine nach bhfuil mórán cur amach acu ar an Ghaeilge,” arsa Gordon McCoy, ón grúpa teanga Turas in oirthear na cathrach. 

“Is minic a bhíonn daoine aonair agus grúpaí pobail ag iarraidh eolas a fháil ar an teanga agus beidh an léarscáil seo ina chuidiú mhór acu.”

Tá trí leagan den léarscáil ar fáil - ceann atá infhillte, ceann eile ar féidir póstaer a dhéanamh de agus ceann eile atá níos mó arís a bheadh oiriúnach d’institiúidí agus mar sin de.

“Tá sé tábhachtach cur in iúl go neamhbhalbh do dhaoine go mbaineann an Ghaeilge le gach cuid den chathair agus sílim go léiríonn an léarscáil an cúlra atá le rudaí atá ag titim amach i saol na Gaeilge sa lá atá inniu ann,” arsa Gordon.

Ba é an t-ealaíontóir Andrew Whitson a dhear an léarscáil agus ba é a chuir íomhánna léiritheacha leis na logainmneacha.

“Tá léarscáileanna de chuid na Suirbhéireachta Ordanáis ann agus tá siad iontach beacht agus iontach ealaíonta ar fad

ina mbealach féin ach ní sin an aidhm atá ag an léarscáil seo,” a mhínigh sé don lucht mór éisteachta a bhí ag an seoladh.

“D’oibir mé le Gordon roimhe seo ar léarscáil Gaeilge d’oirthear Bhéal Feirste ach bhí an bhéim go mór ar phearsantachtaí a raibh baint acu leis an Ghaeilge chomh maith leis na logainmneacha.

“Leis an léarscáil seo, tá muid ag iarraidh é a dhéanamh chomh forbhfáilteach agus is féidir do mhuintir na cathrach agus do na daoine sin as gach cearn den domhan a thagann ar cuairt chugainn.”

Tá an-jab déanta ag Andrew, ag Gordon agus ag Pat McKay, údar A Dictionary of Ulster Place-names ar an togra sé-mhí seo a mhair dhá bhliain!

Agus ní nach ionadh mar ní eolaíocht bheacht í an logainmníocht mar a léirigh Frances Kane ó The Northern Ireland Place-Name Project.

Chuir sí síos ar na deacrachtaí a bhaineann le ciall “ceart” na logainmneacha a aimsiú.

Luaigh sí áit darb ainm Aghacommon i gContae Ard Mhacha a aistrítear mar Achadh Camán.

Sa bhaile fearann féin, ceanglaítear an logainm leis an iomáint ach creideann daoine eile go mbaineann sé le casadh beag mar a bheadh in abhainn.

Ní raibh le déanamh ach dul ann le fáil amach cé aige a raibh an ceart. 

“Chuaigh mé síos go hAchadh Camán agus ceart go leor bhí abhainn ann – ach bhí sé caol díreach gan castaí ar bith ann,” arsa Frances.

Ach, ag labhairt le bunadh na háite, dúirt fear amháin le Frances go raibh an abhainn cam ag pointe amháin ach gur díríodh í san am a chuaigh thart. Mar sin de, is é is dóichí gurb é an chiall a bhí leis an logainm, the field of the little bends! 

(Dála an scéil, tá suíomh breá idirlín ag placenamesni.org agus tá siad ar twitter fosta ag @placenamesni).

Anois, tá logainmneacha ar an léarscáil agus chuala mé leaganacha difriúla orthu agus déarfainn nach n-aontóidh gach duine leis na leaganacha atá ar an léarscáil ach i ndeireadh an lae is seod luachmhar é A Gaelic Map of Belfast agus tá moladh mór tuillte ag Aonad Dea-chaidrimh de chuid Chomhairle Bhéal Feirste, ag Turas, ag Foras na Gaeilge agus ag gach duine a chuidigh lena chur ar fáil.

Is rud álainn é eolas a bheith agat ar stair agus ar oidhreacht do cheantair dhúchais agus tá an léarscáil seo mar fhéirín duit don taisceadán eolais sin a mbainfidh tú an-sult as.