Irish-Language

An ball éadaigh ar cuireadh cosc air cionn is gur chuir sé imní ar dhaoine

<b>AN H&Uacute;DA&Iacute;: </b>An gcuireann an ball &eacute;adaigh seo eagla ort n&oacute; an gcaitheann t&uacute; f&eacute;in ceann? Cib&eacute;, t&aacute; an h&uacute;da&iacute; uamhal cl&uacute;daithe le siombalachas
AN HÚDAÍ: An gcuireann an ball éadaigh seo eagla ort nó an gcaitheann tú féin ceann? Cibé, tá an húdaí uamhal clúdaithe le siombalachas AN HÚDAÍ: An gcuireann an ball éadaigh seo eagla ort nó an gcaitheann tú féin ceann? Cibé, tá an húdaí uamhal clúdaithe le siombalachas

IS BEAG PÍOSA faisin a bhfuil stair chomh casta sin aige is atá ag an an húdaí - cé gur ball éadaigh measartha úr atá ann.

Tá daoine ag caitheamh cochall de chineál amháin nó eile ó thús aimsire ach níor tháinig an léine aclaíochta a raibh cochall air ar an saol go dtí na 1930idí. 

Uaidh sin, bhain sé a bhealach amach as saol an spóirt agus isteach sa ghnáthfhaisean.

Bíonn taispeántais bunaithe ar an bhall éadaigh amháin seo cionn is go gcreideann daoine go bhfuil an pholaitíocht fite fuaite ann.

Bhí ceann sa Het Nieuwe Instituut in Rotterdam a mhaígh: “Insíonn an húdaí cuid mhór scéalta a dhéanann sainmhíniú ar an tréimhse ina bhfuil muid beo – scéalta an mhíchothromais shóisialta, cultúr na n-óg, fochultúir, brúidiúlacht na bpóilíní, an ciníochas, príobháideachas, eagla agus, ag an am céanna, stíl.”

Tugann an taispeántas “Western fashion’s last truly political garment” ar an húdaí, ball éadaigh a mhúsclaíonn eagla, éad, cairdeas agus an deargbhuile féin i ndaoine airithe.”

Rud beag thar fóir, dar liomsa ach tá sé fíor faoin húdaí “gur féidir leat do bheatha a chailleadh agus tú á caitheamh.”

Seo cur síos ar fhréamhacha an húdaí:

Maíonn an branda éadaí spóirt Champion gurbh iadsan a dhearaigh an húdaí a aithníonn muid inniu siar sna 1930idí.

“Dearadh agus forbraíodh an léine aclaíochta a raibh cochall air do chúiseanna praiticiúla agus baineadh úsáid as den chéad uair mar bhall éadaigh a chaitheadh lúthchleasaí a bheadh ag téamh suas ar an taobhlíne nó i seisiúin traenála,” ar siad.

Bhí baint riamh ag an húdaí leis an spórt agus, ar ndóigh, chaith Sylvester Stallone húdaí liath sa scannán Rocky i 1977.

Díríodh an mhargaíocht ar oibrithe láimhe go príomha, ach níorbh fhada gur thosaigh grúpaí eile ag caitheamh an húdaí.

Le teacht an chultúir hip-hop i Meiriceá, caitheadh an húdaí mar éadaí aitheantais an chultúir hip-hop agus chonacthas go minic é ar chlúdaigh albaim an Wu-Tang Clan agus i bhfíseáin cheoil ó Snoop Dogg go dtí A Tribe Called Quest.

Sna 80idí agus sna 90idí, tháinig an gangsta rap chun cinn - hip-hop a bhí ceangailte le dronga ar nós na Crips agus na Bloods. 

Bhí na liricí foréigneach go minic agus tharraing sé seo cuid mhór cáinte ach tuigeadh seo mar ionsaí ar chultúr na ndaoine dubha.

Cionn is gur chaith an oiread sin rappers an húdaí ag an am seo, ceanglaíodh an ball éadaigh le foréigean na ndronga, dearcadh a bhí i bhfad róshimplí.

I Sasain, cuireadh cosc ar an húdaí ón ionad siopadóireachta Bluewater in Kent in 2005, mar chuid d’fheachtas géar in éadan an iompair fhrithshóisialta.

Ag an am, dúirt urlabhraí do Bluewater: “Tá an-imní orainn nach mothaíonn cuid de aíonna s’againn ar a gcompord i dtimpeallacht teaghlaigh.”

D’aontaigh polaiteoirí ar nós Tony Blair, PríomhAire ag an am, agus John Prescott leis seo.

Dúirt Prescott leis an BBC gur mhothaigh sé míchompordach ag stáisiún peitril ag a raibh scaifte daoine óga “bagracha” ag caitheamh húdaithe.

Cé nach bhfuil baint ag an húdaí le hiompar frithshóisialta, ceanglaíodh an dá rud in intinn daoine.

Sna Stáit Aontaithe, bhí ciníochas i gceist; i Sasana, bhain an cheist le haicme.

Sna blianta 2000 ach go háirithe, glacadh gur bhain an húdaí le daoine ar imeall an tsochaí, grúpa a chuir imní ar an mheánaicme.

Cé gur tugadh tacaíocht mhór don chosc ar an húdaí,  bhí eagraíochtaí óige go dubh ina éadan.

Mar a dúirt an cumann carthanachta, The Children’s Society, leis an Independent, bhí sé tábhachtach an difir idir faisean agus iompar a aithint.

Chuir an rapper Lady Sovereign amhrán darbh ainm Hoodie amach le tús a chur leis an fheachtas Save the Hoodie. 

Ní ann don suíomh idirlín níos mó ach de réir an  Londonist, dúirt sé: “If someone commits a crime, it’s not about what they are wearing, it’s about the person wearing it, a criminal is a criminal no matter what they wear... Don’t blame the innocent hoodie, you should be able to wear what you want!”

D’fhéadfaí an argóint a dhéanamh go mbaineann an eagla faoin húdaí cionn is nach féidir daoine a chaitheann iad a aithint.

Mura bhfeiceann tú aghaidh duine cóngarach duit, tig eagla ort.

Inniu, níl an húdaí chomh ceangailte le haicme ar leith is a bhíodh - caitheann daoine de gach cineál atá ar leasa shóisialaigh iad  - clann ríoga Shasana san áireamh!

An rud atá suimiúil - nó b’fhéidir nach bhfuil sé suimiuil - ná go bhfuil leagan ard-fhaisean den húdaí ar fáil. 

Más tú an cineál duine a mbeadh an tsuim agus an t-airgead agat, is féidir húdaí a cheannacht ó cheann ar bith de na brandaí móra ar na céadta punt.

Tá an ball éadaigh anois coitianta i measc lucht teicneolaíochta agus ní na nerds amháin.

Mar sin de, cé go bhfuil mór-uaisle ríoga, teicneolaíochta agus faisin sásta ball éadaigh na sclábhaithe a chaitheamh, is cosúil nach bhfuil an stiogma a bhain leis an húdaí imithe – brathann sé go mór ar an chomhthéacs.

Is maith liom mo húdaí cionn is go gcoinníonn sé te mé, sin uilig!