Irish-Language

An cultúr dúchasach agus cultúir iasachta á gceiliúradh

<strong>RAQUEL McKEE</strong>: Beidh Raquel ag cur ceardlainne ar an cheol agus ar an sc&eacute;ala&iacute;ocht sa traidisi&uacute;n Afracach ar f&aacute;il le linn Aistear 2020
RAQUEL McKEE: Beidh Raquel ag cur ceardlainne ar an cheol agus ar an scéalaíocht sa traidisiún Afracach ar fáil le linn Aistear 2020 RAQUEL McKEE: Beidh Raquel ag cur ceardlainne ar an cheol agus ar an scéalaíocht sa traidisiún Afracach ar fáil le linn Aistear 2020

AGUS MUID ag tarraingt ar Sheachtain na Gaeilge – an t-am sin den bhliain nuair a cheiliúrann Gaeilgeoirí ar fud an cruinne seacht lá déag d’imeachtaí sa teanga dhúchais –  beidh Ionad Uíbh Eachach in iarthar Bhéal Feirste ag cur tús leis an fhéile Aistear 2020 an deireadh seachtaine seo.  

Is féile í Aistear 2020 atá maoinithe ag Comhairle Chathair Bhéal Feirste chun ceiliúradh a dhéanamh ar Naomh Pádraig ar dhóigh a léiríonn a shaol mar imirceach in Éirinn agus a léiríonn an t-eispéireas a bhíonn ag imircigh an lae inniu i mBéal Feirste.  

Beidh Raquel McKee ó Rainbow Storytelling Dramatics and Arts Management ag cur ceardlainne ar an cheol agus ar an scéalaíocht sa traidisiún Afracach ar fáil maidin Déardaoin 12ú Márta agus níos moille an tráthnóna sin, beidh an Dr Ava Brown (Mango Girl) ag tabhairt ceardlainne don chumann iarscoile ar bhia ilchultúrtha agus ar na nósanna a bhaineann le hullmhú bia.  

Déanfaidh Claire Hughes seisiún sa chumann iarscoile sa damhsa céilí le deireadh a chur ar an “Lá Glas” sa chumann an tráthnóna sin.

:: Maidir le foghlaim na Gaeilge, beidh Dianchúrsa an Earraigh ar siúl againn amárach Dé Sathairn 29ú Feabhra.  

Beidh cúig leibhéal de ranganna a bheas ag fóirstean do ghlantosaitheoirí suas go dtí an tArd leibhéal don fhoghlaimeoir chumasach ar fáil ar an lá.  

Ar an lá, beidh an t-amhránaí iomráiteach sean-nóis sin, Naoise Mac Cathmhaoil, ag tabhairt seisiúin d’achan ghrúpa ar shaibhreas na Gaeilge sna hamhráin sean-nóis chomh maith le ceardlann bheag ar an cineál seo amhránaíochta.  

Beidh costas £10 an duine i gceist, lón san áireamh.  Tosnóidh an cúrsa lae seo ar 10:00rn agus críochnóidh sé ar 3:30in.  

Is féidir áiteanna a chur in áirithe ar an chúrsa – go gasta – le Cillian ar 028 9032 9180 nó fríd ríomhphost a chur chuig cultur@ionad.eu

:: Beidh imeachtaí do pháistí agus do dhaoine fásta ar siúl san ionad le linn na féile ilchultúrtha seo chomh maith, imeachtaí a léireoidh na gnéithe éagsúla a bhaineann le haistear an imircigh, Naomh Pádraig mar sclábhaí in Éirinn, mar shampla, chomh maith le scéal na Nua-Éireannach atá ag cur fúthu  sa chathair seo sa lá atá inniu ann.  

Déanfaidh Aistear 2020 ceiliúradh ar thraidisiúin na nGael agus ar nósanna ilchultúrtha na n-inimirceach.  Cuirfidh an Bheirt Phíobairí, Cormac agus Aodán, ceardlann cheoil agus scéalaíochta i láthair – i nGaeilge amháin – ar a 12in san ionad Déardaoin 5ú Márta. Tá an t-imeacht seo saor in aisce.

::  Rachaidh rannpháirtithe ar thuras bus, Dé Luain 9ú Márta, go Sliabh Mis agus triallfaidh muid go barr an tsléibhe leis an údar aitheanta Roland Spottiswoode sula nglacfaidh sé thart muid ar chamchuairt bheag ar shuíomhanna eile a bhaineann leis an Eaglais luath-Chríostaíochta i gceantar na nGlinntí.

Tá costas £10 an duine ag baint leis an turas seo agus iarrtar ar dhaoine lón pacáilte a thabhairt leo agus bheith cinnte go mbeidh éadaigh agus buataisí cuí acu don chnocadóireacht.  Imeoidh an bus ó Ionad Uíbh Eachach ar 9:30rn agus pillfidh sé thart ar 5:30in an tráthnóna sin.  Le haghaidh a thuilleadh eolais maidir leis an turas seo agus leis na himeachtaí eile ar fad a bheas ar siúl againn, déan teagmháil le Cillian ar 02890329180 nó trí ríomhphost a chur chuig cultur@ionad.eu