Irish-Language

Scannán a spreagfaidh fearg ionat faoi thruailliú d’uisce óil

<b>UISC&Iacute; DORCHA: </b>Athra&iacute;onn saol Robert Bilott (Mark Ruffalo) nuair a thugann Wilbur Tennant (Bill Camp) cuairt air, ag m&iacute;ni&uacute; d&oacute; bhfuil beostoc agus daone ag f&aacute;il bh&aacute;is in Parkersburg, West Virginia mar gheall ar a an chomhlacht, DuPont.&nbsp;
UISCÍ DORCHA: Athraíonn saol Robert Bilott (Mark Ruffalo) nuair a thugann Wilbur Tennant (Bill Camp) cuairt air, ag míniú dó bhfuil beostoc agus daone ag fáil bháis in Parkersburg, West Virginia mar UISCÍ DORCHA: Athraíonn saol Robert Bilott (Mark Ruffalo) nuair a thugann Wilbur Tennant (Bill Camp) cuairt air, ag míniú dó bhfuil beostoc agus daone ag fáil bháis in Parkersburg, West Virginia mar gheall ar a an chomhlacht, DuPont. 

AR AN SCÁILEÁIN airgid, tá cáil air mar an Incredible Hulk i scannáin ar nós Avengers: Endgame agus Thor: Ragnarok, ach feiceann muid Mark Ruffalo ag briseadh fríd chonstaicí de chineál difriúil ar fad i scannán thar a bheith corraitheach darb ainm Dark Waters.

Imríonn an t-aisteoir Meiriceánach an dlíodóir corparáideach cosanta comhshaoil ??Robert Bilott, fear a bhí ar chéad leathanach na nuachtán i ndiaidh é dul in adharca le comhlacht ollmhór ceimiceán.

Chuaigh Bilott i ndeabhaidh le DuPont, ar cuireadh ina leith go raibh siad ag truailliú soláthar uisce a bhí ag déanamh an-dochair do bheostoc agus do dhaoine in Virginia Thiar sna 1980idí.

Chuir Ruffalo spéis sa scéal i ndiaidh é alt a léamh i bhfoilseachán aitheanta.

“Léigh mé é agus smaoinigh mé: ‘Tá sé seo dochreidte’, tá mé ag léamh faoi seo sa New York Times Magazine ach cad chuige nach bhfuil sé á insint ar gach clúdach de gach mórfhoilseachán ar domhan?

“Mheabhraigh mé go raibh an scéal thar a bheith físiúl, gur chóir é a insint i scannáin,” ar sé.

Bhí gné thábhachtach eile i gceist in intinn Ruffalo – mhothaigh sé go raibh freagracht air úsáid a bhaint as an “ardán” a bhí aige mar scannánóir agus mar aisteoir.

“Is féidir linn siamsaíocht a chur ar fáil do dhaoine go cinnte, ach is dóigh liom fosta, má tá sé déanta go maith agus má tá sé déanta mar is ceart, gur féidir dul i bhfeidhm ar dhaoine le teachtaireachtaí tábhachtacha sóisialta, polaitiúla agus cultúrtha - rabhaidh, más mian leat,” a deir sé.

“Scéalaíocht starógach (anecdote storytelling), d’fhéadfadh sé tionchar mór a imirt ar lucht déanta cinntí, ar reachtaíocht, ar dhearcaí agus tá sé sin an-tábhachtach,” arsa Ruffalo.

Maidir leis an fhíorshaol, Bilott, 54, cé gur éirigh leis sa chéad chath a bhí aige, shíl sé go raibh sé práinneach an scéal a chraobhscaoileadh chomh forleathan agus ab fhéidir.

“Táimid ag caint faoi cheimiceáin atá anois ar fud an domhain ar fad - ní bhaineann an scéal seo le West Virginia amháin, nó leis na Stáit Aontaithe amháin, tá na ceimiceáin seo in uisce óil i ngach áit ar fud na cruinne.

“Agus tá siad le fáil i bhfuil daoine gach áit, ar fud na hEorpa chomh maith.

“Mar sin, an rud is mó a bhfuil muid ag dúil leis fríd an scannán seo, ná go gcuirfidh muid daoine ar an eolas faoin thruailliú ollmhór domhanda seo atá ag tarlú le blianta fada. 

“Ar an drochuair, níl formhór na ndaoine ag foghlaim faoi ach anois,” arsa Bilott.

Ag tús na míosa seo (Feabhra) d’fhreastail Haynes, Ruffalo and Bilott ar ócáid sa Bhruiséil, áit ar taispeánadh an scannán i bParlaimint na hEorpa do dhaoine tábhachtacha sa pharlaimint.

Dar le Bilott, bhí sé thar a bheith tábhachtach go bhfeicfeadh lucht déanta cinntí an scannán.

“Na daoine a d’fhulaing mar gheall ar an uafás seo ar feadh na mblianta, is orthu sin atá an dualgas a gcuid uisce féin a ghlanadh le iad féin a chosaint agus níor chóir ar chor ar bith go mbeadh sé amhlaidh.

“Na daoine atá ag rith reachtanna agus ag cur rialacha le chéile a bhfuil sé mar chuspóir acu sláinte s’againn a chosaint, tá súil againn go dtuigeann siad anois cad é chomh tromchúiseach is atá an fhadhb, cad é chomh mór is ata sí.

“Agus is iad na daoine sin, lucht déanta dlíthe agus rialacha, is iadsan a bhfuil muid ag brath orthu an beart a dhéanamh le gach duine atá ata i mbaol – agus sin an uile dhuine againn – a chosaint ó thruailliú na n-ollchomhlachtaí móra ar nos DuPont. 

Tá Ruffalo chomh paiseanta céanna maidir leis an ócáid. 

“Bhí muid mar chuid de phainéal plé ag Parlaimint na hEorpa i ndiaidh 700 duine Dark Waters a fheiceáil agus chruthaigh sin fráma iontach áisiúil ar a dtiocfadh linn comhráití dáiríre a thógáil.

“Bhí an preas go hiontach, tá stáit sna Stáit Aontaithe ag bogadh chun cinn le reachtaíocht; bhuail muid le feisirí i Londan atá ag obair ar rialúcháin úr a thabhairt isteach maidir le cosaint uisce óil.

“Tá dea-thoil ann rud a chur i gcrích ach tá fearg an phobail ag teastáil go mór le rudaí a stiúradh agus fríd scannáin mar seo, is féidir daoine a eagrú agus brú a chur ar lucht déanta polasaí an rud ceart a dhéanamh.

“Tá an fhearg iontach tábhachtach – cuireann sé daoine ar a míshuaimhneas agus tá sé sin thar a bheith tábhachtach i láthair na huaire,” ar sé.

Chomh maith le Ruffalo, tá daoine aitheanta eile ar an chliar – Anne Hathaway, Tim Robbins, Bill Pullman agus William Jackson Harper.

Imríonn Hathaway ról Sarah, chéad bhean Bilott agus deir sí gur fhoghlaim sí faoin scannall sa script.

“De réir mar a chuaigh mé i ngleic leis an scéal, chuir mé an-suim ann; ansin tháinig fearg orm agus ansin rith cuid mhór mothúcháin thart ionam nuair a d’fhoghlaim mé go raibh an truailliú seo ag dul ar aghaidh i rith an ama,” ar sí.

“I gcásanna an leoin agus na luiche nó Dáiví agus Góiliat, bíonn muid ag dúil le Góiliat bheith ar lár ag an deireadh ach ní sin mar atá sé sa scannán seo.

“Tá sé seo níos deacra cionn is go léiríonn sé an saol mar atá sé i bhfírinne ach baineann sé le gach duine againn.

“Ag an deireadh, mhothaigh mé “níos múscailte” agus bhí mé ag iarraidh bheith mar chuid den scéal,” arsa Hathaway.

::Dark Waters le feiceáil i bpictúrlanna i láthair na huaire.