Irish-Language

Scéal idir spreagúil agus bhrónach faoin chreag bheag i lár na farraige

<b>SL&Aacute;N LEIS AN R&Iacute;: </b>Fanfaidh Patsy Dan Rodgers i seanchas na Gaeilge agus na Gaeltachta as na hiarrachta&iacute; a rinne s&eacute; saol na ndaoine ar Thoraigh a chaomhn&uacute; in &eacute;adan gach uile constaic, idir nad&uacute;rtha agus de dh&eacute;ant&uacute;s pholaiteoir&iacute;, a sh&aacute;r&uacute;
SLÁN LEIS AN RÍ: Fanfaidh Patsy Dan Rodgers i seanchas na Gaeilge agus na Gaeltachta as na hiarrachtaí a rinne sé saol na ndaoine ar Thoraigh a chaomhnú in éadan gach uile constaic, idir nadúrtha agu SLÁN LEIS AN RÍ: Fanfaidh Patsy Dan Rodgers i seanchas na Gaeilge agus na Gaeltachta as na hiarrachtaí a rinne sé saol na ndaoine ar Thoraigh a chaomhnú in éadan gach uile constaic, idir nadúrtha agus de dhéantús pholaiteoirí, a shárú

IS CINNTE go gcuirfidh an clár Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige tocht ar go leor daoine, na sluaite sin a thit faoi dhraíocht rí an oileáin, Patsy Dan Rodgers.

Cuairteoirí chun an oileáin, beidh siad ag cuimhneamh siar ar na hoícheanta a raibh sé ag seinm ar a bhosca ceoil agus daoine ag damhsa go meidhreach leo.

Beidh cuimhne ag daoine eile ar an ealaíon a rinne muintir Thoraigh ach anuas ar shaol chruthaitheach bhunadh an oileáin, bhíodh siad i gcónaí ag streachailt in éadan na n-eilimintí agus in éadan na ndaoine na ndaoine a mheas nár chóir do dhuine ar bith bheith beo ar an iargúltacht ar oileán mara.

Ach tá teacht aniar i muintir Thoraí. 

150 duine atá i bpobal an oileáin agus is minic iad scoite, scartha ó thír mór. Is é an t-oileán is iargúlta é de na hoileáin uilig a bhfuil cónaí orthu amach ó chósta na hÉireann.

Le linn na 1970í agus na 1980í, mhothaigh na hoileánaigh go raibh dearmad déanta díobh. 

Ní raibh leictreachas ná uisce reatha acu. Ní raibh dochtúir féin ná bád farantóireachta acu agus bhí na húdaráis ag iarraidh ar an phobal bheag Gaeilge Toraigh a thréigean agus bogadh go tír mór.


Le chóir a bheith 25 bliain, ba é Patsy Dan Rodgers Rí Thoraí. Ach fuarthas amach go raibh ailse ar an rí.

I scannán úr de chuid BBC Gaeilge, cluinimid faoin streachailt a bhí ag na hoileánaigh a mbeatha a thabhairt i dtír ar imeall sceirdiúil na hÉireann agus na hEorpa. 

Is beag post atá ar an oileán. Tá srianta úra ar thraidisiún na hiascaireachta. Níl a fhios ag aon duine cad é atá i ndán don oileán.

Nuair a chuirtear tús leis an scannánú, tá Patsy i ndiaidh a dhiagnóis a fháil agus fios aige go bhfuil ailse air. Smaoiníonn Patsy siar ar iarrachtaí na n-oileánach a saol ar leith a chaomhnú agus a chosaint. 

Lena chois sin, tá achrann eile ag bagairt ar an oileán agus ar a bhfuil i ndán dó. Tá an chontúirt ann go scoiltfear an pobal agus go rachaidh comharsana agus teaghlaigh in adharca a chéile.

Tá conradh farantóireachta Thoraí, an ceangal le tír mór atá naoi míle trasna an Atlantaigh, le hathnuachan. Is í Marjorie bainisteoir úr chomharchumann an oileáin. 

Nuair a fhógraítear an conradh, mothaíonn Marjorie agus a pobal go bhfuil neamart á dhéanamh orthu ós rud é go bhfuil bád níos sine le teacht in áit an bháid atá acu faoi láthair. Is mian leo an cinneadh sin a chur ar ceal, eagraítear cruinnithe agus bíonn corraí ar chuid de na hoileánaigh. Tagann scoilt chun cinn i measc an phobail agus níl siad uilig ar aon intinn.

I rith an ama tá meath ag teacht ar shláinte Patsy. Faigheann sé bás tobann agus é leis na dochtúirí ar tír mór. 

Cad é mar a thig leis an phobal seo a mbeatha ar leith a chaomhnú - rí ann nó as.

:: Toraigh: Creag Bheag i Lár na Farraige, arna léiriú ar son BBC Gaeilge ag Dearcán Media le tacaíocht ó Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann Dé Domhnaigh 23 Feabhra ar BBC Two NI ar 10pm.