Irish language

Scannán a athmhúsclaíonn ionainn cuimhní toctmhara cinn na dTrioblóidí

LOST LIVES: Tá sé seo ar na leabhair is tábhachtaí dar foilsíodh riamh ar an choimhlint armtha ó thuaidh agus tugann an scannán atá bunaithe air a luach d’údair an leabhair agus do gach ceanan den 3,700 íobartach atá luaite ann 
Robert McMillen

D’ÉIRIGH AN  an teannas sa phictiúrlann níos láidre de réir a chéile go dtí gur múchadh na soilse agus thom an lucht féachana isteach sa scannán a raibh siad ag dúil leis ainneoin an imní a bhí orthu ag an am céanna.

Thart orm, bhí daoine a chaill fir céile, máithreacha agus aithreacha, páistí agus cairde le linn na coimhlinte ó thuaidh agus iad in QFT le breathnú ar scannán a raibh sé de chumhacht aige tochta a bhí i bhfolach le fada an lá a athmhuscailt.  

Maraíodh corradh le 3,700 duine, le hábhar pléascáin, le piléir, le coincréit a thit orthu. Ní fios cá mhéad eile a fuair bás mar gheall ar bhriseadh croí nó ar an dúlagar.

Tá an t-uafás (uath-bhás) sin uilig ceaptha i leabhar darb ainm Lost Lives, croinic d’íobartaigh uile na dTrioblóidí suas go dtí 1994,

le cur síos ar mhionsonraí pearsanta na marbh agus ar an dóigh inar maraíodh iad. Tá sé croíbhriste a bheith á léamh.

Dé Domhnaigh, chraol BBC NI scannán atá bunaithe ar an leabhar, sárthaothar álainn a léiríonn cuid de na scéalta sa leabhar ní mar chlár faisnéise ach mar mheabhrúchán ealaíonta ar an ifreann a dtáinig na Sé Chontae fríd le 30 éigean bliain.

Earcaíodh scoth na n-aisteoirí le cuid de na scéalta a aithris, Bríd Brennan, Adrian Dunbar, Bronagh Gallagher, Brendan Gleeson, Ciarán Hinds, Susan Lynch, Sean McGinley, Liam Neeson, James Nesbitt, agus Stephen Rea, ina measc.  

Tosaíonn an scannán leis an iontráil do Patrick Rooney, an chéad pháiste a maraíodh le linn na dtrioblóidí nuair a scaoil an RUC as éadan ar árasáin Duibhise i mí Lúnasa 1969.

Bhog an teaghlach go Manchain ach tháinig siad ar ais, máthair Patrick ag rá nach dtiocfadh léi bheith ar a suaimhneas nuair a bhí a mac faoin fhód i mBéal Feirste. Rugadh mac eile dóibh agus thug siad Patrick airsean fosta.

Tá scéalta eile ann a bhainfeadh deoir as cloch.

Lost Lives, an leabhar agus an scannán, breac le scéalta coscracha mar seo agus mhínigh duine de na léitheoirí, Diarmuid Lavery, mar a chuaigh siad i mbun oibre.

“Fuair mé féin agus stiúrthóir eile, Michael Hewitt, teach ar cíos ar an chósta thuaidh siar in 2017 agus chaith muid seachtain ag léamh an leabhair ó chlúdach go clúdach,” ar sé.

“Tá corradh le 1,600 leathanach ann, éacht déanta ag an cúig údar - David McKittrick, Seamus Kelters (nach maireann), Brian Feeney, Chris Thornton agus David McVea.

“Go luath sa phróiseas, chinn muid go ndéanfadh muid tagairt do gach uile ainm a bhí sa leabhar mar ní thiocfadh linne scannán a dhéanamh faoi gach duine acu.

“Sa deireadh roghnaigh muid 18 n-iontráil ón leabhar, iontrálacha a chreid muid iad a bheith ionadaíoch ar réimsí na ndaoine a maraíodh sna Trioblóidí.

“Thug muid faoi deara gurbh iad na hiontrálacha ina raibh athfhriotail nó litreacha na cinn is mó a chuaigh i bhfeidhm orainn cionn is gur léirigh siad cailliúint dhomhain agus mothúcháin phearsanta fíordhaonna.

“Ni hionann sin is a rá go bhfuil na scéalta sin níos tábhachtaí ná ceann ar bith eile. Is ionann an briseadh croí do gach duine a chaill duine muinteartha nó dlúth-chara,” arsa Diarmuid.

Ach ní scannán faisnéise sa ghnáthchiall é Lost Lives. Ní raibh an méid atá le feiceáil ar an scáileán, seachas pictiúr ón chartlann, ag iarraidh a bheith léiritheach.

“Thug muid an-saoirse dúinn féin san eagarthóireacht,” arsa Diarmuid.

“Bhí muid ag iarraidh go mbeadh na híomhánna fileata le go ligfeadh siad do na focail, do na mothúcháin agus do ghlórtha na n-aisteoirí iontacha teacht chun tosaigh,” ar sé.

Níl oiread agus focal amháin sa scannán nach bhfuil sa leabhar agus tá ceachtanna ann don lá inniu. Ní raibh dream amháin freagrach as an sléacht. Ní raibh dream amháin ann a d’fhulaing, d’fhulaing muid uilig. 

:: Craoladh Lost Lives ar  BBC1 Tuaisceart Éireann an Domhnach seo caite ach tá sé le feiceáil go fóill ar an BBC player. 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 to get full access

Irish language