Irish language

Ní fios cad é atá romhainn agus na trí pháirtí mhóra ar comhchéim ó dheas

TOGHCHÁN STAIRIÚIL: Tá an seans ann go mbeidh Mary Lou McDonald ina Taoiseach sna seachtainí atá romhainn ach tá sin ag brath ar cheannairí Fhianna Fáil, Micheál Martin agus ar Leo Varadkar Fhine Gael

BHÍ MÉ ag caint ar an chlár Tús Áite ar Raidió na Gaeltachta an mhí seo caite agus an t-olltoghchán ó dheas á phlé ar an chlár.

Chuir mé in iúl don phainéal go raibh an toghchán le bheith ar siúl ar an tSatharn den chéad uair ó bhí 1918 ann.

Chuir mé i gcuimhne don phainéal, i modh ghrinn, gur sciob Sinn Féin 73 suíochán ón 105 a bhí ar fáil sa toghchán cinniúnach sin agus gurbh fhéidir go dtarlódh an rud céanna in 2020.

Ar ndóigh, chuir mé in iúl dóibh go raibh mé ag magadh agus nach dtarlódh a leithéid Dé Sathairn seo caite.

Búm.

Chuir an pobalbhreith a glacadh díreach i ndiaidh na vótála tús le crith talún agus an lá arna mhárach, tháinig an súnámaí i dtír. 

I ndáilcheantar i ndiaidh dháilcheantair, tháinig torthaí isteach a bhí níos dochreidte ná an ceann a tháinig roimhe.

Bhí stair á dhéanamh os comhair ár súl.  

Cinnte, bhí barúil ag daoine go n-éireodh go maith le páirtithe na heite clé ach baineadh geit as gach duine – Sinn Féin san áireamh – de réir mar a thosaigh na torthaí ag teacht isteach.

Ní amháin go raibh a cuid iarrthóirí ag teacht isteach ar líon an-ard chéad roghanna ach bhí na farasbairr a bhí acu ábhalmhór.

Ba léir maidin Dé Domhnaigh, 9ú Feabhra 2020, go raibh polaitíocht na hÉireann a hathrú ó bhun go barr.  

Ar ghairm Leo Varadkar an toghchán ag an am contráilte? Ní dóigh liom go raibh am ar bith ann a bheadh fóirsteanach don Taoiseach. 

Ar ghairm sé an toghchán seachtain roimh theacht isteach an chláir úir vótálaithe ar an 15 Feabhra ar a mbeadh glúin úr vótálaithe óga sin a thabharfadh tacaíocht do Shinn Féin?

Úps.

Tá gach duine ar aon intinn gur éirigh go maith le Leo Varadkar agus le Simon Coveney sna hidirbheartaíochtaí ar an Bhreatimeacht ach, mar a thug bean acadúil amháin, Maura Adshead, faoi deara, is iad na státseirbhísigh a dhéanann an chuid is mó den obair maidir le hidirbheartaíochtaí agus thig leis na polaiteoirí an moladh uilig a fháil mar gheall ar a ndea-obair.

Ba iad an córas sláinte (32%), cúrsaí tithíochta (26%) na ceisteanna ba mhó a bhí ag cur as don ghnáthÉireannach.

Ar a gcúl sin, bhí aois an phinsin, an t-athrú aeráide agus fostaíocht.

Níorbh é an Breatimeacht (1%) an chloch ba mhó ar phaidríní Éireannacha, rud nár thuig Fine Gael.

Maidir le Fianna Fáil, níor chuidigh an Comhaontú Muiníne agus Soláthair a bhí acu le Fine Gael leo. 

Bhí an dá pháirtí mar a bheadh cúpla ceangailte ann agus ní thiocfadh le vótálaithe difir a fheiceáil eatarthu.

Ba é an “plean” a bhí acu an fáinne fí seo de rialtais FF agus FG a choinneáil ag dul ná díspeagadh a dhéanamh ar Shinn Féin agus eagla a chur ar dhaoine. 

Labhair urlabhraithe de chuid “an dá pháirtí móra” níos mó ar na Sé Chontae ná mar a labhair siad faoi le cúig bliana roimhe.

Mar is gnách, roghnaigh siad íobartach amháin as an 3,700 a maraíodh le linn na coimhlinte ó thuaidh, Paul Quinn.

B’uafásach an t-anbhás a d’fhulaing an fear óg 13 bliana ó shin ach de réir an Independent Monitoring Commission, “there was no evidence that the (IRA) leadership orchestrated or had any knowledge of the killing” cé gur dhúírt iad fosta “We do believe that those involved ... included people who are members or former members, or have associations with members or former members, of the Provisional IRA.”

Ní dóigh liom gur chóir a rá gur vóta don IRA a bhí sa vóta ar shon Shinn Féin ó dheas. 

Ní raibh duine atá ina cónaí nó ina chónaí i bpuball nó ina luí ar thralaí in otharlann ag smaoineamh ar eachtraí, dá uafásaí iad, a tharla ó thuaidh 13 nó 40 bliain ó shin,  bhí siad ag iarraidh ar dhaoine cuidiú leo teach a fháil nó córas a dhearadh a chiallódh nach mbeadh daoine ag fáil bháis ar thralaithe otharlainne.

Thuig Mary Lou McDonald agus a chomhghleacaithe sin. Thart uirthi, bhí urlabhraithe den scoth, Piaras Ó Dochartaigh agus Eoin Ó Broinn ach go háirithe.

Ar ndóigh, ní raibh gach duine chomh céillí sin. 

“Up the Ra” arsa David Cullinane, TD úr i bPort Láirge, tráth a bhfuil gach duine ag iarraidh “athrú.” 

Bhí sé chomh míchuí le cuid de na meáin ag tabhairt “Naitsithe” ar Shinn Féin.

Sna seachtainí atá romhainn, beidh na trí pháirtithe móra ag iarraidh rialtas a chur le chéile - nó olltoghchán eile a ghairm.

Seo an t-am anois bheith ag smaoineamh ar an todhchaí. Déanfar mionscagadh ar pholasaithe FF, FG agus SF agus, mar is gnách, beidh boic mhóra as gach páirtí ag cur a bpolasaithe chun cinn.

De ghnáth, cluin muid go bhfuil Sinn Féin “economically illiterate.” An toghchán seo, táthar ag rá go bhfuil a bpleananna “ar mire” ach iontach go leor, tá tacaíocht á fháil acu ní amháin ó eagraíochta gnó agus baincéireachta.     

Chuir mé suim in cúpla abairt a dúirt Danny McCoy ó IBEC, cumann na bhfostóirí  agus gnó.

“Tá an earnáil poiblí róbheag do mhéid na hearnála príobháidí, agus sin rud aisteach d’Ibec a rá,” ar sé.

“An ganntanas dochtúirí, an ganntanas Gardaí, etc. Is féidir é a mhothú.

“Caitheann muid aontú go gcuirfear infheistíocht isteach sna fadhbanna a théann i bhfeidhm ar dhaoine gach lá, an tithíocht, mar shampla.”

Chuir eagraí toghchánaíochta David Cullinane, Michael Doyle, isteach ar dhaoine nuair a dúirt sé: “We broke the Free State and this country will never be the same again.”

Ba mhaith an rud sin má bhí sé ag tagairt d’Éirinn le céad bliain anuas – Éire na Scoileanna Saothair agus na Neachtlanna Maigdiléana; Éire na nEaspag uile-chumhachtach; Éire na cute hoors; Éire na n-aicmí; Éire na gclúdach donn agus Éire an tsiondróim Stockholm nuair a bhí Fianna Fáil nó Fine Gael i gcumhacht.

Tá an cúigiú Poblacht bainte amach ag an Fhrainc – an bhfuil duine ar bith ag smaoineamh ar an 2ú Poblacht in Éirinn, ceann a thabharfadh tús áite do na daoine atá ina gcónaí sa tír, na hÉireannaigh nua ina measc, beag beann ar aicme.

Agus níor labhair mé ar athaontú na tíre. Sin ceist do lá eile.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 to get full access

Categories

Irish language