Irish-Language

Na dúshláin bonneagair is mó atá roimh Nichola Mallon ina post úr

<b>ELECTRIC LADY: </b>Thaistil an tAire &uacute;r Bonneagair, Nichola Mallon, go Stormont i gcarr aibhl&eacute;is an tseachtain seo agus is &iacute; a bheas freagrach as cursa&iacute; taistil an Fheidhmeannas &oacute; thuaidh &ndash; an c&oacute;ras iarnr&oacute;id agus an Enterprise san &aacute;ireamh &ndash; agus beidh orthu bheith ag deile&aacute;il leis an ch&oacute;ras seanaimseartha s&eacute;arachais at&aacute; againn &nbsp;
ELECTRIC LADY: Thaistil an tAire úr Bonneagair, Nichola Mallon, go Stormont i gcarr aibhléis an tseachtain seo agus is í a bheas freagrach as cursaí taistil an Fheidhmeannas ó thuaidh – an córas iarnr ELECTRIC LADY: Thaistil an tAire úr Bonneagair, Nichola Mallon, go Stormont i gcarr aibhléis an tseachtain seo agus is í a bheas freagrach as cursaí taistil an Fheidhmeannas ó thuaidh – an córas iarnróid agus an Enterprise san áireamh – agus beidh orthu bheith ag deileáil leis an chóras seanaimseartha séarachais atá againn  

BHÍ MÉ ag éisteacht le Good Morning Ulster maidin inné agus bhí sé ar cheann de na cláracha ba shuimiúla dar chuala mé le fada.

An tseachtain seo, beidh an clár ag iniúchadh na “ndúshlán” atá roimh na hairí úra atá ag feidhmiú i Stormont i ndiaidh an tsosa trí bliana a bhí acu.

Ba é an bonneagar nó an t-infreastruchtúr sna Sé Chontae an chéad ábhar chaibidil a bhí ag Noel Thompson agus Karen Patterson agus os a gcomhair, bhí saineolaithe a raibh fios a ngnoithe acu agus a chuir síos go glé glinn ar na fadhbanna atá le réiteach go práinneach nó go fadtéarmach.

Ansin chuir na láithreoirí na pointí sin faoi bhráid an aire úir, Nichola Mallon an SDLP.

D’fhoghlaim mé cuid mhór ón chlár.

Thosaigh Seamus Leheny ó Chumann Iompair Lastais (the Freight Transport Association) ag caint ar bhóithre, go hairithe an 

A5 a cheanglóidh Doire Colmcille go Baile Átha Cliath fríd Achadh na Cloiche.

Cosnóidh an bóthar seo £10billiún punt ach tá sé 10 mbliana ar cúl agus d;fhéadfadh cas cúirte é a chur siar arís.

Dúirt an tUasal Leheny go raibh staid na mbóthar anseo ó thuaidh níos measa ná na bóithre sa Bhreatain Mhór agus ó dheas.

Tá uasghrádú de dhíth fosta don A6 agus don A1.

Dúirt sé fosta go dtéann 70% de lastas a théann fríd Bhéal Feirste fríd Shráid Eabhrac agus go bhfuil leasuithe móra de dhíth ansin.

Ach bhí ceisteanna tábhachtacha eile faoi chúram Nichola Mallon ach ar scala i bhfad níos fadtéarmaí.

Is éigean cuimhneamh go mbeidh tionchar an-mhór ag na cinntí a dhéanann muid inniu ar na glúnta a thiocfaidh inár ndiaidh.

Caitheann muid a bheith ag tuar cá leis a mbeidh an saol cosúil i n 2040 agus ar aghaidh, in áiteanna mar Bhéal Feirste agus Doire agus Iúr Chinn Trá agus an Ómaigh agus bailte eile.

Ní dhéanfaidh an t-athrú aeráide neamhaird den tuaisceart mar sin, caitheann muid a bheith ag gníomhú lena torthaí a mhaolú. 

Dar le Karen McShane, níor caitheadh riamh a dóthain airgid ar an bhonneagar uisce sa tuaisceart agus tá an córas chomh holc sin inniu go bhfuil 99 oibreacha cóireála camrais (sewage treatment plants) nach bhfuil ag feidhmiú mar is ceart ó thuaidh.

Tá tionchar mór aige sin ar an tionsclaíocht - mar a dúradh: “No drains, no cranes” ach cosnóidh sé 

£1.7billiún leis na hoibreacha cóireála camrais a thabhairt ar ais go barr a maitheasa.

Mhol sé nach gcoinneodh muid an t-uisce ag rith sula mbíonn cithfholcadh againn nó sula níonn muid na soithigh.

Téann fearthainn, uisce stoirme (mar a chonaic muid le stoirm Bhreandáin) agus leá-uisce isteach sna hoibreacha ceanna chomh maith agus tá an-drochbhail orthu.

Tá ceisteanna eile a gcaithfidh muid aird a thabhairt air.

De réir an National Infrastructure Commission, faoi 2030, ba chóir go mbeadh gach gluaisteán a dhíoltar sa Riocht Aontaithe ag baint úsáid as aibhléis.

Is é an cheist atá ann ná cá bhfuil na luchtairí do na carrana seo? An bhfuil a fhios agat cá bhfuil an ceann is cóngaraí duitse?

Sin ráite, tá comhlachtaí móra ag obair ar charranna a oibríonn le hidrigin.

Maíonn Hyundai, mar shampla, go mbeidh na feithiclí seo saor ó astaíochtaí (emission-free), go nglacann sé cúig soicind le do charr a líonadh, go dtabharfadh “tanc lán” 600km thú agus go rachaidh sé ó 0 go 100km san uair i 9.2 soicind. 

Bíodh sin mar atá, nach bhfuil muid uilig ag tógáil na rothar a bhí againn amach as an gharáiste le go dtig linn féin cuidiú le timpeallacht ghlas a thógáil?

De réir na staitisticí oifigiúla, déantar 70% de gach turas a dhéantar ó thuaidh i gcarranna príobháideacha agus 66% acu seo do thurais níos lú ná 3 mhíle; déantar  5% de thurasanna ar iompair poiblí agus gan ach 1% ar rothar. Siúlann an chuid eile againn.

Tuigim go maith gurbh fhearr i bhfad nach dtabharfadh daoine a gcarranna leo gach ait a dtéann siad ach má tá tú ag siopadóireacht i lár na cathrach, ní bheifeá ag iarraidh earraí móra troma a iompar thart leat, nó iad a chur ar do rothar (ró-chontúirteach) nó a iompar chuig stad an bhus agus b’fhéidir nach mbeadh stad bus in aice le do theach.vMar sin de, ní thiocfaidh deireadh le ré na gcarranna le mo linn-se.

Ach d’aontóinn le Anne Madden ó Sustrans nuair a dúirt sí gur choir go mbeadh córas iompair phoiblí níos fearr i gceantracha tuaithe, go raibh níos mó féar-bhealaigh (greenways) ag teastáil agus gur choir go mbeadh straitéis fhadtéarmach curtha le chéile chomh luath agus is féidir.

Bhí gach aoi ar aon intinn gur chóir go mbeadh níos lú feithiclí ar na bóithre.

Aithneoidh gach duine an faoiseamh atá ann nuair atá na scoileanna druidte.

Meastar go mbíonn laghdú an cúigiú cuid den ghnáth-thrácht ar na bóithre nuair atá na scoileanna druidte. 

Dar le comhfhreagraí eacnamaíochta BBC Thuaisceart Éireann, John Campbell, go mbeidh dhá chomhlacht ar na dreamanna is tábhachtaí maidir le roinnt an airgid a gheobhaidh an Roinn Bonneagair, NI Water agus Translink.

Tá ráite ag NI Water nach féidir leo dul chun cinn a dhéanamh go dtí go bhfuil an córas séarachais socraithe.

Cuid mhór de na píopaí a thugann an t-uisce ónár dtithe go dtí na hoibreacha cóireála camrais, rinneadh agus leagadh iad i ré Victoria agus cosnóidh an dúrud airgid leis sin a chur ina cheart.

Tá ráite ag Translink go bhfuil siad ag baint úsáid as airgeadh a bhí sábháilte acu le caitheamh ar an tseirbhís lá go lá a choinneáil ag dul.

Beidh siadsan ag iarraidh tuilleadh airgid leis an dara babhta den Glider a chur sa tsiúl.

Agus cad é faoin iarnród? Meastar go gcosnódh sé £630m leis an líne ó Bhéal Feirste go Baile Átha Cliath a leictriú.

Cuid mhór airgid ach an ndéanfadh an infheistíocht na Sé Chontae níos éifeachtaí?

Tá sésin uilig faoi Státchiste na Breataine agusan t-Aire Nichola Mallon. Caithfidh mé a rá nach bhfuil mé in éad léi, tá obair mhór chasta roimpi.

Tá mé ag dúil go mór leis an chéad Good Morning Ulster eile.