Irish-Language

Ní aithnítear tábhacht na Gaeilge don duine aonair agus don tsochaí

<b>TACA&Iacute;OCHT CHRO&Iacute;&Uacute;IL: </b>T&aacute; borradh dochreidte i ndiaidh teacht ar an phobal Ghaelach &oacute; thosaigh an t-&uacute;dar ag foghlaim Gaeilge i gCumann Chluain &Aacute;rd
TACAÍOCHT CHROÍÚIL: Tá borradh dochreidte i ndiaidh teacht ar an phobal Ghaelach ó thosaigh an t-údar ag foghlaim Gaeilge i gCumann Chluain Árd TACAÍOCHT CHROÍÚIL: Tá borradh dochreidte i ndiaidh teacht ar an phobal Ghaelach ó thosaigh an t-údar ag foghlaim Gaeilge i gCumann Chluain Árd

GO MEASARTHA MINIC, cuirim ceist orm féin cá háit a mbeinn inniu ach go bé gur shiúil mé isteach i gCumann Chluain Ard siar in 1969 le cúpla amhrán Gaeilge a fhoghlaim?

Cad é an obair a bheadh agam? Cé hiad na cairde a bheadh agam? Cad é na rudaí a mbeadh suim agam iontu?

Labhair m’athair rud beag Gaeilge sa chanúint aisteach sin a d’fhoghlaim daoine sna 1940í i gceantar beag darb ainm “an Gaoltacht” ar Bhóthar Chromghlinne.

Bhíodh an “Ár nAkar atá ar neamh” agus “Sé do vaka Mhuire” á rá againn ach fiú na frásaí beaga seo nár fhuaimníodh mar ba cheart, bhí siad ina chuidiú agam agus mé ag foghlaim Gaeilge ar an mheánscoil agus bhí mé rud beag chun cinn ar an daltaí eile.

Bhí suim riamh agam sa cheol – cé nach bhfuil acmhainn ar bith ceoil ionam –  agus an tráth sin, bhí Gael Linn ag cur amach ceirníní a d’imir an-tionchar ar an ghlúin sin de dhaoine óga a raibh suim acu sa Ghaeilge, ceol agus amhráin ar nós Báidín Fheilimidh (agus Nóra Bheag ar an taobh-B), Gleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair leis na Johnsons agus go leor eile.  

B’ansin a thosaigh mé ag dul chuig Cumann Chluain Ard i Sráid na Sceiche i mBéal Feirste agus b’ansin a bhí amhrán – agus buidéal stout! –  ag chóir a bheith gach duine! 

Thit mé faoi thionchar Albert Fry agus Mháirtín Mhic Grianna agus Gaeilge bhinn bheacht Rann na Feirste á teagasc sa chumann.

Ansin tháinig scata d’ógánaigh óga – bhuel, bhí siad cúpla bliain níos óige ná mé féin – agus corradh le daichead bliain níos maille, tá muid mór le chéile go fóill.

Sin bua amháin atá ag an Ghaeilge. Cruthaíonn sé bráithreachas i measc lucht a labhartha ach is bráithreachas é atá oscailte don uile dhuine. Yep, bíonn muid ag gearán faoina chéile ach fanann an dea-chaidreamh i gcónaí.

Is breá liom sin.

Cruthaíodh mé mar dhuine, mar sin, sa timpeallacht Ghaelach úd agus sna luachanna sin a bhí ag lucht na Gaeilge sa tréimhse sin anallód. Níl mé chomh cliste nó chomh cróga leo ach is eiseamláir iad don tsochaí chóir atá romhainn amach anseo.

Agus bua na Gaeilge agam, scríobh mé mo chéad alt ar an Irish News i 1984 le linn dom bheith ag obair sa Leabharlann Láir i mBéal Feirste agus uaidh sin, thosaigh mé ag scríobh do nuachtán Gaeilge na linne sin, Anois.

Diaidh ar ndiaidh, thosaigh stáisiúin raidió ag scairtigh orm, BBC Raidió Uladh agus Raidió na Gaeltachta, ag iarraidh agallaimh orm faoi chúrsaí polaitíochta an lae – an t-aighneas ag Droim Cria nó an chonspóid faoin díchoimisiúnú mar shampla.

Ansin, in 1999, fuair mé post lán-aimseartha ag an Irish News.

Léiríonn sé seo chomh tábhachtach is a bhí agus atá an Ghaeilge i mo shaol.

Ón chomhluadar Gaeilge sin a fuair mé na cairde is fearr atá agam; fuair mé post mar iriseoir cionn is go bhfuil Gaeilge agam (oh, agus tá mé iontach maith ina cheann fosta!) agus tá go leor de mo shaol sóisialta fréamhaithe sa chultúr Ghaelach – ceol traidisiúnta, na cluichí Gaelacha, Pop-Up Gaeltachtaí, srl. ach mar a dúirt mé, tá saol na Gaeilge iontach oscailte.

Anois, caithfidh mé rud a admháil. Maith dom, a Athair, mar gur pheacaigh mé ... tá mé an-tugtha don Bhéarla. 

Is maith liom an dóigh a chruthaítear focail agus frasaí úra inti ar bhonn laethúil, shílfeá, tweet cred, a shovel-ready project, Brangelina agus metrosexual ina measc.

Anuraidh, bhí mé ag coirmeacha clasaiceacha, acid-funk, sean-nós, traidisiúnta, snagcheoil agus tuilleadh seánraí eile nach bhfuil léamh, scríobh nó inse béil orthu.

Is breá liom an éagsúlacht.

Tá Béarla, Gaeilge, Fraincis (cé go bhfuil mé á cailleadh) agus Spáinnis agam.

Cuirim ceist go minic faoi na polaiteoirí atá in éadan na Gaeilge, an bhfuil duine ar bith ina measc a bhfuil an dara teanga aige nó aici? Albainis Uladh féin?

Is léir go bhfuil na hargóintí in éadan Acht Gaeilge bunaithe ar aineolas. Nár sheas aonduine acu taobh amuigh dá sócúlacht cultúir féin.

Is léir nach bhfuil eolas nó taighde déanta ag bunús na ndaoine a dtugtar colúin dóibh sa Belfast Newsletter le hionsaithe a dhéanamh ar an Ghaeilge.

Cuid acu ní féidir gan gáire a dhéanamh agus tú á léamh, cuid eile chuirfeadh siad fearg an domhain ort. 

Chuirfinn geall nach bhfuil an dara teanga ag duine ar bith de na tráchtairí seo nó ag an seachtar a sheas taobh amuigh de Chnoc an Anfa inné le léirsiú a dhéanamh in éadan Acht Gaeilge. 

Cad é mar is féidir le duine ar bith pobal na Gaeilge a thuigbheáil agus na huaillmhianta ceannródaíocha, dearfacha atá acu nuair nach bhfuil puinn eolais acu ar an teanga nó ar na daoine a labhraíonn í?

Sin an fáth gur scríobh mé na focail féin- bheathaisnéise thuas, le cur ina luí ar dhaoine gur rud luachmhar don duine aonair í an Ghaeilge (mise sa chás seo ach tá na mílte de mo mhacasamhail ann) agus gur rud dearfach do shochaí ar bith bheith dátheangach nó ilteangach féin.

Domsa, ciallaíonn an teanga lúcháir, féin-fhorbairt, cairdeas agus spreagadh ach is annamh a chluinfidh tú na buntáistí sin luaite ar na meáin mhóra. 

Más mian linn an todhchaí dhóchasach sin a fhíorú, caitheann muid gan ligin do pháirtithe polaitíochta de chúlra ar bith bac a chur ar chothrom na Féinne don Ghaeilge. 

Agus muid ag tarraingt ar thús dheich mbliana corracha na 2020idí, caitheann muid gach fuinneamh a chur san fheachtas an Ghaeilge a bheith aitheanta sa dlí mar theanga oifigiúil anseo. 

Má ghlactar an Ghaeilge mar theanga oifigiúil ó thuaidh, measaim go gcuirfidh sé tús le ré úr ina dtiocfaidh pobal na Gaeilge i mbláth, go mbeidh borradh faoin fhiontraíocht, faoi na healaíona, go saorfar sprid úr “na habair é, déan é” agus go mbeidh gach duine, is cuma cad é an cúlra atá acu, níos fearr as.

Reachtaíocht atá de dhíth agus í bunaithe ar an méid a gealladh roimhe seo; Acht Gaeilge neamhspleách a chinntíonn agus a éascaíonn cearta teanga do chách.