Irish language

Cad é a rinne na Caomhaithe riamh dúinne agus cad é a dhéanfaidh feasta?

BORIS JOHNSON: An féidir é go mbeidh an Príomh-Aire Johnson agus na Tóraithe níos báúla le cás na Gaeilge ná mar a bheadh Páirtí an Lucht Oibre thall?
Robert McMillen

CÉ GO RAIBH sé ina luí tinn tuirseach agus tréith lag ag slaghdán “a tháinig aníos as doimhneacht Ifrinn” bhí Séamus Mac Seáin in ann teachtaireacht dhóchasach a scríobh do Ghaeil a bhí meallta faoi thoradh an olltoghcháin.  

Mar is gnách, thug Séamus, duine de bhunaitheoirí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, cúiseanna do lucht na Gaeilge gan lagmhisneach i ndiaidh gur éirigh le páirtí Boris Johnson móramh mór a fháil ag Westminster.

“Tá cainteoirí Gaeilge ar buille gur chaill Corbyn agus Páirtí an Lucht Oibre agus is cinnte go raibh clár toghcháin ar fheabhas acu a dhéanfadh leas an lucht saothair ach cad is fiú clár maith munar féidir é a chur i bhfeidhm?” a d’fhiafraigh sé ar a leathanach facebook. 

“Ó thaobh na Gaeilge de is fiú meabhrú ar an am a chuaigh thart agus na Caomhaithe i gcumhacht abhus. 

“Ba iad a d’aithin an chéad bhunscoil lánGhaeilge sna Sé Chontae, cé gur shéan Páirtí an Lucht Oibre a bhí i gcumhacht rompu aitheantas ar an scoil chéanna. 

“Ba iad na Caomhaithe a d’aithin agus thug maoiniú do Mheánscoil Feirste agus a thug córas satailíte isteach le ligint do Ghaelscoil eile fás amach as Bunscoil Phobal Feirste – ainneoin nach raibh an critéir inmharthana sroiste acu. 

“Ba iad fosta a bhí ar thús cadhnaíochta ag tacú leis an Ghàidhilg in Albain. 

Ach ní fan de chuid Boris Johnson é Séamus. 

 “Ainneoin gur búr gan béasaí é Johnson, sílim gur mó an seans go bhfaighfí tuiscint ar an Ghaeilge uaidh ná a bhfaighfí ó Corbyn agus a chomrádaithe choíche “I bhfad siar, ba rialtas de chuid an Lucht Oibre a bhí i gcumhacht le linn ceann de na tréimhsí a ba dhanartha ar mhuintir na Sé Cho. agus Tony Benn (cara mór na heite clé in Éirinn) ina bhall de.

“Ní mar a shíltear a bhítear!!

“Agus an DUP leonta agus gonta, is mó seans ná riamh buntáiste na Gaeilge a cur chun tosaigh agus go mbeidh cluas le héisteacht ann,” a scríobh Séamus.

Ar ndóigh is é is fearr fios nó bhí baint aige féin le gach mír acu ina am féin.

Ar ais go hIfreann leis an slaghdán damanta sin!

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 to get full access

Topics

Categories

Irish language