Irish-Language

Ceol go buan, gan bhuairt, gan ghruaim fá Ghleanntáin Ghlasa Ghaoth Dobhair

<b>CEOL FAOI SC&Aacute;TH NA hEARGAILE: </b>Beidh scoth an cheoil thraidisi&uacute;nta le cluinstin le linn Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair agus gr&uacute;pa&iacute; ar n&oacute;s Dervish (<i>thuas</i>) agus Fidil ag glacadh p&aacute;irte sna coirmeacha m&oacute;ra i ndiaidh na Nollag &nbsp;
CEOL FAOI SCÁTH NA hEARGAILE: Beidh scoth an cheoil thraidisiúnta le cluinstin le linn Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair agus grúpaí ar nós Dervish (thuas) agus Fidil ag glacadh páirte sna coirmeacha m CEOL FAOI SCÁTH NA hEARGAILE: Beidh scoth an cheoil thraidisiúnta le cluinstin le linn Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair agus grúpaí ar nós Dervish (thuas) agus Fidil ag glacadh páirte sna coirmeacha móra i ndiaidh na Nollag  

Tá sé ina íomhá fadbhunaithe, ceoltóirí agus/nó bailitheoirí ceoil agus amhrán ag taistil ar bhóithríní na tuaithe le dul a fhad le sean-fhidléir nó le hamhránaí nó le boscadóir a roinnfeadh a gcuid fonn agus amhrán leis nó léi.

Inniu, tá sé i bhfad níos éasca teacht ar shaibhreas cheoil agus amhránaíochta na tíre agus tá sé sin fíor go háirithe i gcas Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair.

I 1968 a chuaigh mé ann i gcéaduair, turas fada traenach ó Bhéal Feirste a fhad le Doire agus agus bus Lough Swilly ina dhiaidh sin ach glacann sé níos lú ná trí uair a chloig anois agus tú ag tiomáint.

Tá teacht mar sin ar an tsaibhreas ceoil a bheas le cluinstin le linn Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair a bheidh ar siúl idir an 27 Nollaig 2019 agus an 1 Eanáir 2020.

Arís eile, beidh idir cheol, amhránaíocht, ealaín, léachtaí, ceardlanna agus tuilleadh eile lena chois ar siúl sa cheantar álainn Gaeltachta seo. 

Toiseoidh an Scoil Gheimhridh ar an 27 Nollaig  le taispeántas ealaíne Barry Kerr, Ceol ón Cheo, sraith pictiúr atá bunaithe ar fhoclaí an fhidléara chlúitigh as Tír Chonaill, Johnny Doherty agus ar cheol agus ar thírdhreach chontae Dún na nGall. 

Beidh an taispeántas le feiceáil ón 7pm in An Gailearaí atá suite i nGnó-chlós an Údaráis i nGaoth Dobhair. 

Tá Scoil Gheimhridh Ghaoth Dobhair - Scoil Gheimhridh Frankie Kennedy mar a bhíodh air – ar cheann de bhuaic-ócáidí fhéilire an cheoil traidisiúnta in Éirinn, le daoine ag teacht ó chian agus ó chóngar chuig an cheantar speisialta seo. 

Mar a deir an t-amhrán: And then to see a welcome free, For travellers one and all, For your hearts are like your mountains, In the homes of Donegal.

Tá ceardlanna in uirlisí éagsúla traidisiúnta, san amhránaíocht agus sa damhsa eagraithe agus cuid de na ceoltóirí is mó meas á dteagasc, an cláirseoir clúiteach Síle Denvir agus fear na bpíob uilleann, Mick O’Brien ina measc.

I measc na dteagascóirí eile, beidh Mairéad Ní Mhaonaigh, Louise Mulcahy, Angelina Carberry, Dan Brouder, Diane Cannon, Tony O’Connell, Zoë Conway agus go leor eile. 

Beidh na ceardlanna seo a leanas ann: an fheadóg mhór, an fhidil, an píb uillinn, bodhrán, feadóg stáin, cruit, bainseó/maindilín, bosca cnaipí, damhsa agus amhránaíocht ar an sean-nós, consairtín, basúcaí/giotár. 

Beidh sraith coirmeacha ceoil ann chomh maith agus tá mé féin ag dúil go mór le Fidil a chluinstin, triúr fidléir Conallacha atá ar ais i mbun ceoil i ndiaidh bhriseadh 10 mbliana le dlúthdhiosca nua Decade

Tá mé ar bís fosta go bhfuil Julie Fowlis, Zoë Conway, John McIntyre agus Éamon Doorley ag teacht go Gaoth Dobhair le ceol agus amhráin  o albam úr s’acu Allt a sheinm. 

Tá sé go hiontach i gcónaí na cosúlachtaí agus na difríochtaí idir cultúr na hÉireann agus cultúr na hAlban a fheiceáil ar an aon ardán amháin agus tá an ceathrar seo i measc A-listers an dá chultúr. 

Beidh Cór Uladh le Dominic Mac Giolla Bhríde mar aíonna speisialta ar an oíche fosta. 

Máistrí ar an cheol traidisiúnta - Bríd Harper, Tony O’Connell, Paul Meehan agus Lisa Butler atá mar bhaill ar an ghrúpa Uaine sa tríú coirm ach is í cóisir na bliana úire buaicphointe na scoile gach bliain, agus beidh 

Halla CLG Ghaoth Dobhair sna Doirí Beaga ag cur thar maoil nuair a bheas Dervish chomh maith le haíonna speisialta ag cur clabhsúir leis an bhliain i nGleanntáin Ghlas’ Ghaoth Dobhair. 

Níos luaithe i mbliana, d’fhoilsigh siad The Great Irish Song Book, albam a fuair moladh thar na bearta! D’éirigh le Dervish gradam saoil a bhaint amach ag Gradaim Cheol Tíre an BBC i mbliana fosta.

Is ócáid speisialta do theaghlaigh é seo, molaimid do dhaoine ticéid a cheannacht roimh ré ar eagla go mbeadh sibh meallta ar an oíche mar ní bheidh ticéid ar fáil ar an doras. 

Pléifidh léacht na bliana seo Píobaireacht na mBan, 1800idí -1900idí’ á cur i láthair ar an cheoltóir Louise Mulcahy a bhfuil an-chuid taighde déanta aici ar an ábhar agus scéalta suimiúla aimsithe aici.

Ach is ócáid í an scoil gheimhridh don cheantar ar fad agus beidh ócáidí spraíúla ar siúl in ionaid éagsúla ar fud Ghaoth Dobhair – sa Phobalscoil, san Amharclann, i dTeach Hiúdaí Beag, agus i dTeach Jack. 

Tá ré na n-inneall gaile thart, tá cóistí againn in áit busanna agus scoth na mbóithre a fhad leis na Doirí Beaga (beagnach). Níl leithscéal ar bith agaibh!

:: Tá sonraí faoi na himeachtaí uilig ar fáil ar www.scoilgheimhridh.com, agus is féidir ticéid a cheannach ar an suíomh fosta. 

Chomh maith, is féidir glaoch a chur ar 00 353 74 956 0679.