Irish-Language

Éagsúlacht mhór sna cláracha a bheidh le cluinstin ar RTÉ Raidió na Gaeltachta an Nollaig seo

<b style=" font-family: Calibri, sans-serif;">&Aacute;R bP&Eacute;IRE:&nbsp;</b><span style=" font-family: Calibri, sans-serif;">Sa chl&aacute;r seo, labhra&iacute;onn D&oacute;nall Mac Ruair&iacute;&nbsp;le l&aacute;n&uacute;in as B&eacute;al Feirste a d&rsquo;uchtaigh beirt ph&aacute;iste, dearth&aacute;ir agus deirfi&uacute;r</span>&nbsp;
ÁR bPÉIRE: Sa chlár seo, labhraíonn Dónall Mac Ruairí le lánúin as Béal Feirste a d ÁR bPÉIRE: Sa chlár seo, labhraíonn Dónall Mac Ruairí le lánúin as Béal Feirste a d’uchtaigh beirt pháiste, deartháir agus deirfiúr 

Tosóidh sceideal na Nollag ar RTÉ Raidió na Gaeltachta ar oíche Nollag, agus idir sin agus 5 Eanáir beidh réimse leathan cláracha speisialta le cloisteáil ar an stáisiún.

Bráithre an Cheoil is teideal do dhá chlár faisnéise a chraolfar ar 26 agus 27 Nollaig ag 5.05 pm faoi na laochra ceoil Seán ‘ac Dhonncha, Seosamh Ó hÉanaí agus Séamus Ennis.  Rugadh an triúr acu i 1919, agus bhí siad ina ndlúthchairde, agus sna cláracha seo tabharfaidh Mac Dara Mac Donncha léargas pearsanta dúinn ar a saol agus a saothar.  

Ar 1 Eanáir ag 12.08 pm, beidh Mac Dara ar ais le hagallamh leis an Athair Uinseann ó Maidín faoina shaol sa chlár Maidíneach Chnoc Mheilearaí.  

Ornaíodh an tAthair Uinseann go dtí an Ord Cistéireach i 1949, agus tá sé ar dhuine de dheichniúr bráithre atá fágtha i mainistir Chnoc Mheilearaí anois.  

Cailleadh Aodh Ó Domhnaill, scríbhneoir, cumadóir amhrán, file agus drámadóir, ar 24 Eanáir 2018 in aois a 70 bliain.  Dé Sathairn 28 Nollaig ag 10 am, déanfaidh an clár faisnéise Aodh Ó Domhnaill – Liriceoir, Drámadóir, File ceiliúradh ar a shaol, le taifeadtaí cartlainne leis féin, chomh maith le cairde agus comhghleacaithe leis.  Is é Colm Mac Séalaigh a chuirfidh an clár i láthair. 



Cuirfear tús leis an tsraith Saol agus Saothar Deichniúr Údar Gaeilge, le Máiréad Uí Dhomhnaill, ar 26 Nollaig ag 1.30 pm, a dhéanfaidh cur síos agus plé ar shaol agus ar shaothar dheichniúr scríbhneoir Gaeilge atá anois ar shlí na fírinne, ina measc Breandán Ó hEithir, Mairéad Ní Ghráda agus Seosamh Mac Grianna.  Beidh an tsraith Canúintí le Rossa Ó Snodaigh ag tosú an lá céanna ag 6.30 pm.  Chuaigh Rossa chun cainte le daltaí Gaelscoile i gcontaetha Shligigh, Dhún na nGall, Fhear Manach agus Liatroma don tsraith seo faoi chanúintí na bpáistí, agus an gaol atá acu, nó nach bhfuil, le canúintí dúchasacha na háite i mBéarla agus i nGaeilge.

Ar 3 Eanáir ag 11 am, cloisfidh muid an clár Ár bPéire le Dónall Mac Ruairí.  Don chlár seo, chuaigh Dónall chun cainte le lánúin a bhfuil cónaí orthu i mBéal Feirste, Áine Máire Uí Néill agus a fear céile Domhnall, faoi mar a d’uchtaigh siad beirt pháiste, buachaill agus cailín beag, ar deartháir agus deirfiúr iad ach nach raibh aithne acu ar a chéile.  

Beidh dhá heagrán speisialta den Saol ó Dheas le cloisteáil i sceideal na Nollag ar 26 agus 27 Nollaig i gcuimhne ar bheirt laochra móra ón gceantar.  

Ar Lá le Stiofáin, beidh taifead ón oíche chomórtha do Mhaidhc Dainín Ó Sé ag Féile Litríochta an Daingin le cloisteáil againn agus ar an Aoine, beifear ag tabhairt an t-amhránaí Seán de hÓra chun cuimhne, tríocha bliain ó cailleadh é. 

Ó thaobh coirmeacha de, beidh rogha mór ag éisteoirí mar is gnáth.  Beidh seirbhís charúl ann ó pháistí Scoil Sailearna in Indreabhán sa chlár Carúil na Nollag ar 24 Nollaig ag 5.05 pm.  

Reáchtáil Caitlín Ní Chualáin, craoltóir agus amhránaí cónaitheach sean-nóis le hIonad an Léinn Éireannaigh in Ollscoil na hÉireann Gaillimh, coirm i Séipéal Bhearna roimh Nollaig ar mhaithe le Cumann Shíomóin, Coinneal na Nollag, Fáilte agus Dóchas.  

Bhí Cór Chois Fharraige, Cór Phobal Shíomóin, Pól Ó Ceannabháin, Lillis Ó Laoire agus Odí Ní Chéilleachair ar chuid acu siúd a bhí páirteach, agus beidh an choirm le cloisteáil Lá Nollag ag 5 pm.  

Beidh deis eile ag éisteoirí an choirm mhór Sruth na Maoile @ 25 ó amharclann Glór in Inis a chloisteáil ar 30 Nollaig ag 7 pm.  

Rinne an choirm ceiliúradh ar 25 bliain den chlár raidió Sruth na Maoile le Seán Éinniú agus Mairi Anna Nic Ualraig, agus bhí Karen Matheson, Séamus Begley agus Moya Brennan ar chuid acu siúd a bhí páirteach.  

Beidh na ceoltóirí óga a bhí ar stáitse sa Cheoláras Náisiúnta do Siansa Gael Linn le cloisteáil ar 26 Nollaig ag 7 pm nuair a chraolfar an ceolchoirm sin an athuair.  

Beidh eagráin speisialta den chlár Ceol Binn ó na Beanna ag Neansaí Ní Choisdealbha dúinn le linn séasúr na Nollag, agus coirmeacha aici dúinn ó Éigse an Spidéil, Return to Camden Town, Scoil Samhraidh Willie Clancy, agus go leor eile.  

Agus beidh coirm an Oireachtais i Leitir Móir, Ón Citywest go Leitir Móir, agus an chuid is fearr de chraoladh an Raidió ón Oireachtas le cloisteáil freisin ag an Nollaig.

Maidir le cúrsaí spóirt, ar 28 agus 29 Nollaig ar Spórt an tSathairn agus Spórt an Lae, beidh painéal ag caitheamh súil siar agus súil chun cinn ar chúrsaí peile (Dé Sathairn) agus ar chúrsaí iománaíochta (Dé Domhnaigh).   

Ar 27 Nollaig ag 2 pm, beidh clár speisialta ag Cárthach Bán Breathnach , Na Dubs, faoi éacht stairiúil fhoireann peile Bhaile Átha Cliath, a thug leo cúig chraobh na hÉireann i ndiaidh a chéile. 

Tá sé os cionn leathchéad bliain ó dúnadh an bunscoil ar Oileán Ghabhla, rud a chuir dlús le bánú an oileáin.  

Sa chlár Slán le Gabhla ar 30 Nollaig ag 11 am, déanfaidh Áine Ní Bhreisleáin cuid de na scéalta a craoladh san am a chuaigh thart ó mhuintir an oileáin a chuir i  láthair an phobail arís ó chartlann Dhoirí Beaga. 

Agus beidh Sinéad, Áine agus Siún ar ais le heagrán speisialta deireadh bliana den phodchraoladh Beo ar Éigean ar 28 Nollaig ag 11.08 am.  Beidh drámaíocht ó pheann Ghabriel Rosenstock, Chathail Póirtéir agus Rossa Uí Shnodaigh i sceideal na Nollag freisin.   

Níl ansin ach blaiseadh de chraoladh na Nollag, agus tá breis eolais le fáil ag www.rte.ie/rnag