Irish language

Cibé toradh a bheas ar an toghchán seo, tá tréimhse chorrach romhainn

ÁBHAR PRÍOMHAIRE?: Jeremy Corbyn (ar chlé) agus Boris Johnson i mbun díospóireachta ar an BBC agus an bheirt acu ag maíomh gurb eisean an duine is fearr leis an Bhreatain a threorú fríd uiscí corracha an Bhreatimeachta 
Robert McMillen

Bhí mé ar Seacht Lá ar TG4 aréir ag caint ar an toghcháin atá romhainn agus thaitin an plé idir na haíonna i stiúideonna Raidió Fáilte go mór liom fosta. 

Sin ráite, níl ach méid áirithe a dtig leat a rá taobh istigh d’agallamh ghairid agus ba mhaith liom cur leis sin anseo.

Is dóigh liom gur thuig muintir Remain na deacrachtaí a d’eascródh as an Bhreatimeacht ná lucht Leave.

Bhí na hargóintí a bhí ag lucht fágála caolaithe go dtí mana simplí amháin a bhí go hiomlán leamh agus gan chéill - Brexit means Brexit.

Ní raibh aon mhíniú ag teastáil. Ach ar chiallaigh Brexit Canada, Norway+, a red, white and blue Brexit. EFTA? WTO? Brexit crua nó Brexit bog? Cé aige a raibh a fhios? Cé aige a bhfuil a fhios?

Beidh toghchán againn amárach cionn is nár thuig lucht Leave cad é a bhí i gceist leis an Bhreatimeacht agus nuair nár ghlac parlaimint Westminster le socrú Phríomh-Aire na linne sin, Theresa May, b’éigean dí éirí as a phost.

D’éirigh leis an Phríomh-Aire úr, Boris Johnson, socrú úr a dhéanamh leis an Aontas Eorpach – a bhí ní ba mheasa i súile na nAontachtach ná comhshocrú May – ach, dalta May, theip ar Boris Johnson tacaíocht a fháil ó Pharlaimint Westminster don chomhshocrú a rinne seisean leis an Aontas Eorpach.

Leis sin a leigheas, d’iarr Johnson cead olltoghchán a ghairm – b’éigean dó trí iarracht a dhéanamh –  ag súil go gcuirfeadh sé leis an mhóramh atá ag na Tóraithe i dTeach na dTeachtaí, rud a bhéarfadh na hacmhainní dó, an Breatimeacht a chur i gcrích.

Ach go minic, ní mar a shíltear a bhítear agus b’fhéidir go ndearna Bo-Jo meancóg mór.

Tá feachtas nach bhfacthas riamh roimhe ar siúl ina bhfuil na Libdems agus Páirtí an Lucht Oibre ag beartú úsáid a bhaint as an vótaíocht bheartach (tactical voting) i Sasana gur féidir gur lú na suíocháin a bheas ag lucht an Bhreatimeachta thall. Ach, táthar á thuar seo, mar a deir siad faoin dara pósadh, “more in hope than expectation.”

Ó thuaidh, tá an toghchán ag tarlú tráth a bhfuil an feidhmeannas ag Stormont ar scor le corradh agus trí bliana agus an stát á rialú ag an Státseirbhís.

Tá an pholaitíocht agus an geilleagar marbhánta ó thuaidh ach tá daoine anois ag bogadh i dtreonna nach samhlófá cúig bliana ó shin.

Chonaic muid a thús seo sa vóta a fuair Naomi Long i dtoghchán na hEorpa i mbliana nuair a thug vótálaithe ón dá thraidisiún a vótaí “ar iasacht” do cheannaire Pháirtí an Alliance, gníomh a chuidigh léi suíochán a fháil sa Bhruiséil.

Ba é Páirtí Aontachtach Uladh a bhí thíos leis na bheartas sin.  

Léiríonn sé seo go bhfuil tionchar mór á imirt ag an Bhreatimeacht ar phatrúin thraidisiúnta vótála na Sé Chontae, go bhfuil náisiúnaithe “bhoga” sásta vóta a thabhairt do pháirtí aontachtach – ainneoin a bhféin-ainmniú (despite their self-designation).  

Bhí comhaontaithe polaitiúla ann roimhe – le náisiúnaíoch nó le haontachtach a choinneáil amuigh – ach an iarraidh seo, tá an deighilt idir lucht Remain agus Lucht Leave.

Sin forbairt mhór i bpolaitíocht na Sé Chontae ach sin ráite, tá an cheist bhunreachtúil fite fuaite sa Bhreatimeacht (mar atá i gcás na hAlban fosta) agus ní imeoidh na coimhlintí cultúir agus féiniúlachta le bodhranacht an lae.

I dtoghchán na seachtaine seo, tá sé feicthe againn cheana féin an dóigh a bhfuil páirtithe atá in éadan an Bhreatimeachta ag seasamh siar le deis níos fearr a thabhairt do pháirtithe eile an DUP a ruaigeadh as suas go dtí ceithre dháilcheantar.

Mar shampla, sheas Sinn Féin siar i ndeisceart agus in oirthear Bhéal Feirste agus i dtuaisceart an Dúin le deis níos fearr a thabhairt do Claire Hanna, do Naomi Long agus do Stephen Farry faoi seach agus tá an SDLP ag tarraingt siar i dtuaisceart Bhéal Feirste le deis níos fearr a thabhairt do John Finucane ó Shinn Féin in éadan Nigel Dodds i gceann de na coimhlintí is géire ó thuaidh.

Ar ndóigh, sheas an UUP siar le buntáiste a thabhairt do Dodds – i ndiaidh bhagairtí ón UDA, a mhaítear agus mar chúiteamh, níl an DUP ag tabhairt dúshláin an UUP i bhFear Manach/Tír Eoghain Theas.

Tá gné amháin eile nár chuala mé mórán iomrá air, is é sin go bhfuil 50,000 duine úr curtha leis an chlár toghthóirí don toghchán seo.

Meastar go gcuideoidh sé seo leis na páirtithe náisiúnaíocha/frithBhreatimeachta - cionn is gur náisiúnaithe is mó a bhí ar iarraidh ón liosta deireanach.

Ní fios an mairfidh an t-athrú meoin seo i gcuid de na vótálaithe nuair a bheas toghchán don Tionóil ann an bhliain seo chugainn, mar atá tuartha.

Tá cúrsaí chomh holc sin i ngach seirbhís phoiblí anseo ó thuaidh go mbeidh ar pholaiteoirí a n-aghaidh a thabhairt ar an iliomad géarchéim atá ag dul in olcas lá i ndiaidh lae agus iad in Stormont, an bhliain seo chugainn de réir tuairiscí.

Faoi láthair is é an géarchéim sa chóras sláinte an rud is mó atá ag cur imní ar dhaoine.

I gcúrsaí sláinte, tá beagnach 308,000 duine ag fanacht le speisialtóir a fheiceáil agus 133,000 duine ag fanacht ar chóir leighis.

Tá líon na ndaoine at in “housing stress” méadaithe le 20% ó bhí 2014 ann. Is éigean níos mó tithe a thógáil.

Agus an déine chomh crua is a bhí sé riamh, tá daoine ar ghnách leo a gcuid cíos a íoc gach mí ag dul i bhfiacha. 

An mhí seo, thit gníomhaíocht ghnó nó business activity níos géire ná mar a thit sé le seacht mbliana anuas. 

Mar gheall ar an mhí chinnteacht a bhaineann leis an Bhreatimeacht, féidir le gnónna pleanáil chun cinn ar bith a dhéanamh.

Tá géarchéim airgid sa chóras oideachas i ngach réimse ach go háirithe maidir le líon na bpáistí a bhfuil riachtanais speisialta acu, líon atá ag méadú i rith an ama.

Tá géarghá le riarachán ceart ag Stormont ach ar ndóigh, beidh sé sin ag brath ar an bhloc-dheontas a fhaigheann an tuaisceart ó Westminster. Sin an fáth go bhfuil torthaí an toghcháin thall chomh tábhachtach sin do mhuintir na Sé Chontae. 

An scaoilfidh rialtas úr go leor airgid le fadhbanna an tuaiscirt a réiteach? Cibe, tá tréimhse chorrach romhainn.  

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Topics

Categories

Irish language