Irish language

Scannán atá ina chuireadh dúinn sult a bhaint as na rudaí coitianta sa tsaol

AISTEOIRÍ NEAMHCHOITIANTA: Tá Liam Neeson agus Lesley Manville ar dóigh sna rólanna a imríonn siad in Ordinary Love, scannán ar scríobh Owen McCafferty an script dó agus a bheidh le feiceáil i bpictiúrlanna ón tseachtain seo ar aghaidh 
Robert McMillen

NÍ THARLAÍONN mórán in An Ordinary Love ach tá an scannán ag cur thar maoil le gaiscíocht an tsaoil laethúil, ag léiriú an doimhneachta atá taobh thiar dár ngnáthghníomhaíochtaí.

Is í an ailse chíche a osclaíonn eipiciúlacht an ghnáthdhuine in Tom (Liam Neeson) agus in Joan (Lesley Manville), seanlánúin socraithe ina suí go te go dtí go mothaíonn Joan rud éigean mícheart ina cíoch. 

Deir Tom léi go mbeidh gach rud i gceart - cad é chomh gus a dúirt muid uilig sin le duine a bhí tinn ní a raibh imní orthu? Cad chuige a gcaitheann muid uilig a bheith dearfach an t-am ar fad?

Téann Joan agus Tom chun an dochtúir agus tá seisean dearfach chomh maith.

Seans mór nach bhfuil ann ach cist, dar leis.

Tá foireann na hotharlainne chomh héiginnte céanna – ar scala 1-5, tá Joan ag a 3, seans 60% go bhfuil ailse uirthi. Rud amháin atá cinnte - beidh uirthi dul faoi scian.

“Tiocfaidh muid fríd seo le cheile,” arsa Tom léi.

Tá Joan cinnte go bhfuil an cnap na cíoch ailseach agus ar an drochuair, dearbhaíonn na dochtúir go bhfuil an ceart aici.

Ce go bhfuil eagla uirthi, deir sí gur maith an rud é nach bhfuil a hiníon Debbie beo go fóill agus nach bhfeicfeadh sí a máthair breoite.  

Téann Tom chuig uaigh Debbie, agus labhraíonn sé léi faoin ailse atá ar a máthair.

Admhaíonn sé go bhfuil eagla air féin faoina bhfuil i ndán do Joan agus nach leanfaidh an saol ar aghaidh mar a bhíodh. Tugann an racht seo faoiseamh dó, ag ligin do rudaí a rá le hiníon ata marbh níos fusa na iad a rá le duine ata beo.

An ndéan muid uilig é, ag caint le gaolta cois uaigh? 

I ndiaidh na hobráide, míníonn an máinlia go raibh an ailse níos forleithne na mar a shíl siad.

Caitheann sí scanadh cnámh a fhail agus MRI na dhiaidh sin.

Ar íorónaí an tsaoil, bíonn Joan ag iarraidh fanacht suaimhneach, tá Tom ag imeacht as a chrann cumhachta.

I ndiaidh an MRI, deirtear leis an lánúin go bhfuil Joan “saor ó ailse” cé go gcaitheann sí dul fríd sheisiúin ceimiteiripe.

Ní thuigeann Tom cad é mar is féidir bheith “saor ó ailse” agus ceimiteiripe de dhíth ag an am céanna (rud nár thuig mé féin, caithfidh mé a admháil).

Agus í sa bharda ceimiteiripe, buaileann Joan le Peter, iarmhúinteoir de chuid Debbie.

Tá ailse ar Peter nach féidir a leigheas.

Ansin, feiceann muid ceann de na radharcanna is áille/brónaí sa scannán.

Agus í sa seomra leapa, tugann Joan faoi deara go bhfuil a cuid gruaige ag titim amach ina ndornáin. 

Bearrann Tom cuid gruaige a mhná go grámhar ach le tréan grinn chomh maith.

Ach ní fada go dtosaíonn na hargóintí suaracha arís – cén pianmhúcháin ar cheart do Joan glacadh. Tá teannas san aer. 

Níos faide anonn, i ndiaidh i bualadh le Peter arís san otharlann, deir sé léi go bhfuil sé ag smaoineamh ar dheireadh a chur lena chóir leighis ach go bhfuil a crá croí ar a pháirtnéir déileáil leis.

Creideann Joan gur ag an duine atá ag fuilstin amháin atá an ceart deireadh a chur leis an phian; fágann tú an saol leat féin, is leatsa an cinneadh a leithéid a dhéanamh.

Ach le seisiún amháin ceimiteiripe a dhéanamh, briseann Joan síos – ní féidir le leanstan ar aghaidh ach spreagann Tom í le focail chineálta spreagúla, .

Cuireann Joan deireadh leis an chúrsa ceimiteiripe ach tá céim eile le dul - maisteachtóime dúbailte agus máinliacht athchruthaitheach.

I ndiaidh na maisteachtóime, tugann Peter cuairt ar Joan agus teann Tom chuig an caife, áit a mbuaileann sé le  Steve, páirtnéir Peter, agus tugann an bheirt tacaíocht mothúchán dá chéile.

Ar ais sa bharda, insíonn Peter do Joan gur chuir sé stop leis an chóir leighis agus nach bhfuil a dhath ar bith ar leith beartaithe dá laethanta deireanacha ar an tsaol seo.  

Ag an tórramh, tugann Steve adhmholadh mothúchánach.

Le linn an ama seo, smaoiníonn Tom ar chomh cóngarach is a bhí sé féin bheith ag déanamh an rud céanna ag tórramh Joan.

An Nollaig atá ann agus tá saol Tom agus Joan chomh beagnach chomh normálta is a bhí sé roimh thinneas Joan.

Tá pictiúr Steve ar an mhatal taobh le pictiúr Debbie.

Ba mhaith le Tom go mbeadh sé taobh leo ag an Nollaig agus tugann Joan faoi deara go bhfuil comhbhá úr in Tom i ndiaidh na bliana atá caite acu.

Nuair a fheiceann muid arís iad, tá an dís ar ais ag siúl taobh leis an mhótarbhealach mar a dhéanadh siad bliain roimhe. 

Gnáth-lá eile do ghnáth-lánúin.

::  Beidh Ordinary Love le feiceáil i bpictiúrlanna Moviehouse i mBéal Feirste ón Aoine seo (6 Nollaig) ar aghaidh.  

 

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language