Irish language

An bhfuil cothrom na Féinne a fháil ag Jeremy Corbyn sna meáin thall?

JEREMY CORBYN: Tá sé dochreidte an naimhdeas atá ag cuid de na meáin chumarsáide in éadan cheannaire Phairtí an Lucht Oibre. 
Robert McMillen

NÍ AMHARCAIM ar chláracha nuachta an BBC níos mó.

Ní thig liom. Tá barraíocht samplaí den leatrom ag teacht chun cinn le neamhaird a thabhairt orthu nó glacadh leis gur meancóga a bhí ann.

Nuair a fheicim aghaidh Laura Kuenssberg, feicim urlabhraí ar son an Pháirtí Choimeádaigh, í á treorú ag idé-eolaithe taobh istigh den pháirtí sin.

Ní thuigim cad chuige a bhfuil sí á dhéanamh - a claontacht pearsanta féin, a cúlra, a hidé-eolaíocht féin? 

Nó na bhfuil an oiread sin brú uirthi scéalta eisiacha a fháil go bhfuil sí ag cur amach scéalta atá sí a bhfáil ó Dominic Cummings, eminence grise an rialtais seo, scun scan.

Níor mhiste sin féin dá ndéanfadh sí iarracht cibé a bhíonn á mhaíomh ag Cummings i gcruinnithe faisnéise idir an bheirt a iniúchadh. Léann sí amach dearcadh Cummings mar a bheadh ráitis ón Oracal iontu.

Nach dtéann siad seo uilig in éadan gach ar fhoghlaim sí ar an chúrsa iriseoireachta a rinne sí i Meiriceá? 

Nach dtéann sé salach ar “leas an phobail” - go mbeadh an t-eolas atá á chraobhscaoileadh chomh beacht agus chomh neamhchlaonta agus ab fhéidir? 

Ach níl in Kuenssberg ar ndóigh ach roth beag in inneall mór, an BBC.

Dúirt fostaí de chuid an BBC liom go raibh eagla a craicinn ar an eagraíocht roimh olc a chur ar an rialtas coimeádach atá ann faoi láthair mar, dá mbuafadh na Tóraithe an toghchán atá ag teacht an tseachtain seo chugainn, go n-imreodh siad díoltas ar an chraoltóir mura raibh lán-tacaíochta léirithe dóibh. 

Seo an rud atá taobh thiar den chlaontacht in éadan Pháirtí an Lucht Oibre agus in éadan Jeremy Corbyn ach go háirithe.

Ach ní bhaineann sé leis an BBC amháin. Níor chuala mé rud chomh míofar leis an rud a dúirt an “tuairisceoir” Romilly Weeks a bhí amuigh le Corbyn agus é ag canbhásáil ag otharlann i Sasana.  

Ar sí: “He (Jeremy Corbyn) is showing no qualms about attempting to weaponise the NHS to his advantage.” 

Whaaaa?

Okay, seo dearcadh s’agamsa.

Coup d’état ata sa Bhreatimeacht. Tá sé ar cheann de na feiniméain atá mar sprioc ag lucht gnó ar fud na cruinne agus ag baill mór le rá ar an eite dheas ailtéarnach i Meiriceá,  leithéidí Steve Bannon.

Tá an ghluaiseacht seo agus na macasamhla a tháinig roimhe mar chuid d’fheachtas cumhacht a aistriú ó rialtais chuig baicle beag daoine – a bhfuil na billiúin punt nó dollar acu – agus a ndeisceabail.

Tá siad ag baint triail as réimse leathan seifteanna leis seo  chur i gcrích agus an rud a tharla agus atá ag tarlú i Meiriceá, tiocfaidh sé i mbláth sa Bhreatain fosta – mura gcuirfear stop leis.

Sin an fáth go bhfuil fórsaí coimeádacha go dubh in éadan Corbyn, fear arb é leas an phobail – an aicme oibre ach go háirithe – an chloch is mó ar a phaidrín.

Amharc ar an phreas sa Bhreatain. Is le billiúnaithe iad a bhformhór - Rupert Murdoch (The Times agus The S*n); na deartháracha Barclay (The Daily Telegraph agus The Spectator); Richard Desmond (The Daily Express, The Star) agus Lord Rothermere (The Daily Mail agus an nuachtán saor ar thug an DUP £435,000 dó, Metro.) 

Seo daoine a shaothróidh cuid mhór airgid má chuirtear an Breatimeacht i bhfeidhm agus a chaillfidh cuid mhór má thoghfar Jeremy Corbyn mar Phríomh-Aire.

Ní nach ionadh go mbíonn a bhfoilseacháin lán scéalta uafáis faoi cheannaire Pháirtí an Lucht Oibre - an fríth-Sheimíteachas an ceann is minice luaite, ar ndóigh.

Ach tá bunaíocht mhíleata na Breataine agus na seirbhísí rúnda go dubh in éadan Corbyn chomh maith. 

Léirigh foilseachán darb ainm Declassified, a fhoilsítear san Afraic Theas, go bhfuil oifigigh shinsearacha Airm, ar scor agus ar seirbhís, ag tabhairt scéalta do na meáin, ag maíomh gur bagairt do shlándáil na Breataine atá in Corbyn.

Tá 34 scéal aimsithe ag Declassified ina ndéan oifigigh mhíleata agus baill de na seirbhísí rúnda díspeagadh ar cheannaire reatha Pháirtí an Lucht Oibre.

Iontach go leor, an tseachtain seo, bhí mé ag breathnú ar an tsraith ar Netflix, The Crown, ina gcuirtear síos i gclár amháin ar na hiarrachtaí a rinne Cecil King, cathaoirleach an International Publishing Corporation (na meáin arís) coup d’état a chur sa tsiúl in éadan rialtas Lucht Oibre Harold Wilson sna 1960idí agus Lord Mountbatten, iar-shaighdiúr, a chur isteach ina áit.

Léiríonn sé go bhfuil a leithéid ag dul ar aghaidh sa tsaol réadúil ach nach bhfuil siad teoranta do leabhair John Le Carré.

De réir an taighde a rinne Declassified, bhí 440 alt i gceithre nuachtán - The Daily Telegraph, The Times, The Daily Mail agus The S*n – ó Mheán Fómhair 2015 a chuir síos ar Corbyn mar “a threat to national security.”

(Shíl siad an rud céanna faoi Wilson corradh le 50 bliain ó shin).

Tá daoine ag iarraidh go gcuirfí deireadh le míreanna “It Says in the Papers” ar an teilifís cionn is go bhfuil beagnach gach nuachtán i Sasana ar an eite dheas. Ní fhaigheann daoine ach taobh amháin den scéal le roghnú astu agus ní thiocfadh leis sin a bheith cothrom.

Rud eile, na daoine a iarrann na meáin orthu tráchtaireacht a dhéanamh ar chúrsaí polaitíochta, is den déantús céanna bunús acu.

Rinneadh taighde ar dhearcadh polaitíocht na ndaoine a bhí ag tráchtaireacht ar an chlár Daily Politics ar BBC. 

Fuarthas amach gur bunús mór de na daoine a bhí ar an chlár ar an eite dheas a bhí siad.

Stiúrthóir an chláir, Robbie Gibbs, Brexiteer láidir a bhí ann a bhog chuig 10 Downing Street le bheith mar Oifigeach Cumarsáide de chuid Theresa May.

An dtig leat duine amháin a lua a bhfuil clú na heite clé air ar thráchtairí uile an BBC? Nó ITV? Nó RTÉ féin.

An tuairimíocht atá ag teacht chugainn ó na meáin chumarsáide 24/7, tá sé aontaobhach, lochtach agus cuireann sé an daonlathas as a riocht. Is éigean é sin a chur ina cheart chomh luath agus is féidir.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 to get full access

Topics

Categories

Irish language