Irish language

Ceiliúradh ar a bhfuil bainte amach agus dóchas ina bhfuil le teacht

CULTURLANN MCADAM Ó FIAICH: Beidh croí na Ceathrún Gaeltachta lán spleodair nuair a bheas Fleadh Feirste ar siúl agus an sárghrúpa Dàimh ó Albain ag ceol ann anuas ar réimse leathan imeachtaí eile  
Robert McMillen

NACH MÉANAR do Ghaeil Bhéal Feirste go bhfuil féile spleodrach, siamsúil, pléisiúrtha acu le iad a tharraingt ó bhuarthaí shiopadóireacht na Nollag – ar feadh cúíg lá, ar scor ar bith.

Sea, tá Fleadh Feirste ar na gaobhair arís i mbliana agus gáire agus sult agus éigse na naoi bhféile a chuaigh roimhe athnuaite le linn fhleadh na bliana seo.

Tá sé fíor an méid atá á rá sa chlár, gur “fleadh faoi leith í Fleadh Feirste” cionn is go “léiríonn sí bunluachanna an phobail Ghaelaigh in iarthar na cathrach mar atá an chomhpháirtíocht, an chomhbhá agus an chomhghuaillíoch.”

Tá na buanna seo le sonrú sna himeachtaí atá beartaithe don 4-8 Nollaig, imeachtaí a léiríonn gur pobal ildánach agus ilchineálach é pobal na Gaeilge.

Fríd chomhoibriú idir an linn mhór tallainne seo, cuireadh clár imeachtaí le chéile “a thugann léargas ar phobal fuinniúil, uirbeach, Gaelach na Ceathrún Gaeltachta agus na gceantar máguaird.

Bliain suntasach í 2019 ar ndóigh cionn is go gceiliúrann sé 50 bliain ó bhunaigh grúpa daoine óga fadradharcacha Gaeltacht Bhóthar Seoighe, grúpa agus gníomh atá “ina síorspreagadh ag pobal Gaeilge na cathrach seo agus ag pobail níos faide i gcéin agus tá Fleadh Feirste na bliana seo go mór faoi anáil an phobail cheannródaíoch sin.”

Déanfar ceannródaithe Phobal Gaeilge Bhéal Feirste á cheiliúradh fríd na healaíona agus fríd an cheol.

Seolfaidh ArdMhéara Bhéal Feirste, John Finucane, an féasta i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an mheán-lae an Chéadaoin seo romhainn agus an oíche sin, ag toiseacht ar a 7pm, beidh Oíche Airneáil ar siúl ina mbeidh siamsaíocht den chéad scoth, idir  amhránaíocht, scéalaíocht agus cheol ó mhuintir Ghaelphobal Feirste lena n-áirítear Beirt Píobairí, Beirt Scéalaithe; Gearóid Mac Lochlainn; Milène Fegan; Edel Ní Churraoin, Kathryn Ní Mhaoláin, Méadhbh Nic Aindreasa agus go leor eile. 

Beidh fáilte roimh rannpháirtithe eile ar an oíche, mar sin beir leat uirlis, scéal nó eile.

Taobh amuigh de gheataí Choláiste Feirste ar an Aoine (6 Nollaig) seolfar an píosa ealaíne pobail: Bóthar Seoighe – 50 Bliain ag fás”. Déanann an píosa ealaíne seo comóradh ar an éacht stairiúil a rinne muintir Bhóthar Seoighe nuair a bhunaigh siad an chéad Ghaeltacht uirbeach 50 bliain ó shin, gníomh a spreag athbheochan na Gaeilge ní amháin i mBéal Feirste ach ar fud an oileáin.

Bíonn i gcónaí ráchairt ar thurais threoraithe agus beidh scaifte mór ag iarraidh freastal ar Claochlú Cultúir agus an Conradh: Turas Gaelach Phobal Feirste ar an Satharn, 7 Nollaig idir 11am agus 12.30pm.

Ag toiseacht agus ag críochnú ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich, téann an turas treoraithe timpeall Bhéal Feirste le hamharc ar stair fhada, shaibhir na Gaeilge sa chathair – agus tá sé saor in aisce!

Ar imeachtaí móra na féile gach bliain, bíonn Cothaigh: Léacht agus Dinnéar Bliantúil, cead isteach ar cuireadh amháin.

Reáchtálann Forbairt Feirste an léacht agus an dinnéar bliantúil seo le linn Fhleadh Feirste agus mórthéama na fiontraíochta agus na forbartha i lár an aonaigh. 

Rud nach dtuigeann gach duine ach le cúpla bliain anuas, tá scoth na bpríomhchainteoirí ard-phróifíle idirnáisiúnta tugtha chuig an Cheathrú Ghaeltachta ag Forbairt Feirste, rud a léiríonn an tsuim atá in infreastruchtúr na teanga in iarthar Bhéal Feirste.

Spreag na cainteoirí sin malartú fuinniúil smaointe, taithí agus ceachtanna a chuir go mór le múnlú

agus le treorú uaillmhianta mhuintir na Ceathrún Gaeltachta. 

“Is suntasach na deiseanna athghiniúna atá romhainn amach leis an chuid seo den chathair a chothú mar cheantar atá nua-aimseartha agus ina bhfuil saibhreas oidhreachta,” dar le Jake Mac Siacais, stiúrthóir Forbairt Feirste.

Ach, don iliomad duine a bhfuil aithne acu air Jake, tá i bhfad níos mó i gceist leis an ghníomhaí neamhghnách teanga seo.

Don chuid eile nach bhfuil aithne cheart acu air, beidh Jake ag seoladh a dhírbheathaisnéise, Ón Taobh Istigh, ina gcuireann sé síos ar a thaithí i ngluaiseacht na poblachta agus i ngluaiseacht na Gaeilge araon.

Is fada dáimh ag Gaeil na hÉireann le Gaeil na hAlban le chéile agus beidh an Ghàidhlig le cluinstin oíche Aoine (6 Nollaig ) nuair a bheas an grúpa Dàimh – as Loch Abar agus Eilean Sgítheanach – le cluinstin ar ardán na Cultúrlainne agus beidh an t-amhránaí iontach agus iardhalta Bhunscoil Phobal Feirste, Gráinne Holland le cluinstin in Áras Uí Chonghaile.

Ar ndóigh, ba é an grá a bhí ag bunaitheoirí Bhóthar Seoighe dá bpáistí a spreag iad le dul i mbun gnímh agus tá imeachtaí go leor ann don aos óg Gaelach.

Seán agus an Gas Pónaire geamaireacht na bliana seo in Amharclann, Cultúrlann McAdam Ó Fiaich agus is ann a bheidh Seó Nollag Aisling Óg, imeacht ina bhronnfar an gradam úr, Gradam Sheáin Mhic Sheáin, ar dhuine de na páistí.  

Cuairt ó Dhaidí na Nollag agus bíonn rírá agus ruaille buaille i gcónaí ann nuair a sheoltar leabhar de chuid Myra Zapf.

Ócáidí samhlaíocha a bhíonn i dtólamh sna seoltaí seo do pháistí de gach aois (mé féin san áireamh) agus is cinnte go mbeidh sé mar a gcéanna nuair a scaoileann Rita agus an Ninja, an 5ú leabhar i sraith iomráiteach Rita, i nDánlann Dillon, 

Is iad na daoine óga an todhchaí atá ag an phláinéad ach cad e an chrut ar bheas ar an domhan a fhágann muid dóibh, mar sin is fiú go mór freastal ar an togra timpeallachta agus oidhreachta, Faoi Scáth an tSléibhe, a sheolfar i nGael-Ionad Mhic Goill ar Bhóthar na Carraige Báine.

:: Tá gach eolas faoi Fhleadh Feirste le fáil ag www.culturlann.ie

 

 

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language