Irish language

Sue réidh le dul a bealach féin anois agus Ionad Uíbh Eachach faoi bhláth

SUE PENTEL: Tá na céadta páiste i ndaidh scoth an chúraim agus an oideachais agus an tsúgartha in Ionad Uíbh Eachach ó thosaigh Sue Pentel ag obair ann ach tá sí anois réidh le turas eile a thoiseacht ina saol. 
Robert McMillen

TÁ IONAD Uíbh Eachach i mbun earcaíochta do Phríomhoifigeach úr - yep, tá an fórsa beatha Sue Pentel ag bogadh ar aghaidh “chuig dúshláin úra” i ndiaidh í a bheith ina crann taca ag an ionad oideachais le corradh agus 30 bliain anuas.

Ionad teanga agus teaghlaigh atá in Ionad Uíbh Eachach, é suite gar do Chultúrlann McAdam Ó Fiaich sa Cheathrú Ghaeltachta in iarthar Bhéal Feirste.

Beidh a fhios ag cuid mhór daoine faoi na ranganna lae agus oíche do dhaoine óga agus do dhaoine fásta araon a tharraingíonn scaiftí móra chuig an ionad beagnach gach lá sa tseachtain.

Ach tá áit ar leith cruthaithe ag Ionad Uíbh Eachach dó féin i bhfeabhas na seirbhísí a chuireann siad ar fáil taobh amuigh den scoil - cúram lae, cumann iar-scoile agus mar sin de.

“D’oscail muid i 1990 agus tá mise ann o shin i leith, mar sin, shil mé gur seo an t-am dul i dtreo dúshláin nua,” arsa Sue.

Is iontach an fás agus an fhorbairt atá i ndiaidh teacht ar an Ionad ó na laethanta luatha sin 30 bliain ó shin mar a mhíníonn Sue.

“D’fhás Ionad Uíbh Eachach as an obair iontach a rinne tuismitheoirí agus bunadh na háite le Gaelscoil na bhFál a bhunú agus muidinne, mar thuismitheoirí, ag iarraidh áiseanna le Gaeilge a fhoghlaim, naíolann, agus ar ndóigh, bhí naíscoil againn agus de réir a chéile, d’oscail muid an cumann iar-scoile.

“Ach anuas ar áiseanna scoile, bhí an tIonad i gcónaí ag iarraidh riar do riachtanais mhuintir na háite agus na dtuismitheoirí.

“Is dócha gur fhás an tIonad as an bhrú a tháinig ó mhuintir na háite le haiseanna trí mheán na Gaeilge a fhorbairt.”

Mar thoradh ar an bhrú dearfach seo, osclaíodh ionad pobail Gaeilge ach is mian le Sue a chur in iúl go bhfuair sí féin agus an fhoireann ar fad tacaíocht láidir ó ghrúpaí pobail Béarla chomh maith.

“Is cuimhin liom nuair a osclaíodh Ionad na mBan, mar shampla, tháinig muid uilig le chéile agus caithfidh mé a rá go bhfuil borradh suntasach ar obair agus ar sheirbhísí an ionaid ó shin. 

“Anois, tá níos muid ag soláthar do níos mó ná 130 páiste i rith an lae, idir réamhscoil, tá muid ag obair le Tús Maith Ard na bhFeá/Beechmount Sure Start, ag reáchtáil an chláir dhá bhliana sin trí mheán na Gaeilge – níl ach sé cheann á dhéanamh seo sa tuaisceart; tá an cumann iar-scoile againn ina bhfuil 70 páiste; tá clár cuimsitheach cultúir agus teanga againn, ina bhfuil ranganna ar a mbíonn 120 duine ag freastal gach seachtain, turais threoraithe, dianchúrsaí.”

Phew! Agus níl an chéim is mó chun tosaigh riamh luaite ag Sue go fóill - Gael-chúram, togra a chuireann cúram lae do pháistí ar fáil trí mheán na Gaeilge. 

“Bunaíodh Gaelchúram in 2005 agus roimhe sin, ní raibh cúram lae Gaeilge ann i mBéal Feirste nó in áit ar bith eile sa tuaisceart,” arsa Sue.

“In ionad s’againne anois, tá freastal ag 120 páiste ar bhonn laethúil. Bhí muid ag iarraidh go mbeadh na haiseanna ceanna ag páistí Gaeilge is a bheadh ag paistí Béarla.

“Bhí sé an-tábhachtach againne fosta go mbeadh  caighdeán ard cúraim  i réim a bhí chomh maith le caighdeán ard an tumoideachais.

“Tá mé sásta a rá go bhfuil sé ina eiseamláir don rannóg ar fad anois é agus go bhfuil an cúram lae Gaeilge ag forbairt ar fud an tuaiscirt,” arsa Sue.

Ag éisteacht le Sue, rith sé liom chomh horganach is atá athbheochan na Gaeilge - go n-aithnítear riachtanais agus go ndéantar bearta le iad a shárú. 

Cuireann daoine cumasacha a bhfuil fís acu an síol, tugann pobal báúil tacaíocht, de réir a chéile, tosaíonn an pobal ag cur a n-ionchuir féin isteach, baintear leas as grúpaí san earnáil céanna agus bláthann an togra dá réir. 

Sin mar a bhí Ionad Uíbh Eachach agus anois, tá sé ag ofráil seirbhísí iomlánaíocha agus an chloch is mó ar a phaidrín ná leas an dhuine óig agus an phaiste.

Beidh duine cumasach eile ag taisteal le bróga Sue a líonadh.

“D’éirigh m’fhear céile as an obair sé bliana o shin agus tá sé ag fanacht liom i rith an ama,” arsa Sue ag gáire.

“Sílim go dteastaíonn ón jab duine atá fuinniúil agus óg, éifeachtach agus tiomanta don eagraíocht, duine a bhfuil fís agus tuiscint aige nó aici  leis an obair a bhrú ar aghaidh chuid an chead chéim eile,” ar sí.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 to get full access

Topics

Categories

Irish language