Irish-Language

Dráma 2,450 bliain d’aois a labhraíonn faoi stádas na mban sa lá atá inniu ann

<strong>MEDEA:</strong><b> </b>T&aacute; Tara Breathanch i r&oacute;l <i>Medea</i> agus Lochlainn &Oacute; Mear&aacute;in i r&oacute;l Jason i l&eacute;iri&uacute;ch&aacute;n Spl&oacute;dar de dhr&aacute;ma cumhachtach Euripides. N&iacute; amh&aacute;in go mbeidh aisteoireacht den scoth le feice&aacute;il i seit iontach ach beidh ceol agus damhsa ann chomh maith &nbsp; &nbsp;
MEDEA: Tá Tara Breathanch i ról Medea agus Lochlainn Ó Mearáin i ról Jason i léiriúchán Splódar de dhráma cumhachtach Euripides. Ní amháin g MEDEA: Tá Tara Breathanch i ról Medea agus Lochlainn Ó Mearáin i ról Jason i léiriúchán Splódar de dhráma cumhachtach Euripides. Ní amháin go mbeidh aisteoireacht den scoth le feiceáil i seit iontach ach beidh ceol agus damhsa ann chomh maith    

GINEANN  néarchealla comharthaí aibhléise a sheachadann eolas agus oibríonn an intinn nó an corp dá réir.

Ar bhealach, measaim go n-oibríonn na healaíona mar a gcéanna. 

Is iad na scríbhneoirí, na drámadóirí, na péintéirí, na ceoltóirí na néarchealla, a gcuid saothair na comharthaí aibhléise (nó teachtaireachtaí) a chuireann eolas (agus mothúcháin agus smaointe) chugainn agus tugann muidinne, an lucht féachana/éisteachta ár bhfreagairt pearsanta féin.

Mura n-oibríonn na néarchealla, ní oibreoidh an corp mar is ceart. Measaim féin nach n-oibreodh an sochaí mar ba cheart gan na healaíona.

Rud iontach fúthu ná go bhfuil na comharthaí ag teacht chugainn ó na mílte bliain ó shin, ag iarraidh orainn freagairt a thabhairt nó foghlaim uathu.

Sin an fáth go mbeidh mé ag Cultúrlann McAdam Ó Fiaich anocht agus an dráma Medea le Euripides ar an ardán ann.

Anois, tá siad ann a chuirfeadh an an cheist - “drámaíocht na seanGhréige. Cad é is fiú é in 2019?”

Tá freagair spéisiúil ag Proinsíos (nó Prin) Ó Duigneáin ar an cheist.

Tá Prin ina stiúrthóir ar an chompántas dátheangach drámaíochta, Splódar, i gcuideachta Lúcais Mhic Fhionnaile.

“Bhuel, go bunúsach, is dráma grá é faoi bhean a mharaíonn a beirt mhac ach an rud is mó faoi ná go bhfuil firinne ann ó thús go deireadh. Tá sé macánta, tá sé ionraic agus cé go mbaineann sé le bean a bhí an-bhrúidiúil ar fad a leithéid a dhéanamh, ní raibh aon scrupall aici, mar sin féin, tuigeann an lucht éisteachta gur bean uasal a bhí inti, dáiríre. Bhí sí dílis dá fear céile agus cheap sí go ndearna sé an-éagóir uirthi nuair a d’imigh sé le bean eile.    

Scríobhadh Medea 400 bliain roimh aimsir Chríost agus tá sé á léiriú i rith an ama, ach ní raibh an meas ceanna air ag an tús

“Bhí feis acu san an Aithin ag  raibh agus níor tháinig Medea ach sa tríú háit!” arsa Prin.

“Tá sé i bhfad níos clúití ná an dá cheann a tháinig chun tosaigh air.” ar sé.

“Leoga nuair a bhí na Sufraigéidí i mbun feachtasaíochta sna 1880idí, bhíodh sé de nós acu píosaí as Medea a léamh. Rinne siad sin i Sasana, ní chreidim go ndearnadh in Éirinn é agus tá sé sin ag tarlú arís anois. Tá an-chuid léirithe de Medea á dhéanamh anois agus gluaiseacht na bhfeimineach chun cinn arís na laethanta seo.”

Ni nach ionadh, ar ndóigh, mar tugann dráma Euripides aghaidh ar stádas na mban roimh aimsir Chríost – agus mar atá inniu?

“Euripides, a scríobh é, níorbh ionann é gus drámadóir eile,” dar le Prin.

“Thuig sé meon na mban agus an dóigh ar caitheadh leo agus thuig sé fosta ról an stáit, cineál left-winger a bhí ann agus bhí sé glan in aghaidh an chogaidh mar a fheiceann muid ina dhráma Mná na Traí nó The Trojan Women.

“Sin an fáth, creidim, go dtuigeann daoine sa lá ata inniu ann cad é bhí i gceist aige.”

Rinneadh aistriúcháin ar chlasaicigh na Sean-Ghréige go Gaeilge cheana, go príomha ag an mhoinsíneoir Pádraig de Brún sna fichidí agus sna tríochaidí agus aistríodh Medea cheana ach seo an chéad léiriú proifisiúnta den dráma riamh.

Ni nach ionadh mar sin go raibh Splódar in ann scoth na n-aisteoirí a mhealladh le páirt a ghlacadh ann, Tara Breathnach, a bhí in  ar an BBC le gairid ach go háirithe.

Bhí Tara i ról Anne Boleyn sa chlár faisnéise The Last Days of Anne Boleyn ar an BBC agus mar May Collingwood sa scannán A Nightingale Falling. 

Rud annamh eile faoin dráma seo ná go bhfuil sé dhuine déag páirteach ann, foireann an-mhór do dhráma Gaeilge.

Chomh maith le cliar ina bhfuil den scoth – Lochlainn Ó Mearáin i ról Jason agus Bríd Ní Chumhaill ó Ros na Rún ina measc – beidh damhsa clasaiceach leis an Michelle Bell School Dancing ar an ardán fosta á gcomóradh ag ceol nuachumtha le Ailie Blunnie.

:: Beidh Medea le Euripides le feiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich anocht, Céadaoin 6 Samhain ag a 7:00pm

Tá £12 nó £10 (lacáiste) mar tháille air.