Irish-Language

Leabhar a chuireann síos ar stair achrannach na nGael san Airgintín

<b>AN AIRGINT&Iacute;N &Eacute;IREANNACH: </b>Damhs&oacute;ir&iacute; &oacute;n Celtic Argentina School of Irish Dance ar an ard&aacute;n;<br />&nbsp;
AN AIRGINTÍN ÉIREANNACH: Damhsóirí ón Celtic Argentina School of Irish Dance ar an ardán;
 
AN AIRGINTÍN ÉIREANNACH: Damhsóirí ón Celtic Argentina School of Irish Dance ar an ardán;
 

BHÍ LÁ breithe “speisialta” agam cúig bliana ó shin agus chuir cara liom ceist orm cá hait a ba mhaith liom dhul.

Ar an toirt, arsa mise ‘An Airgintín.” Bhí mé i gcónaí ag iarraidh taisteal go Meiriceá Laidineach ó bhí mé óg. Bhí draíocht éigin ag baint leis, bhí mé ag foghlaim Spáinnise, bhí suim agam sna réabhlóidithe Bholaváracha a bhí ar siúl ar fud na mór-roinne, agus tháinig mé ar leabhar Gaeilge darb ainm Gaeil i dTír na Gauchos ar chuir mé spéis mhór ann.

Bhí a fhios agam gur laoch mór a bhí san Aimiréal William Brown, fear de bhunadh Bhéal Easa i gContae Mhaigh Eo, a throid in éadan na Spáinne agus na Breasaile ar son saoirse na hAirgintíne ach níor thuig mé go raibh scéal na nGael chomh tábhachtach sin.

Mar sin de, i mí an Mhárta 2014, away linn go Buenos Aires do thuras dodhearmadta ar phríomhchathair na hAirgintíne, go Mendoza, an ceantar clúiteach déanta fíona agus ar ais go BA, mar a thosaigh muid á thabhairt ar Buenos Aires.

ó tharla gur mí an Mhárta a bhí ann, bhí cuid mhór imeachta ag dul ar aghaidh ag déanamh ceiliúradh ar éarlamh na hÉireann, Naomh Pádraig.

Agus ar ámharaí an tsaoil, an teach ósta ina raibh muid ag fanacht, ba le fear as Béal Feirste é, Kieran Gilmore. Chuir Kieran Éireannaigh Buenos Aires in aithne dúinn agus ba léir nach ionann an diaspóra seo agus a macasamhail i dtíortha eile.

Bhí na hinimircigh seo mar chuid den uasaicme agus shíl mé go raibh sé an-suimiúil agus gur chóir dom staidéar a dhéanamh air.

Ach, ar ámharaí an tsaoil, bhuail mé fear as Béal Feirste a raibh aithne agam air, Patrick Speight.

Bhíodh Patrick ina eagarthóir ar chlár de chuid Raidió Uladh, Sunday Sequence ó 1990 go 1995, agus dúirt sé liom go raibh sé ag scríobh leabhair ar Éireannaigh na hAirgintíne.

Ar an dea-uair, tá an leabhar i ndiaidh teacht amach. Foilsithe ag Peter Lang, déanann Irish-Argentine Identity in an Age of Political Challenge and Change, 1875-1983 iniúchadh ar na cúinsí casta atá taobh thiar d’fhéiniúlacht na nÉireannach in Airgintín an lae inniu.

Tá an leabhar ag cur thar maoil le fíricí a chuirfidh iontas ort, le carachtair iontacha, Fr Fahy, Rodolfo Walsh, Fr Fred Richards mar shampla, agus an anailís ghlinn a mbeifeá ag dúil leis ó Speight.

Cruthaíonn sé íomhánna suntasacha de dhream daoine atá láidir agus forásach agus rachmasach ach a bhfuil nach beag den féin-amhras orthu.

Tá polaitíocht na féiniúlachta go láidir sa scéal seo agus go minic, tagann sé salach ar na prionsabal a cheanglaíonn daoine leis na hÉireannaigh – in éadan an údaráis, ar son an ghnáthmhuintire, dílis don eaglais.

Pléascann Speight na steiréitíopaí ina réamhrá agus é ag cur síos ar naoi gcaibidil a leabhair.

Dhiúltaigh na hÉireannaigh vótáil ar son Juan Perón i dtoghcháin uachtaránachta 1946 agus 1952.

Bhí Perón ag cur cearta na n-oibrithe agus athdháileadh maoine chun cinn, gnéithe nár thaitin leis na hÉireannaigh a raibh ag éirí leo mar gheall ar an dian-obair a rinne siad.

Níor leor tacaíocht na heaglaise do Perón le vótaí Éireannacha a mhealladh chuige.

I 1976, bhí siad i bhfách le fórsaí míleata na hAirgintíne nuair a cuir siad rialtas Isabel Martinez de Perón as cumhacht.

Bhí deachtóireacht i réim san Airgintín idir 1976 agus 1983, tréimhse ina maraíodh na mílte saoránach. Rinne siad seo le tacaíocht ón eaglais, ó lucht gnó – agus ó na hÉireannaigh.

“With very few exceptions, the Irish-Argentine community supported the dictatorship,” a scríobhann Speight.

B’fhéidir nach eol daoibh, ach is é The Southern Cross nó El Cruz del Sur – a foilsíodh in Buenos Aires ach atá anois le fáil ar líne amháin –  an nuachtán Éireannach is sine dá bhfuil a fhoilsiú inniu.

Ó bunaíodh é in 1875, bheadh sé i gcónaí ag cur i gcoinne polasaithe den eite chlé.

Fríd an iris a léamh, taifid Chumann na hAspaltachta Caitlicí nó na Pallottines mar is fearr aithne orthu, agallaimh le Gaeil-Airgintíneacha an lae inniu, agus ó fhoinsí eile, pléann Speight le contrárthachtaí an diaspóra seo i modh tuigseach, i stíl ghéar ach thar a bheith soléite.

Measann an t-údar go n-eascraíonn coimeádachas na nÉireannach as an dóigh ar caitheadh leo mar Shasanaigh riamh anall.

Nuair a thosaigh Éireannaigh ag triail ar an Airgintín, bhí Acht an Aontais 40 bliana i bhfeidhm, agus rangaigh na hAirgintínigh na hÉireannaigh mar ingleses/Sasanaigh.

Bhí na hÉireannaigh arb as Contaetha na hIarmhí, Chill Mhantáin agus Longfoirt a mbunús, breá sásta leis seo mar gur thug sé stádas ard dóibh. Bhí na hAirgintínigh faoi dhraíocht ag cumhacht eacnamaíoch Shasana agus bhí na hÉireannaigh breá sásta bheith ina measc.

Cuid den bhunaíocht a bhí iontu, a shaothraigh airgead mór dóibh féin ag obair in estancias ar fud na tíre agus, ar íorónaí an tsaoil, bhí na hÉireannaigh seo breá sásta talamh na dtreibheanna bundúchasacha a díshealbhaíodh a ghlacadh.

Téann Patrick Speight fríd na himeachtaí móra idirnáisiúnta a chuir brú ar Ghaeil na hAirgintíne, go hairithe cogadh na Malvinas.

Tugann sé léargas glé ar chúlra an aighnis agus ag teip ar an Proceso de Reorganicización Nacional. 

Nuair a chinn rialtas Charlie Haughey tacú le smachtbhannaí na Breataine ar an Airgintín, chuir sé alltacht ar shliocht na hÉireann.

Níor chreid siad go bhfeicfeadh siad an lá a mbeadh Éireannaigh ag tacú le Sasana in éadan na hAirgintíne.

Ach nuair a chinn Margaret Thatcher go gcuirfeadh An Cabhlach Ríoga an Belgrano go grinneall na mara, d’athraigh Haughey a port. 

Ba iad na Sasanaigh anois na hionsaitheoirí agus tharraing sé siar a chinneadh ar smachtbhannaí.

Ag deireadh an leabhair, admhaíonn Speight nár chuir sé aithne ach ar sciar bheag den leathmhilliún Airgintíneach de shliocht na hÉireann atá ina gcónaí sa tír.

Aithníonn sé nach bhfuil siad uilig chomh coimeádach céanna agus go bhfuil féith an réabhlóideachais i gcuid acu.

Tagann an teannas sin uilig fríd an leabhar agus tarraingítear isteach sa scéal thú. 

Is fiú go mór é a leamh.

:: Tá Irish-Argentine Identity in an Age of of Political Challenge and Change, 1875-1983 le Patrick Speight foilsithe ag Peter Lang. £40.00 a luach.