Irish-Language

Ba chóir daoine óga a ghríosú le suim a chur i bhfadhbanna an phlainéid

<b>GRETA THUNBURG: </b>Bh&iacute; cur agus c&uacute;iteamh an tseachtain seo n&iacute; amh&aacute;in faoin m&eacute;id a d&uacute;irt an Sualannach &oacute;g ach ar c&eacute; acu bh&iacute; s&iacute; ag caint as a stuaim f&eacute;in n&oacute; an raibh f&oacute;rsa&iacute; dorcha ar a ch&uacute;l; sh&iacute;l Ryan Tubridy ar RT&Eacute; gurbh fhearr di bheith sa bhaile ag breathn&uacute; ar scann&aacute;in n&aacute; a bheith ag caint ag na N&aacute;isi&uacute;in Aontaithe
GRETA THUNBURG: Bhí cur agus cúiteamh an tseachtain seo ní amháin faoin méid a dúirt an Sualannach óg ach ar cé acu bhí sí ag caint as a stuaim féin nó an raibh f&o GRETA THUNBURG: Bhí cur agus cúiteamh an tseachtain seo ní amháin faoin méid a dúirt an Sualannach óg ach ar cé acu bhí sí ag caint as a stuaim féin nó an raibh fórsaí dorcha ar a chúl; shíl Ryan Tubridy ar RTÉ gurbh fhearr di bheith sa bhaile ag breathnú ar scannáin ná a bheith ag caint ag na Náisiúin Aontaithe

TÁ ainm Greta Thunberg i mbéal an phobail faoi láthair agus ní nach ionadh. 

Agus an ghéarchéim aeráide ag tarraingt ar chnámh na huillinne agus an chuma ar an scéal nach dtuigeann na daoine is mó cumhachtacha an chontúirt atá romhainn, tá eagla an domhain ar dhaoine idir óg agus aosta go bhfuil an oiread sin damáiste déanta don domhan do bhfuil an pláinéad i gcontúirt a bháis agus go bhfuil an díothú i ndán don chine daonna.

Nach iontach go bhfuil urlabhraí óg deisbhéalach paiseanta ag déanamh ionadaíochta don ghlúin a mbeidh sé orthu déileáil leis an scrios, leis an easpa aicsin, leis an mhailís, le nós-cuma-liomachas rialtais agus ag tionsclaithe ar fud na cruinne.

Cé go bhfuil an bhéim uilig ar Greta, chuir 16 pháiste gearán os comhair na Náisiún Aontaithe an tseachtain seo ag maíomh gur sháraigh na cúig gheilleagair is mó ar domhan a gcearta daonna cionn is nach ndearna siad go leor le stop a chur leis an ghéarchéim aeráide.

Ach ba í Greta a thug ceann de na cainteanna ba spreagúla dar tugadh riamh ag na Náisiúin Aontaithe.

“Tá muid ar thairseach oll-dhíothaithe agus ní thig libhse a dhath a dhéanamh ach a bheith ag caint ar airgead agus ar scéalta sí faoin síor-fhás eacnamaíoch. Nach dána an mhaise daoibh,” ar sí.

Thóg sé mo chroí bean óg cliste ag caint go paiseanta faoi thodhchaí an phláinéid álainn seo ar a bhfuil muidinne, an cine daonna, plandaí agus ainmhithe agus gach ní beo agus an neamart atá á dhéanamh.

Ach ar chúiseanna éagsúla, cuireann Greta Thunberg isteach ar chuid mhór daoine, fir mheánaosta sa chuid is mó.

Tá cuid de na tagairtí di ar twitter maslach amach is amach, cuid eile acu maíonn siad go bhfuil siad buartha faoi mar go bhfuil daoine mailíseacha ar a cúl ag baint úsáide aisti ar mhaithe le polaitíocht.

Ar Talkback ar Radio Ulster, chuir William Crawley an cheist: “Greta Thunberg: prophet ar puppet? (Cad chuige a mbíonn gach rud ar Raidió Uladh dénártha?)

Bhí Ryan Tubridy ar RTÉ níos measa.

Bhí Ryan cóir buartha faoi mheabhairshláinte Greta.

“It’s about someone who’s so young and so global that maybe it’s not healthy, all told.”

Dúirt sé go moillfeadh sé an teilifís dá mba scannán í. Thagair sé don Aspergers atá uirthi.

“She has Aspergers and she’s now up for grabs,” ar sé, rud a chuir isteach go mór ar daoine a bhfuil neamhord de chuid speictream an uathachais orthu.

Ach sheas go leor daoine an fód don tSualannach óg. Ina masc, bhí Conchúr Ó Muadaigh, fear atá ag obair san earnáil óige le Glór na Móna i gceantar Chluanaí le 10 mbliana anuas.

Ar cheann de na spriocanna atá ag an obair a dhéanadh Conchúr (bhog sé post go Conradh na Gaeilge cúpla seachtain ó shin) ná daoine óga a spreagadh i dtreo na polaitíochta, i dtreo an chomhthéacs shóisialta ina bhfuil siad beo ach ag an am céanna i dtreo thuigbheáil ar na fadhbanna móra domhanda a imreoidh tionchar ar shaol gach duine againn san am atá le teacht.

“Chonaic mé Greta Thunberg agus í 14 nó 15 bliana d’aois, 16 anois, ag déanamh plé ar na ceisteanna seo, thuig mé láithreach cé chomh speisialta is a bhí sí,” arsa Conchúr.

“De ghnáth, bíonn daoine óga ag an aois sin gafa ag cúrsaí spóirt nó cúrsaí faisin agus ag baint suilt as an saol agus iad ag bogadh i dtreo na haibíochta ach shil mé láithreach go raibh Greta ag déanamh rud éigin suntasach ar son na daonnachta.

“Is cailín óg í a bhfuil sainriachtanais uirthi ach chonaic mé go raibh misneach inti le dul i ngleic le ceist mór na linne seo, an t-athrú aeráide.”

Measann Conchúr go ndeachaigh Greta i bhfeidhm ar dhaoine óga eile ach chuir a méid a chuala sé ar sheó Tubridy déistean air.

“Shíl mé go raibh sé scannalach go mbeadh láithreoir ar bith, is cuma cé hé nó hí féin, ag déanamh mionscagadh ar dhuine óg,” ar sé.

“Ba chóir go mbeadh muid ag déanamh mionscagadh ar na rudaí atá á rá aici agus a bheith ag gníomhú dá réir má aontaíonn muid léi.”

Leoga, tá Conchúr agus a chomhghleacaithe ag iarraidh Greta Thunbergs eile a spreagadh ina gceantar féin, daoine atá tiomanta ar feabhas a dhéanamh ar bhonn logánta, náisiúnta agus idirnáisiúnta, 

Tá eagraíocht ann darb ainm Fóram na nÓg a bunaíodh in 2009 le riar ar dhaoine óga in earnáil na Gaelscolaíochta.

“Nuair a thosaigh muid amach, bhí cúig nó sé de ghrúpaí i láthair, inniu tá 26 acu fud fad na Sé Chontae” arsa Conchúr.

An tseachtain seo, bhí Lá Pleanála ag an Fhóram ina raibh ionadaíocht ar chumainn óige ag gach aois agus as gach contae.

Agus bhí siad in ann ceiliúradh mór a dhéanamh ar thrí bhua móra maoinithe – 5 oibrí óige sa bhreis d’Fhóram na nÓg le bheith ag obair le daoine óga faoin tuath; an triúr oibrí nua óige ata ag teacht go Club Óige Setanta i nDoire agus an ceathrar oibrí nua atá ag obair ar chlár sainriachtanais le Glór na Móna.

Tá an t-éileamh ag teacht ó na daoine óga iad féin ata ag iarraidh seirbhísí taobh amuigh den scoil a bhfuil Gaeilge ann agus a mbainfidh siad sult agus tairbhe astu.

Ach is iomaí difir idir seirbhísí do Gaeilgeoirí óga agus dá macasamhail Béarla.

“Ceist acmhainní atá taobh thiar de,” arsa Conchúr.

“Níl na hacmhainní céanna ag cumainn óige Gaeilge is atá ag cumann óige Béarla.

Níl aon chumann óige ó thuaidh a bhfuil foirgneamh saintógtha aige,

“Tá muidinne ag Glór na Móna ag iarraidh cumann óige saintógtha a thógáil béal dorais dúinn, an chéad cheann i stair an stáit.

“Rud eile, níl cumann ar bith óige Gaeilge lánaimseartha againn. Tá stádas páirtaimseartha ag cuid acu, rud a chiallaíonn go mbíonn siad oscailte dhá lá nó trí lá sa tseachtain,

“De ghnáth, bíonn cumainn óige Béarla oscailte sé nó seacht lá sa tseachtain agus bíonn imeachtaí ar siúl i rith an lae, idir 3pm-5pm. 

Níl cumann óige Gaeilge amháin ó thuaidh a bhfuil stádas lánaimseartha aige,”arsa fear Ghlór na Móna.  

Bheadh sé deacair mar sin, ábhair Greta Thunberg a chothú in earnáil na Gaeilge - daoine óga a d’fhoghlaim a smaointe féin a bheith acu, gur rud luachmhar bheith ag obair ar son do phobail, ar son na timpeallachta agus ar son saol níos fearr.