Irish-Language

An earnáil teilifíse sa tuaisceart beo bríomhar i lámha an aosa óig

<b>R&Eacute;ALTA TEILF&Iacute;SE: </b>Bronnadh teastais ar oili&uacute;naithe de chuid an Chiste Craolt&oacute;ireachta Gaeilge i Leabharlann Halla an L&iacute;n&eacute;adaigh inn&eacute;, fianaise eile go bhfuil fuinneamh faoin earn&aacute;il telif&iacute;se agus scannna&iacute;ochta &oacute; thuaidh
RÉALTA TEILFÍSE: Bronnadh teastais ar oiliúnaithe de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge i Leabharlann Halla an Línéadaigh inné, fianaise eile go bhfuil fuinneamh faoin earnáil telif&iacut RÉALTA TEILFÍSE: Bronnadh teastais ar oiliúnaithe de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge i Leabharlann Halla an Línéadaigh inné, fianaise eile go bhfuil fuinneamh faoin earnáil telifíse agus scannnaíochta ó thuaidh

BHÍ buzz iontach i Leabharlann Halla an Línéadaigh inné  nuair a reáchtáil Scáileáin Thuaisceart Éireann ócáid le ceiliúradh a dhéanamh ar an dá oiliúnaí déag a ghlac páirt i scéimeanna oiliúna de chuid an Chiste Craoltóireachta Gaeilge (CCG).  

“Cuireann na scéimeanna oiliúna de chuid an CCG deiseanna iontacha ar fáil na scileanna cuí a fhoghlaim agus fostaíocht a bhaint amach san earnáil léiriúcháin Ghaeilge amach anseo dá réir,” arsa Róise Ní Bhaoill, Cathaoirleach ar Choiste Infheistíochta an CCG le linn na hócáide. 

Sin an taithí a bhí ag Aoife Nic Con Midhe a rinne an cúrsa dhá bhliain ó shin.

Ní raibh an cúrsa mar a shíl sí sular thosaigh sí é - bhí sé níos fearr!

“Ní raibh ach rud amháin ar m’intinn,” arsa Aoife, “agus sin bheith i mo láithreoir ar chláracha do pháistí. Sin é.

“Ach ar an chúrsa, bhain mé sult as an méid rudaí difriúla a d’fhoghlaim muid i dtaca leis an cheamara, ag láithriú, ag léiriú, ag déanamh eagarthóireachta agus thiocfadh liom na scileanna sin a uilig ofráil do chomhlachtaí léiriúcháin.

“Ce nach bhfuil mé i mo láithreoir chláracha do pháistí sa chomhlacht a bhfuil mé ann faoi láthair, d’fhoghlaim mé go bhfuil i bhfad níos mó i gceist ná a bheith os comhair an cheamara agus gur mó an chraic a bheith taobh thiar den cheamara,” ar sí.

Deir Aoife gur athraigh an taithí a saol agus tá sí fós leis an chomhlacht ar thosaigh sí leis, Waddell Media in Ard Mhic Nasca.

Ag an ócáid inné, cuireadh fáilte fosta roimh an seisear óg atá i ndiaidh toiseacht ar scéim oiliúna na bliana seo d’Iontrálaithe Nua.

Bhronn Róise Ní Bhaoill teastais ar na hoiliúnaithe le haitheantas a thabhairt ar an méid atá bainte amach acu.

Ach, is éigin a aithint fosta an luach ollmhór atá ar an Chiste Craoltóireachta Gaeilge féin.

Cuireann siad deiseanna oiliúna éagsúla ar fáil do chainteoirí Gaeilge atá ag obair nó atá ag iarraidh bheith ag obair san earnáil neamhspleách léiriúcháin. Is é bunphrionsabal na scéimeanna oiliúna go gcuirfí le forbairt scileanna, le forbairt saineolais agus le forbairt ghinearálta gairme. Ba chóir go mbeadh tionchar dearfach aige seo ar earnáil léiriúcháin na Gaeilge i dTuaisceart na hÉireann.

I mbliana, chríochnaigh dhá oiliúnaí dhéag scéimeanna bliana i seacht réimse éagsúla: cúigear oiliúnaithe ar an Scéim d’Iontrálaithe Nua 2018-19; duine ar an Scéim d’Eagarthóirí Cúnta faoi Oiliúint; beirt ar an Scéim do Léiritheoirí faoi Oiliúint; duine ar an Scéim do Léiritheoirí Digiteach faoi Oiliúint; duine ar an Scéim do Mhaoirseoirí Iarléiriú faoi Oiliúint; duine ar an Scéim do Fhís-Iriseoirí faoi Oiliúint agus duine ar an Scéim do Chomhordaitheoirí Léiriúcháin Faoi Oiliúint. Chomh maith leis sin, tugadh aitheantas dóibh siúd atá ag freastal ar Scéim d’Iontrálaithe Nua 2019-20, as ucht an Réamhchúrsa i Scileanna Léiriúcháin a chríochnú faoi stiúir an BBC.

Inne, taispeánadh roinnt gearrscannán a léirigh agus a scannánaigh na hoiliúnaithe mar chuid den searmanas agus ionadaithe i láthair ó chuideachtaí éagsúla léiriúcháin teilifíse, ón BBC, NvTv, Raidió Fáilte agus ó Scáileán Thuaisceart Éireann.

Dúirt Áine Walsh, Ceannasaí an Chiste Craoltóireachta Gaeilge go raibh lúcháir ar an Chiste go bhfuil fostaíocht nó áit ar scéim oiliúna laistigh den earnáil léiriúcháin faighte ag an chuid is mó d’oiliúnaithe na bliana seo.  

“Cuideoidh na hoiliúnaithe seo leis an earnáil léiriúcháin Ghaeilge i dTuaisceart Éireann a chothú, earnáil atá ag fás léi – ceann de phríomhaidhmeanna an CCG,” ar sí.