Irish-Language

Tá Féile Bhéal Feirste ag ceiliúradh tallainne logánta agus idirnáisiúnta

<b>GLEN HANSARD: </b>Beidh an Grand Opera House ag cur thar maoil nuair a bheas Glen Hansard ag ceol ann le linn Fh&eacute;ile Eala&iacute;ona Bh&eacute;al Feirste an F&oacute;mhar seo&nbsp;
GLEN HANSARD: Beidh an Grand Opera House ag cur thar maoil nuair a bheas Glen Hansard ag ceol ann le linn Fhéile Ealaíona Bhéal Feirste an Fómhar seo  GLEN HANSARD: Beidh an Grand Opera House ag cur thar maoil nuair a bheas Glen Hansard ag ceol ann le linn Fhéile Ealaíona Bhéal Feirste an Fómhar seo 

TÁ SÉ de bhua ag na healaíona go dtig leo fuinneamh a chur ionainn -  na fuinneamh le héirí ón tolg agus dul amach le damhsa a dhéanamh nó fuinneamh intinne le dul i ngleic le smaointe úra nach rachadh i bhfeidhm orainn murab é gur léiríodh go healaíonta iad. 

Is féidir leis an ghreann faoiseamh a thabhairt dúinn ó bhuaireamh an tsaoil, idir an Breataimeacht, Trump, Fhéile Johnson, Bolsonaro agus an ghéarchéim timpeallachta.

(Níl ach an ceann deireanach linn go fadtéarmach.)

Sin an fáth go gcuirim fáilte i gcónaí roimh fhéilte ealaíona, idir Belfast Tradfest, Fhéle an Phobail, Liú Lúnasa, Out to Lunch agus the Cathedral Arts Festival, Imram i nDoire agus na scórtha eile ar fud na hÉireann.

Aréir agus bhí mé ag lainseáil Fhéile Ealaíona Idirnáisiúnta Bhéal Feirste, an fhéile is sine sa chathair cois cuain agus é níos éadroma ná mar a bhíodh ó d’imigh maoiniú ó Bhanc Uladh agus ó Ollscoil na Ríona ach tá cuma níos folláine ar an fhéile a ainneoin sin.

Is maith liom i gcónaí bheith ag spreagadh daoine chun an síleáil ghloine a bhriseadh maidir leis na healaíona agus triail a bhaint as imeachtaí nár chleacht siad riamh roimhe agus tugann Féile Bhéal Feirste, a bheidh ar siúl idir an 15 Deireadh Fómhair gus an 3 Samhain, deis do gach duine sin a dhéanamh. 

I mbliana, beidh an fhéile ag ceiliúradh comhpháirtíochtaí le heagraíochtaí cultúrtha sa tSeapáin agus sa Fhraince; beidh 14 premiere i measc corradh le 200 imeacht.

Orthu seo, beidh imeachtaí Gaeilge mar tá Féile Bhéal Feirste ag comhoibriú le hOllscoil Uladh le Éigse Loch Lao a léiriú i mbliana.

Ba í Ollscoil Uladh i gcomhar le Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain a bhunaigh Éigse Loch Lao siar in 2010 chun léann agus litríocht na Gaeilge a cheiliúradh agus a bhuanú i gcathair Bhéal Feirste trí imeachtaí léannta agus sóisialta a thionscnamh ar bhonn bliantúil. 

Is é an an phleanáil teanga ábhair na hÉigse i mbliana.

“I bhfianaise na hoibre atá ar bun laistigh den Ghaeltacht agus sna líonraí Gaeilge maidir le dréachtú agus tionscnamh pleananna teanga, déanfaidh an Éigse seo plé ar scéal na pleanála teanga.”

Ag an am corraitheach seo i stair na tíre seo, tá sé thar a bheith tráthúil.   

Imeacht eile a bhfuil mé ag dúil go mór leis is ea Spliced, dráma ina gcuirtear síos ar an spórt (an iománaíocht sa chas seo).

Tá Timmy ag smaoineamh siar ar an 21 bhliain atá caite aige ag imirt cluichí CLG. Is breá leis é. Is fuath

leis é. Ba mhaith leis labhairt ar an fhearúlacht, ar mheabhairghalair agus ar an fhéiniúlacht. I gcumann spóirt.

Is dráma an-tábhachtach é seo agus beidh sé ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 29 agus an 30 Deireadh Fómhair.   

O thaobh an cheoil de, beidh Glen Hansard (yay!!) i mBéal Feirste le dhá sheó a dhéanamh sa Grand Opera House – atá beagnach díolta amach cheana féin agus ní nach ionadh. 

The Commitments, The Frames, The Swell Season – trí bhuíon den scoth agus Glen i gcroílár gach ceann acu.

Tá This Wild Willing, albam úr aonair, amuigh aige agus ardmholadh faighte aige go dtí seo.

Tá sé ar dhuine de na hamhránaithe is mó a bhfuil daimh ag daoine leis agus beidh ort deifir a dhéanamh le ticéad a fhail.

Ach tá an t-idirnáisiúnachas agus an t-ilchultúrachas mar bhunchlocha Fhéile Bhéal Feirste.

Chuir mé agallamh ar Yaite Ramos Rodriguez aka La Dame Blanche inné agus beidh sé sin sa pháipéar seo an tseachtain seo chugainn. 

<strong>LA DAME BLANCHE: </strong>Cuban songstress Yaite Ramos Rodriguez aka La Dame Blanche is taking her show to the Belfast Empire on 15 October&nbsp;
LA DAME BLANCHE: Cuban songstress Yaite Ramos Rodriguez aka La Dame Blanche is taking her show to the Belfast Empire on 15 October  LA DAME BLANCHE: Cuban songstress Yaite Ramos Rodriguez aka La Dame Blanche is taking her show to the Belfast Empire on 15 October 

(Is iníon í Yaite le Jesús “Aguaje” Ramos, stiúrthóir cruthaitheach Chumann clúiteach Buenavista/The Buenavista Social Club ach ceolann La Dame Blanche meascán de hip-hop, cumbia, reggae agus ceolta sainiúla a hoileáin dhúchais. Beidh sí san Empire ar an 19 Deireadh Fómhair.

Ach dá n-iarrfá orm trí ócáid shaoithiúla a lua ar choir triail a bhaint as, luafainn ar tús Median, meascán de dhamhsa, den teilgean digiteach agus de cheol leictreonach leis an ealaíontóir Seapánach, Hiroaki Umeda. 

Chomh maith leis seo, tá ASUNA, ealaíontóir óg iontach as Tóiceo a bhfuil suiteán fuaime dar teideal 100 Keyboards. cruthaithe aige. 

Níl a fhios agam cad é an lucht féachana atá ann don damhsa nua-aimseartha ach beidh comhdháil ar an damhsa mar chuid d’fhéile na bliana seo agus is é an seó is mó a bhfuil daoine ag dúil leis ná To Da Bone leis an ghrúpa Francach, (LA)HORDE.

Tháinig hip-hop ar an saol nuair a chruthaigh daoine óga dífhostaithe a n-amhrán féin ar na sráideanna. Sa chas seo, chruthaigh baill La Horde a stíl féin damhsa ar na sráideanna.

Tá sé corraitheach, ard-fuinnimh agus lúcháireach.

:: Tá clár iomlán na féile le fáil ag belfast internationalartsfestival.com