Irish-Language

Tá ranganna agus cúram lae ag dul ó neart go neart in Ionad Uíbh Eachach

<b>SULT AGUS FOGHLAIM: </b>Bhain gach a raibh i l&aacute;thair ag L&eacute;argas, f&eacute;lle de chuid Ionad U&iacute;bh Eachach, idir shult agus thairbhe as na himeachta&iacute; uilig, &oacute;n tsi&uacute;l&oacute;id ar an tSliabh Dubh go dt&iacute; turas teroraithe i Reilig na Cathrach le Jimmy McDermott agus ar ais sa seomra ranga do chaint ar logainmneacha na h&Eacute;ireann leis an Dr Art Hughes&nbsp;
SULT AGUS FOGHLAIM: Bhain gach a raibh i láthair ag Léargas, félle de chuid Ionad Uíbh Eachach, idir shult agus thairbhe as na himeachtaí uilig, ón tsiúlóid ar an tSliabh Dubh go dtí tu SULT AGUS FOGHLAIM: Bhain gach a raibh i láthair ag Léargas, félle de chuid Ionad Uíbh Eachach, idir shult agus thairbhe as na himeachtaí uilig, ón tsiúlóid ar an tSliabh Dubh go dtí turas teroraithe i Reilig na Cathrach le Jimmy McDermott agus ar ais sa seomra ranga do chaint ar logainmneacha na hÉireann leis an Dr Art Hughes 

Is léir ón méid atá bainte amach ag Ionad Uíbh Eachach le bliain anuas go bhfuil fonn láidir le sonrú sna seirbhísí ar fad a sholáthraíonn siad don phobal idir óg agus aosta. 

Ceapadh Cillian Breatnach mar Oifigeach Forbartha Gaeilge le hIonad Uíbh Eachach i mí na Bealtaine 2018 agus is suntasach an méid sin rudaí atá curtha in áit aige agus feabhsaithe aige san ionad taobh istigh den 15 mí deireanacha seo.  

Chomh maith le ranganna agus cúrsaí Gaeilge a bhíonn ar siúl san ionad gach maidin agus oíche ó Luan go hAoine, bíonn dianchúrsaí Sathairn san Earrach mar chuid de Sheachtain na Gaeilge agus ceann eile sa Gheimhreadh.  Tá trí fhéile mhórasan Fhéilire anois gach bliain in Ionad Uíbh Eachach fosta.  

Bíonn an chéad fhéile den bhliain, Aistear, ar siúl i mí an Mhárta agus léiríonn sé cosúlachtaí an eispéarais a bhíonn ag inimircigh i gcathair Bhéal Feirste sa lá atá inniu ann trí chlár cuimsitheach d’imeachtaí ilchultúrtha.  

Bíonn mórfhéile an ionaid, Léargas, ar siúl ag tús mhí an Mheithimh.  

San fhéile seo, faigheann an rannpháirteach léargas ar na gnéithe éagsúla a bhaineann le teanga agus le cultúr na nGael tríd na ranganna ar an dianchúrsa seachtaine chomh maith leis na cainteanna, turais, siúlóidí, ceardlanna agus an chéad díospóireacht raidió riamh a rinneadh go hiomlán tri mheán na Gaeilge i bhfoirgneamh úrnua Raidió Fáilte ar an Bhreatimeacht.  

“Bhí an t-ádh orainn fosta go dtiteann mionfhéile an ionaid, ‘Bí Dána’, le linn Féile an Phobail ag tús mhí Lúnasa gach bliain anois agus bhí an-éileamh ar an dianchúrsa Gaeilge agus ar na himeachtaí ar reáchtáladh lena linn.”

Déanann na ranganna agus na himeachtaí de chuid an mhionfhéile seo, “Bí Dána”, ceiliúradh ar ealaíona dúchasacha na nGael.  

Tháinig ár gcuairteoirí ar ais chugainn ní amháin as Éirinn ach ón Fhrainc, ón Bhriotáin agus ón Spáinn agus i mbliana bhí dalta ag freastal ar an dianchúrsa s’againn ón Ghearmáin.

Is fíor le rá go bhfuil meas ag muintir na mór-roinne ar an Ghaeilge agus ar an chultúr Ghaelach agus tá muidinne iontach sásta deis a thabhairt dóibh siúd a thagann anall chugainn, chun foghlaim faoin teanga agus faoi chultúr na nGael.” 

Ní stopann na seirbhísí leis an chlár Teanga agus Cultúir. Tá Ionad Uíbh Eachach ar an chúram lae Gaeilge is mó agus is sinsearaigh i mBéal Feirste.  

Thosaigh an Cúram Lae siar i 1990 agus ba é an t-aon seirbhís curaim lae Gaeilge a bhí ar fáil sa tuaisceart ag an am.  

Is ón eiseamláir seo ar múnlaíodh dea-chleachtas an chúraim lae Ghaeilge.Osclaíodh Gaelchúram Uachtar Chluanaí sa bhliain 2017 ag bainistíocht Ionad Uíbh Eachach ar láthair Bhunscoil an tSléíbhe Dhuibh i gcomhpháirtíocht leis an scoil sin, chomh maith le Gaelscoil na Móna agus le Glór na Móna.  

Chonacthas, ní amháin go raibh ganntanas ann ach go raibh éileamh ard ann do sheirbhísí Cúraim Lae Gaeilge sa cheantar.  

“Cuireann muid na seirbhísí céanna ar fáil in Uachtar Chluaní is a chuirtear ar fáil thíos san ionad,” arsa Fionnghuala Nic Coitir.

Ceapadh Sinéad McConnell mar Chomhordaitheoir Chúraim Lae san ionad i mí Feabhra na bliana seo.  

“Cuireann muid an-bhéim ar shláinte an pháiste,” ar sí.

“Is é forbairt na sláinte inchinne agus colainne an dá rud is mó atá ag croí-lár an chleachtais s’againne – go mbíonn muid ábalta na páistí óga seo a chothú ar an dóigh sin.  

“Tá plean againn clár ar leith darbh ainm, Cothaigh, a seoladh le tógáil ar na caidrimh atá againn leis

na páistí agus lena dtuismitheoirí chomh maith le gach úsáideoir atá ag an ionad.  

“Bráthann sé sin go hiomlán ar mhaoiniú áirithe amháin.”

Soláthraíonn Ionad Uíbh Eachach seirbhísí cúraim lae Gaeilge in Uíbh Eachach agus in Uachtar Chluanaí do pháistí 0-4 bliain d’aois chomh maith le seirbhísí réamhscoile agus iarscoile do pháistí 4-11 bliain d’aois.  “Más fiú á dhéanamh is fiú á dhéanamh go maith”  an mana atá ag Cillian ar a dhualgaisí mar Oifigeach Forbartha Gaeilge in Ionad Uíbh Eachach.  

D’éirigh leis deontas suntasach a aimsiú don ionad agus déanfar feabhsú agus athchóiriú ar fhoirgneamh agus ar sheirbhísí an ionaid sna seachtainí beaga anuas.  

“Tá muid thar a bheith buíoch de gach maoiniú a fhaigheann muid – ó Fhoras na Gaeilge, Comhairle Chathair Bhéal Feirste agus Pathways - ach tá muid fíorbhuíoch do dhuine amhán a dheonaigh méid iontach fláithiúil dúinn agus a chuirfidh ar ár gcumas cuid mhaith rudaí a dhéanamh chun caighdeán na seirbhísí agus na n-áiseanna s’againne a ardú arís eile,” ar sé.

Fógraíodh clár na ranganna agus na gcursaí Gaeilge ar leathanach facebook an ionaid (Ionad Uíbh Eachach Cultúr agus Teanga) ar na mallaibh agus is léir go bhfuil an t-Ionad ag díriú ar na foghlaimeoirí éagsúla a thagann trí dhoirse an ionaid.  

Beidh oíche chlárúcháin ar 6:00in Dé Luain 2ú Meán Fómhair san ionad agus beidh deis ag daoine labhairt le Cillian faoi na cursaí.  

“Sílimse féin go bhfuil rang nó cúrsa anois againn do gach duine,” ar sé.

“Tá cúrsaí lae agus oíche ar na bacáin againn do gach leibheál an fhoghlaimeora do mhí Mheán an Fhómhair, bíodh siad ag toiseacht amach ón tús, ag iarraidh cáilíochtaí a bhaint amach trí chúrsaí CCEA nó fiú má bhíonn siad ag iarraidh cur

lena muinín féin i labhairt na

teanga trí na ranganna comhrá a bheas a reáchtáil againn trí chlár na dteangacha de chuid Ollscoil na Banríona.  

“Chomh maith leis sin, beidh ciorcal ceoil agus amhránaíochta ar siúl againn ar an chéad agus ar an triú Déardaoin de gach mí do na daoine sin a bhfuil suim acu sna hamhráin Ghaeilge a fhoghlaim.”

:: Is féidir le tuilleadh eolais a fháil ó Oifig Ionad Uíbh Eachach maidir le ranganna agus imeachtaí – 02890329180 nó trí rphost a chur chuig Cillian, cultur@ionad.eu

:: Is féidir tuilleadh eolais a fháil maidir le seirbhísí cúraim lae in Ionad Uíbh Eachach ach rphost a chur chuig Sinéad ar curamlae@ionad.eu agus is féidir le tuilleadh eolais a fhail maidir le seirbhísí cúraim lae in Uachtar Chluanaí a fháil trí ríomhphost a chur chuig fionnghuala@ionad.eu