Irish-Language

Siamsaíocht den chéad scoth ar fáil le linn Fhéile an Droichead

<b>LAOCHRA CEOIL: </b>T&aacute; o&iacute;cheanta den scoth i nd&aacute;n d&uacute;inn le linn Fh&eacute;ile an Droichead 2019, ina measc coirmeacha le Four Men and a Dog (thuas), Tiarn&aacute;n &Oacute; Duinchinn agus Laoise Kelly (a mbeidh Nell N&iacute; Chr&oacute;in&iacute;n ina gcuideachta) agus Tr&iacute;ona agus Maighr&eacute;ad N&iacute; Dhomhnaill&nbsp;
LAOCHRA CEOIL: Tá oícheanta den scoth i ndán dúinn le linn Fhéile an Droichead 2019, ina measc coirmeacha le Four Men and a Dog (thuas), Tiarnán Ó Duinchinn agus Laoise Kelly (a mbeidh Nell Ní LAOCHRA CEOIL: Tá oícheanta den scoth i ndán dúinn le linn Fhéile an Droichead 2019, ina measc coirmeacha le Four Men and a Dog (thuas), Tiarnán Ó Duinchinn agus Laoise Kelly (a mbeidh Nell Ní Chróinín ina gcuideachta) agus Tríona agus Maighréad Ní Dhomhnaill 

IS PLÉISIÚR MÓR i gcónaí dom é bualadh le Claire Kieran mar bíonn a fhios agam go bhfuil dea-nuacht aici dom agus pleananna s’aici d’Fhéile An Droichead a chur os mo chomhair.

B’amhlaidh arís é i mbliana agus muid sa National ar an tSráid Ard i lár Bhéal Feirste agus cúpla cupán tae glas á ól againn.

Ach an iarraidh seo, chuir Claire ceist shuimiúil orm.

Bhí cúpla seachtain den chéad scoth ag lucht an ceoil thraidisiúnta le mí anuas.

Bhí rath as cuimse ar an Belfast Tradfest, bhí oícheanta breátha ceoil eagraithe ag Scoil Samhraidh Mhic Reachtain agus bhí an ceol traidisiúnta le cluinstin fud fad na cathrach.

Bhí an uile dhuine d’aonghuth go raibh an chathair ar bharr amháin ceoil le linn na coicíse sin.

Ach an bhfuair lucht leanúna na fidle agus an bhosca agus na bpíb a sáith? An mbeadh siad sos de dhíth orthu i ndiaidh an cornucopia de cheol a chuala siad? 

Arbh fhiú féile eile a reáchtáil i ndiaidh na gceann rathúil thuasluaite?

Measaim féin gur fiú go mór mar bheadh na daoine a d’fhreastail ar Tradfest ach go háirithe an-tógtha i ndiaidh iad oiliúint a fháil ó mhaistrí an cheoil thraidisiúnta, leithéidí Kevin Crawford, Harry Bradley, Michelle Mulcahy, Mary Bergin agus go leor eile le go mbeadh siad ag santú deiseanna gach ar fhoghlaim siad a chluinstin arís ag sár-cheoltóirí eile a bheadh ar cuairt i mBéal Feirste.

Agus sin an rud atá déanta ag Claire. An tseachtain seo, beidh grúpaí agus ceoltóirí atá i mbéal an phobail ag seinm cois cuain agus tá fáilte chroíúil roimh gach duine. 

Duine ar bith a d’fhreastail ar choirm Four Men and a Dog, níor fhág aonduine acu gan aoibh mhór gáire orthu.

Cruthaíonn cúigear ball an ghrúpa rud nach dtig leis na healaíona eile a dhéanamh ach go hannamh, agus sin croí an duine a thógáil, iad a chur faoi dhraíocht agus sprid an chine dhaonna a ardú.

Scríobh duine ar twitter ar na mallaibh gur náire shaolta a bhí ann nár tugadh riamh an t-aitheantas do Chathal Hayden a bhí tuillte aige - go fóill, tá súil agam.

Bíodh sé ag seinm ar an bhainseó nó ar an fhidil, ceol traidisiúnta nó americana, is ceoltóir as an ghnáth é Cathal agus bulaí fir lena chois ach tá a mhacasamhail taobh leis mar Gino Lupari, fear a bhodhráin, amhránaí agus fear grinn chomh maith.

Beidh Dónal Murphy ar an bhosca ceoil, Kevin Crawford ar an ghiotár chomh maith le fidléir eile, Stephen Hayden, deartháir Chathail.

“When a man is tired of London, he is tired of life,” a dúirt Samuel Johnson. D’fhéadfaí an rud céanna a rá faoi Four Men and a Dog.

Ní amháin sin ach beidh an bhuíon ag seinm san Ulster Sports Club.

Is iomaí uair a shiúil mé thart leis an fhoirgneamh ag bun na Sráide Airde agus mé fiosrach faoin chuma a bheadh air taobh istigh.

Ní bhfaighidh mé amach choíche mar tá an foirgneamh ceannaithe agus maisithe ag Bill Wolsley agus é ina ionad úr ceoil i lár Bhéal Feirste.

“Shíl mé a mhór den áit nuair a chonaic mé den chéad uair í agus shíl mé go mbeadh sé thar a bheith fóirsteanach do Four Men and a Dog,” arsa Claire.

“Is deas i gcónaí rudaí a eagrú in áit atá úr ar fad agus tá cúpla spás ann, ceann do 250 duine agus seomraí níos lú. Tá an bhuíon ar bís fosta bheith ag seinm arís i mBéal Feirste.

“Ar ndóigh, bíonn Cathal as baile go minic ag seinm le Christy Moore agus bíonn Kevin Doherty i mbun tograí dá chuid féin mar sin tá sé ar dóigh go mbeidh an cúigear acu againn san oíche amárach,” arsa Claire.

Oíche Aoine agus beidh “ceol ársa na cruite agus na píbe uilleann curtha le hamhráin sean-nós ag triúr maistrí in imeacht speisialta ar fad.”

Is iad na máistrí ná Tiarnán Ó Duinchinn ar an phíb uilleann, Laoise Kelly ar an chláirseach agus, as ceantar clúiteach Mhúscraí i gContae Chorcaí, an t-amhránaí óg sean-nóis, Nell Ní Chróinín.

Ba í an duine ab óige í Nell a bhuaigh Gradam Ceoil TG4 don Amhránaí Sean-nóis is Fearr in 2012 agus bhuaigh sí Corn Uí Riada in 2014.

Beidh an choirm seo ar siúl in Iarsmalann Uladh.

Oíche Aoine agus beidh beirt laochra amhránaíocht na Gaeilge ar ardán An Droichead, Maighréad agus Tríona Ní Dhomhnaill.

Is cuimhin liom féin an bheirt dheirfiúracha seo siar in 1969 i Rann na Feirste lena ndeartháir Mícheál, nach maireann, agus le Daithí Sproule. Is fearr aithne ar an cheathrar ceolmhar seo mar Skara Brae ar ndóigh, grúpa de na grúpaí Gaeilge is mó a chuaigh i bhfeidhm ar dhaoine sna 1970idí. Bhí albam s’acu i mbeagnach gach teach a raibh Gaeilgeoir ann.  

Tá an dís ag amhránaíocht leo i rith an ama. Bhíodh Tríona leis an ghrúpa fíor-aitheanta, The Bothy Band agus bhí an bheirt acu le T with the Maggies.

Is acu atá stór ollmhór amhrán as Tír Chonaill agus beidh siad ag ceol leo in An Droichead ar an Satharn bheag seo, 24 Lúnasa.   

Anuas ar na coirmeacha iontacha seo, beidh Ceol ag an Mhargadh ar siúl, ceol traidisiúnta i láthair stairiúil – agus é ar leac an dorais ón Droichead féin.

Ar ais i lár na cathrach agus má tá tú ag iarraidh cur le do thuigbheáil ar an cheol traidisiúnta, beidh an Trad Trail ar siúl arís i gCeathrú na hArdeaglaise.

Agus é ar an fhód le corradh agus bliain, beidh tú in ann siúl thart ar an cheantar stairiúil seo, bualadh isteach i bpubanna i gcuid de na foirgnimh is sine i mBéal Feirste agus beirt cheoltóirí proifisiúnta mar threoraithe agaibh. 

Áit ar bith a stadfaidh sibh, beidh seisiún ceoil fá bhur gcoinne agus míniú ar stair an cheoil agus na n-uirlisí.

Eispéireas idirghníomhach den scoth!

Anuas air seo, beidh seisiúin ceoil i gcomhpháirt le Help Musicians NI ar siúl sa Taephota idir 12pm-1pm.

Is cumann carthanachta é Help Musicians NI a thugann cúnamh do cheoltóirí atá ar an ghannchuid.

Ar an Satharn fosta, beidh Lá Spraoi Teaghlaigh ar siúl agus scéalta, ceol agus preabchaisleán do pháistí, idir óg agus aosta agus ar an Domhnach beidh Féile an Droichead ag glacadh páirte san fhéile Indiach, an Mela.

Scoth an cheoil, an damhsa agus na siamsaíochta Gaelaí atá geallta.

::  Is féidir gach eolas a fháil ar Fhéile an Droichead ag www.androichead.com/whats-on nó ar an leathanach facebook An Droichead Imeachtaí.