Irish-Language

An bhfuil a fhios agat cad é chomh sean agus atá ceol traidisiunta na hÉireann?

<span style="vertical-align: 5.0px"><b>TRAD &Aacute;RSA: </b>Chruthaigh an cl&aacute;irseoir Toirdhealbhach &Oacute; Caireall&aacute;in (<i>thuas</i>) an m&uacute;nla as ar fhorbair cuid mh&oacute;r den cheol traidisi&uacute;nta a aithn&iacute;onn muid inniu, c&eacute; go bhfuil snas curtha air ag bu&iacute;onta agus ag an iliomad ceolt&oacute;ir sa 281 bliain &oacute; fuair s&eacute; b&aacute;s mar a mh&iacute;nigh Martin Dowling D&eacute; Luain&nbsp; &nbsp;</span>
TRAD ÁRSA: Chruthaigh an cláirseoir Toirdhealbhach Ó Cairealláin (thuas) an múnla as ar fhorbair cuid mhór den cheol traidisiúnta a aithníonn muid in TRAD ÁRSA: Chruthaigh an cláirseoir Toirdhealbhach Ó Cairealláin (thuas) an múnla as ar fhorbair cuid mhór den cheol traidisiúnta a aithníonn muid inniu, cé go bhfuil snas curtha air ag buíonta agus ag an iliomad ceoltóir sa 281 bliain ó fuair sé bás mar a mhínigh Martin Dowling Dé Luain   

I nDIAIDH MÉ teideal na léachta a bhí Martin Dowling á thabhairt in Ollscoil Uladh Dé Luain, How Old is Irish Music?, mheabhraigh mé go raibh cosúlachtaí móra idir stair na teanga agus stair an cheoil.

Is breá le daoine nach bhfuil cur amach acu ar stair na hÉireann an focal “ársa” agus “ancient” a úsáid i gcomhthéacsanna áirithe.

Cluin muid faoi “The Ancient Province of Ulster” ionas nach ann dó níos mó agus go bhfuil sé sáite siar i mbroinn chian cheoch na haimsire mar a déarfadh Séamus Ó Grianna.  

Cluin muid fosta faoi “The ancient language of Ireland” dá mba theanga í an Ghaeilge a chleacht na draoithe le linn searmanais mistéireacha ag Teamhair ach atá marbh ó shin i leith.

Nár thug aonduine faoi deara

go bhfuil Gaeilge ar fud twitter agus ar facebook agus go dtig linn an eolaíocht is nua-aimseartha a phlé sa teanga “ársa” seo?

Cinnte, shíolraigh sí ón Cheiltis agus ón Ind-Eorpais mar sin, téann a stair i bhfad siar ach tá sí chomh nua-aimseartha le ceann ar bith de theangacha móra an domhain agus í breá inchurtha le saol an 21ú céad.

Tá sé mar a gcéanna leis an cheol. 

“The Ancient Music of Ireland” a chluintear go minic ach thug Martin Dowling le fios gur eascair an ceol a chluin muid sa lá atá inniu ann ó lár na 19ú haoise.

Cinnte, bhí ceol á sheinm in Éirinn i bhfad roimhe sin.

In Ollscoil na Tríonóide, tá an Trinity College Harp nó an Brian Boru Harp, uirlis a rinneadh sa 14ú nó sa 15ú haois –  tá na sreanga déanta as ór 18 carat – ach níl foinsí ar bith ann a chuireann síos ar an cheol a bhí á sheinm chomh fada sin siar nó roimhe. 

An gciallaíonn sé seo nach raibh ceol in Éirinn roimhe sin? Ni chiallaíonn. 

Níl sochaí ar bith i stair an chine dhaonna nach raibh ceol acu. De réir an néaraibhitheolaí, Mark Chingizi, gan ceol “humans could never have evolved to become the  socially organized, self-aware, culturally-immured creatures we are today.”

Mar sin de, bhí ceol riamh anall in Éirinn ach níl aon fhianaise againn faoi na huirlisí nó faoi na foinn agus mar sin de.

Is staraí sóisialta é Dowling a fhíonn stair an cheoil leis an stair pholaitiúil agus stair eacnamaíoch agus shóisialta.

Réabhlóidí polaitiúla,  eacnamaíocha agus teicneolaíochta, imríonn gach ceann acu tionchar ar na hamhráin a chanann daoine, ar na huirlisí a sheinneann siad agus ar na damhsaí a

dhéanann siad, dar le Dowling.

Tá iarsmaí an cheoil ársa againn – ní mórán – ach tosaíonn na hÉireann mar a athníonn muid inniu ó tuairim’s ar 1680 ar aghaidh.

Sin ráite, an ceol atá á sheinm fud fad na tíre i seisiúin i mbeáir agus i ndánlanna agus i gceolárais, idir síolraíonn sé ó fhorbairtí i lár na 1830idí ar aghaidh – ó thaobh na n-uirlisí agus an repertoire de.

Ceol nua-aimseartha atá sa cheol traidisiúnta mar sin de, dar le Matin.

Tosaíonn an téarma “nua-aimseartha” sa chás seo leis an tréimhse sin ina bhfuarthas amach go raibh féidearthachtaí ann an daonlathas a chur chun cinn; go raibh saorfhiontraíocht ann; saormhargadh do lucht saothair agus mar sin de.

Okay, tá sin rud beag tromchúiseach, cad é faoi dhamhsaí?

“Tá trí chineál damhsa ann,” arsa Dowling.

“Damhsaí do bheirteanna; damhsaí do ghrúpaí de líon teoranta agus damhsaí do gach duine a bheadh sa halla nó sa chearnóg nó ag an chroisbhealach,” ar sé.

“Ó 1680 go dtí 1760 nó mar sin, bhí borradh iontach faoi leabhair cheoil do “country dancing” – stíl bourgeoise lonnaithe, ní faoin tuath ach sna bailte móra agus sna tithe móra – agus ag an am céanna, tháinig na damhsaí seit chun cinn, bunaithe ar quadrilles na Fraince.

“Bhí mór-ráchairt ar dhamhsaí seit i gCaisleán Bhaile Átha Cliath agus spréigh an ealaín fríd an tír ar fad ina dhiaidh sin.

Thaispeáin Martin leabhar dar teideal The Sources of Irish Traditional Music le Aloys Fleischmann dúinn.

Sa dá imleabhar, aimsíonn Fleischmann – a fuair bás i 1992 – foinsí an cheoil thraidisiúnta ó c1600 ar aghaidh, saothar 40 bliain a d’fhoilsigh Micheál Ó Súilleabháin i 1998. 

I 1583 a scríobhadh an chéad lámhscríbhinn atá luaite ann.

De réir mar a théann an leabhar ar aghaidh, éiríonn líon na leabhar níos flúirsí. 

Ag an am céanna, bhí praghsanna ar earraí feirme,

ar líon na dtithe foilsitheoireachta, ar líon na siopaí leabhar i mbailte ar fud na hÉireann agus tithe foilsitheoireachta ag ardú.

An tráth sin, bhíodh an cláirseach agus an phíb mhór (the Highland Pipes) á seinm ach níl fianaise againn faoi na huirlisí eile a bhí in úsáid.

Tá fianaise ann go raibh scoileanna ann do chláirseoirí a mbeadh na céadta cláirseoirí i láthair acu sa 15ú céad, ní uirlis don uasaicme amháin a bhí ann. 

“Bhíodh an phíb go forleathan ar fud na hÉireann, na hAlban, na Breataine Bige agus Shasana agus is cinnte go raibh ceol damhsa á sheinm air an uirlis i bhfad siad ach is beag fianaise atá againn d’uirlisí eile,” arsa Dowling.

Maidir le ceol an lae inniu, chinn Fleischmann go raibh na foinn a foilsíodh i leabhar de chuid mhuintir Playford, athair agus mac, mar mhúnla do na foinn a bhfuil muid aitheanta orthu inniu.

Chuir na Playfords leabhair amach, bliain i ndiaidh bliana do cheol do “country dances.”

Chomh maith le leabhar Fleischmann, tá dhá leabhar eile mar Bhíobla ag Dowling,  Songs of the Irish by Donal Ó’Sullivan agus an chéad leabhar riamh faoi cheol na hÉireann, A Collection of the most celebrated Irish tunes: proper for the violin, German flute, or hautboy a foilsíodh i 1724.

Suimiúil go leor, níl ríleanna ar bith ann cionn is nár cumadh an ríl go fóill agus bhí leathchuid de na foinn ó fhear amháin, Toirdhealbhach Ó Cearbhalláin.

Cuid eile acu in leabhar Playford, foinn iad a bhí ceangailte le hamhráin Ghaeilge, amhráin ghrá a mbunús mór.

Mar sin de, tá an ceol traidisiúnta a aithníonn muid inniu sean - ach níl sé arsa. 

:: Is ollamh, údar agus fidléir é Martin Dowling agus má tá suim agat i gceol na hÉireann is fiú go mór a leabhar Traditional Music and Irish Society: Historical Perspectives a léamh.