Irish-Language

Go leor imeachtaí Gaeilge le sult a bhaint astu le linn Fhéile an Phobail

<b>GAN BHR&Eacute;AG GAN &Aacute;IBH&Eacute;AL: </b>Beidh Br&eacute;ag ag seinm go cinnte sa Glenowen in iarthar Bh&eacute;al Feriste mar chuid d&rsquo;Fh&eacute;ile an phobail i mbliana
GAN BHRÉAG GAN ÁIBHÉAL: Beidh Bréag ag seinm go cinnte sa Glenowen in iarthar Bhéal Feriste mar chuid d’Fhéile an phobail i mbliana GAN BHRÉAG GAN ÁIBHÉAL: Beidh Bréag ag seinm go cinnte sa Glenowen in iarthar Bhéal Feriste mar chuid d’Fhéile an phobail i mbliana

TÁ FÉILE an Phobail ar na gaobhair agus go leor imeachtaí Gaeilge lena linn a tharraingeoidh idir óg agus aosta chuig ionaid éagsúla in iarthar Bhéal Feirste.

Beidh Páirc na bhFál mar shampla ina Gaeltacht ar an 5ú Lúnasa agus ar na himeachtaí beidh dianchúrsa saor in aisce – Bunrang, Meánrang agus Ardrang – i spás ranga taobh amuigh; seisiún ealaíne ina mbeidh ceardaithe ardoilte ó Green Woodwork Ireland ag cuidiú le daoine rudaí a bhíodh in úsáid i bhfad ó shin a chruthú agus beidh foireann ó Chomhairle Cathrach Bhéal Feirste ag teagasc na ndóigheanna le ceardaíocht ársa Éireannach a dhéanamh.  Beidh an t-imeacht seo fóirsteanach do pháistí agus do theaghlaigh.

Is rud é an pizza nach bhfuil chomh hÉireannach sin uilig ach beidh seisiún déanta pizza ar siúl sa Pháirc idir 4.30in agus 5in - gus thig leat cúpla fonn a fhoghlaim ar an fheadóg stáin ina dhiaidh.

An tráthnóna sin, idir 6.30-9in, beidh oíche scéalaíochta do theaghlaigh ar siúl ina gcluinfidh muid seanchaí ag aithris finscéalta faoi laochra na hÉireann agus faoi iontais eile.

Beidh na scéalta i nGaeilge agus i mBéarla araon agus beidh ceol traidisiúnta ann chomh maith.

Má tá tuilleadh siamsaíochta de dhíobháil ort, beidh duine de mhórlaochra an cheoil traidisiúnta, Kevin Burke ag seinm sa Chultúrlann.

Ar ndóigh, bhíodh Kevin, arb as Londain ó dhúchas dó, ina bhall de The Bothy Band agus Patrick Street, dhá cheann de na grúpaí is fearr dá raibh riamh ann. Measaim féin gur coup iontach é don Chultúrlann go mbeadh Burke ag seinm ann ar an 9 Lúnasa.

Ar an bhille céanna, beidh an t-amhránaí iontach as Béal Feirste, Gráinne Holland, ag ceol amhrán óna halbam úr Corcra gan dabht.

Ach más fearr leat do cheol traidisiúnta agus an Ghaeilge bheith measctha le reggae, beidh Bréag ag seinm sa Glenowen ar Bhóthar an Ghleanna i mBéal Feirste, ócáid chun sochair Trade Union Friends of Palestine.

Ag pilleadh ar na healaíne Gaelacha, beidh Céilí Mór na Féile ar siúl sa Chultúrlann ar an Domhnach 11 Lúnasa.

Ar ndóigh, beidh imeachtaí níos tromchúisí ann le linn na Féile.

Ina measc seo, beidh ócáid mhór ar siúl i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich, Your Place, Your Language, a dhíreoidh “ar na buntáistí iomaíocha (a thugann teangacha dúchais mionlaigh) d’áiteanna a bhfuil tarraingt mhór turasóireachta orthu mar áiteanna saoire.”

Tá an seimineár á reáchtáil ag Féile an Phobail i gcomhair le hAcadamh Morgan atá mar chuid de Ollscoil Abertawe (Swansea).

Beidh liosta le háireamh de shaineolaithe ó gach cearn den domhan i láthair lena dtaithí a roinnt agus ar ndóigh, le ceachtanna a thabhairt do Ghaeil ar na buntáistí a bhainfeadh le cur chun cinn na Gaeilge mar áis thurasóireachta.

Beidh sé suimiúil.

Tá imeacht mór eile a tharraingeoidh na Gaeil agus sin Pobal na Gaeilge Talks Back Cur agus Cuiteamh Phobal na Gaeilge.

Tá clú agus cáil ar West Belfast Talks Back mar ardán díospóireachta ó thosaigh an fhéile ach seo an chéad uair go mbeidh an fhoirmle chéanna in úsáid do lucht na Gaeilge.

Beidh deis ag anlucht éisteachta ceisteanna a chur bunaithe ar théama na hÉireann Aontaithe agus ar ról na Gaeilge inti chomh maith le ceisteanna reatha a bhaineann leis an teanga.

Beidh córas aistriúchán comhuainigh beo ar fail don ócáid a bheidh ar siúl i bhfoirgneamh Raidió Fáilte ar an 8 Lúnasa ag 3.30in.

Tá clár ar NVTV nach gcaillim in am ar bith agus sin History Now á chur i láthair ag Barry Sheppard. Beidh Barry ag tabhairt cainte dar teideal Recycling History: Language Rights in 1930s and 21st Century Ireland ina bpléifidh sé le cearta na teanga Gaeilge sna 1930idí agus sa chéad seo.

Scrúdófar gluaiseacht agóide Mháirtín Ó Cadhain/Muintir na Gaeltachta agus an dóigh a ndearna Cumann Rothaíochta Loch Lao comóradh uirthi 80 bliain níos moille chun aird a tharraingt ar cheisteanna ceart sa tuaisceart.    

Beidh an díospóireacht ar siúl i gColáiste Ollscoile Naomh Muire ar 11rn ar an 2ú Lúnasa.

Is iomaí nasc atá ag an Ghaeilge leis na cluichí náisiúnta.

Ar an 9 Lúnasa ar a 1in, pléifidh Jake Mac Siacais, Tricia Ní Chearra agus Máirtín Mac Gabhann na nascanna sin agus Conall Ó Máirtín mar chathaoirleach ar an díospóireacht.

Beidh plé á dhéanamh ar ról na Gaeilge i mbunú CLG agus san athbheochan cultúrtha, agus an luach atá uirthi in eagraíocht an lae inniu agus sna cumainn ag leibhéal an phobail.

Ar na cainteanna eile a bheidh ar siúl le linn na féile, beidh an Dr AJ Hughes ag tabhairt cainte ar Scríbhneoirí Gaeilge Bhéal Feirste, ag plé logainmneacha, téacsanna agus údair Ghaeilge i mBéal Feirste agus sa cheantar máguaird.

Beidh scríbhneoir acu sin, Réaltán Ní Leannain páirteach in ócáid dar teideal Voice, Choice, Rejoice ina gcuireann scríbhneoirí baineanna síos ar roghanna atá déanta acu. An raibh ábhar gliondair acu na dhiaidh?

Tá leabhar úr gearrscéalta foilsithe ag Réaltan, Dílis, agus tá an Ghaeilge mar chuid lárnach dá cruthaitheacht.

Mar a deir sí faoina cuid scríbhneoireachta: “Thosaigh mé ag scríobh agus tháinig an Ghaeilge chun inn. Fiú anois, más rud é go dtosnaíonn cúpla scéal le cúpla abairt i mBéarla, pillim i gcónaí ar an Ghaeilge.”

Creideann sí go gcruthaíonn teanga comhthéacs ar leith agus eispéiris chomónta cultúrtha.

Tabharfaidh Féilim Ó hAdhmaill, atá ina léachtóir i gColáiste Ollscoile Chorcaí, caint ar a a cheantar dúchais, Cill Uaigh ar imeall Bhéal Feirste agus ar a chairdeas le Bobby Sands.

Údar eile de bhunadh Bhéal Feirste is é Fionntán de Brún, agus labhróidh seisean ar Chonradh na Gaeilge agus traidisiún na hAthbheochana.

Tá ardmholadh á fháil ag Fionntán mar geall ar a leabhar úr, Revivalism and Modern Irish Literature.

Déanfar cur síos ar stair an Oireachtais, ag 12in ar an 3 Lúnasa ag Raidió Fáilte.

Beidh taispeántas d’amhránaíocht agus den rince ar an sean-nós agus beidh scéalaíocht ann chomh maith.