Irish language

Éagsúlacht mhór sna scannáin atá QFT á gcur faoinár mbráid an tseachtain seo

SCANNÁIN: Inseofar scéal an chéad duine a shiúil ar an ghealach, Neil Armstrong (thuas), i léiriú speisialta n QFT an tseachtain seo chugainn
Robert McMillen

NÍL CAITHEAMH aimsire níos pléisiúrtha ag sciar mhaith den phobal ná dul chuig an phictiúrlann.

Déanta na fírinne, níl ach pictiúrlann amháin i mBéal Feirste a théim chuige anois agus sin Amharclann Scannán Ollscoil na Ríona, nó mar is fearr aithne uirthi, QFT.

Chonaic mé mo sháith de scannáin ina samhlaíonn ball den FBI nó d’Arm Mheiriceá an domhan agus tá mé ró-aosta do Detective Pikachu. 

Ach bíonn scannáin i gcónaí le feiceáil in QFT atá as an choitiantacht agus sin mar atá sé an tseachtain seo agus an tseachtain seo chugainn.

Amharc ar an éagsúlacht seo: Knife+Heart; Kind Hearts and Coronets; Armstrong; Five Seasons: The Gardens of Piet Oudolf agus Sunset.

Scannán slascairte aerach (a gay slasher movie) atá in Knife+Heart (Un Couteau dans le coeur) a bhaineann leis an phornagrafaíocht agus an dúnmharú i bPáras i samhradh 1979.

Ní cupán tae s’agamsa é bím i gcónaí ag cur ceist orm féin, cad é an sórt eispéiris a bhí ann do mo thuismitheoirí dul chuig an phictiúrlann agus na scannáin chlasaiceacha dubh agus ban le feiceáil?

Gheobhaidh muid leid agus Kind Hearts and Coronets a thaispeáint in QFT, ag toiseacht ar an Aoine bheag seo.

Kind Hearts and Coronets ar na scannáin Shasanacha is fearr dá ndearnadh riamh, coiméide faoin iliomad dúnmharuithe.

Tá Alec Guinness in ocht ról éagsúla i scéal a bhaineann le fear óg a thosaíonn amach ag marú na gcomharbaí a ainmníodh roimhe i dtiomna ina bhfuil fortún ar fail.

Rinneadh an scannán in Ealing Studios, agus tá sé feabhsaithe go dtí caighdeán 4K leis an 70 bliain ó rinneadh é a cheiliúradh.

Baineann Armstrong, ní le Lance Armstrong, ach le NeIl Armstrong, an chéad duine le cos a leagan ar thalamh na gealaí.

Deirtear gur scannán drámatúil, mothúchánach agus thar a bheith daonna atá ann.

Tá scéal Armstrong á inse ag Harrison Ford agus tá cuid mhór ábhar ón chartlann nach bhfacthas riamh roimhe le feiceáil sa scannán seo.

Ní hionann agus an scannán Apollo 11 atá i bpictiúrlanna faoi láthair, insíonn Armstrong scéal an aon fhir amháin seo, duine de mhórlaochra an spástaistil.

Ar ndóigh tá muid ag ceiliúradh 50 bliain ó chuaigh  Armstrong i gcuideachta Buzz Aldrin agus Michael Collins chun na gealaí agus don oíche amháin seo, 9 Iúil, 

taispeánfar imeacht a tharla ag an premiere domhanda inar cuireadh ceisteanna ar mhac Neil Armstrong, Mark, ar lucht déanta an scannáin agus ar Maggie Aderin-Pocock ón chlár teilifíse The Sky At Night).

Dara Ó Briain a bheidh sa chathair.

Ar na scannáin eile a bheidh le feiceáil, beidh Five Seasons: The Gardens of Piet Oudolf. Tá Oudolf ar na garraíodóirí tírdhreacha is clúití dá bhfuil ann agus déanann an scannán seo iniúchadh ar an fhealsúnacht atá aige.

Ar deireadh, beidh Sunset, scannán leis an stiúrthóir ceanna Is a rinne Son of Saul.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: