Irish-Language

Scoil Samhraidh Mhic Reachtain - 20 bliain ag fás agus ag dul i bhfeabhas

<b>SP&Oacute;RT AGUS FOGHLAIM: </b>B&iacute;onn na sluaite ag tarrraingt ar &Aacute;ras Mhic Reachtain bliain i ndiaidh bliana, meallta ag caighde&aacute;n na m&uacute;inteoireachta agus ag feabhas na gcoirmeacha ceoil.&nbsp;
SPÓRT AGUS FOGHLAIM: Bíonn na sluaite ag tarrraingt ar Áras Mhic Reachtain bliain i ndiaidh bliana, meallta ag caighdeán na múinteoireachta agus ag feabhas na gcoirmeacha ceoil.  SPÓRT AGUS FOGHLAIM: Bíonn na sluaite ag tarrraingt ar Áras Mhic Reachtain bliain i ndiaidh bliana, meallta ag caighdeán na múinteoireachta agus ag feabhas na gcoirmeacha ceoil. 

DHÁ CHEANN ar luach ceann amháin – sin a bhfaigheann tú (ar a laghad) má fhreastalaíonn tú ar Scoil Samhraidh Mhic Reachtain a bheidh ar siúl idir an Domhnach 28 Iúil agus an Satharn 3 Lúnasa i mbliana.

Ní amháin go mbíonn an dianchúrsa clúiteach Gaeilge ar siúl ach reáchtáiltear féile cheoil den chéad scoth lena linn chomh maith.

Ní nach ionadh go mbíonn daoine ag teacht ó na ceithre hairde le seal pléisiúrtha a chaitheamh fá Áras Mhic Reachtain ar Bhóthar Aontroma i dtuaisceart Bhéal Feirste. 

Ach tá níos mó i gceist ná sin. Cad chuige a bhfuil rath chomh mór sin ar an Scoil Samhraidh a d’fhiafraigh mé de Dháithí Mac Uait, Oifigeach Imeachtaí Chumann Cultúrtha Mhic Reachtain.

“Bhuel, fiche bliain ó shin, bunaíodh an Scoil Samhraidh le riar go príomha ar bhunadh an cheantair, ceantar a bhí go mór faoi mhíbhuntáiste agus tá go fóill” ar sé.

“Ach as sin a d’eascair féile a bhfuil dúil ag cuid mhór daoine as gach cearn den tír ann. Ní amháin sin ach bhí cuairteoirí againn ó Los Angeles, ó Nua Eabhrac, ó Cheanada, ó Londain, Glaschú, Manchain agus ó áiteanna eile thar lear.”

Agus is iomaí rud a mheallann na cuairteoirí seo, idir bhunadh na háite agus dhaoine as baile amach.

“Ní bhaineann sé le caighdeán na múinteoirí amháin,” arsa Daithí. “Baineann sé leis an atmaisféar iontach a chruthaítear le linn na ranganna agus daoine ag cabaireacht leo ag na sosanna.

“Agus bua eile – a bhuíochas do Dhia – bíonn an ghrian i gcónaí ag soilsiú ag deireadh mhí Iúil! Tá súil againn go mbeidh sé mar a gcéanna i mbliana,” ar sé.

Is éigean a rá ag an phointe seo go bhfuil an dá bhunrang lán go béal anois – agus ní féidir áiteanna breise a chur ar fáil.

Tá spásanna ar fáil sna ranganna eile, áfach.

Má shíleann sibh go bhfuil barraíocht oibre i gceist ag foghlaim teanga, cuir ceist ar dhuine ar bith a d’fhreastail ar na ranganna cheana agus cluinfidh tú faoi cad é chomh gealgháireach is atá na ranganna agus faoin spraoi atá mar chuid de chur chuige na múinteoirí cáilithe.

Ach má tá Gaeilge agat cheana féin nó má tá suim agat sa cheol agus/nó sa chultúr Gaelach, tá Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ag cur thar maoil le hoícheanta breátha lán craice agus éagsúlachta duit.

Beidh ríshliocht mhuintir Uí Mhaonaigh ar an ardán ar an Luan, 29 Iúil mar shampla.

Tá seanaithne ar Mhairéad mar bhunaitheoir an ghrúpa A-Liosta Altan ach sileann féith an cheoil síos fríd na glúnta i gcuislí Chiaráin, Ghearóid agus Anna chomh maith.

Ina gcuideachta ar an oíche, beidh grúpa iontach eile North, ina bhfuil Danny Diamond, a dheirfiúr Helen agus Conor Caldwell.

Ar na tréithe móra eile a bhaineann leis an Scoil Samhraidh, tá an éagsúlacht.

Cluinfidh muid Oran Bagraidh sean-saothar filíochta scríofa i nGáidhlig Ghall-Ghàidhealaibh (Galloway Gaelic). 

Tá grúpa curtha le chéile ina bhfuil ceoltóirí agus amhránaithe ó Éirinn, ó Albain agus ón Bhreatain Bheag le seó a mheascann na traidisiúin Ceilteacha éagsúla seo. Tuilleadh faoi an tseachtain seo chugainn.

Le linn Cóisir Cois Cuain, is beag duine nach bhfanfaidh ina shuí agus Bréag ag seinm chomh maith leis an Boss Sound Manifesto, Basork (an Balkan Alien Sound Orchesta) a sheinneann ceol giofóg, agus JJ Ó Dochartaigh.

I ré seo Fair Plé, beidh Oíche na mBan ar siúl ar an 1 Lúnasa agus Louise agus Michelle Mulcahy páirteach ann chomh maith leis na hamhránaithe óga Lauren Ní Chasaide agus Róisín Seoighe.

Gach bliain, coinníonn SSMR an nasc idir Béal Feirste agus an Ghaeltacht beo sna hOícheanta Airneáil a reáchtálann siad agus scoth na cuideachta a bhíonn i gcónaí ann.

I mbliana, ar an 2 Lúnasa, beidh liosta le háireamh d’amhránaithe ar an sean-nós, buaiteoirí duaiseanna gach duine acu, ag canadh chomh maith le scoth an cheoil ó aíonna eile.

Le clabhsúr a chur ar an Scoil Samhraidh, beidh Dinnéar agus Ceolchoirm mórthaibhseach ann i bPríosún Bhóthar Chromghlinne ina mbeidh At First Light ag seinm le chéile den chéad uair le corradh agus cúig bliana anuas.  

Gloine Prosecco agus béile ceithre cúrsa ar £50. Margadh maith.

Níl anseo ach cuid bheag de na himeachtaí a bheidh ar siúl – beidh siúlóid sléibhe agus oíche litríochta, léacht agus ceardlanna ceoil ar siúl chomh maith.

Tá tuilleadh eolais faoi Scoil Samhraidh Mhic Reachtain ar fáil ar leathanach facebook Cumann Cultúrtha Mhic Reachtain.