Irish language

Saol na cathrach le linn na dTrioblóidí ceaptha i ngearrscéalta Uí Mhuireagáin

SEÁN Ó MUIREAGÁIN: Tá an t-údar, arb as Baile Uí Mhúrchú ó dhúchas dó, i ndiaidh a chéad bhailiúchan gearrscéalta a chur amach
Robert McMillen

BHÍ AN t-am ann agus beagnach gach áit in Éirinn a mbeifeá ann, bheadh an Ghaeilge le cluinstin agat, bíodh sé san amhránaíocht nó san fhilíocht nó sa scéalaíocht.

Bhíodh an chumadóireacht agus an aithris ar ghnéithe nádúrtha an tsaoil, chomh coitianta le tarraingt anála.

Ach d’imigh sin agus anois, nuair atáthar ag caint ar litríocht an hÉireann, is ar litríocht an Bhéarla a bhfuiltear ag caint.

Sin ráite, thíos faoin dromchla seo, mar a dúirt Alan Titley, “a dark silence shouts.”

Tá litríocht na Gaeilge ag dul i méid agus i bhfeabhas leis na blianta anois agus aicme úr scríbhneoirí ag teacht chun cinn, iad lonnaithe i gceann de chathracha móra na hÉireann agus is í an Ghaeilge a rogha teanga.

Ina measc seo, tá Seán Ó Muireagáin, fear as Béal Feirste atá ag iarraidh é féin a chur in iúl i bhfilíocht agus i bprós.

Tá a chéad leabhar gearrscéalta foilsithe ag Éabhlóid agus moladh mór a fháil aige ó chriticeoirí agus ó lucht léitheoireachta na Gaeilge araon.

Cad é a spreag an fear seo a bhíodh ag obair le Comhairle na Gaelscolaíochta ar feadh i bhfad dul i mbun pinn?

Mar is nós le scríbhneoirí, deir sé nach bhfuil sé iomlán cinnte.

“Bhí mé ag dul don fhilíocht sa chéad dul síos, le féinmheas a chruthú ionam féin mar baintear úsáid as an fhilíocht le ceisteanna a chur  ort féin, is dóigh liom,” ar sé.

“Agus is dócha gurbh iad na gearrscéalta an chead chéim eile. Bhí smaointe i mo chloigeann riamh anall faoi scéalta agus bhreac mé síos iad.

“Tharla go raibh rang agam agus thosaigh mé ag baint úsáide as na scéalta mar uirlis teagaisc agus bhain na dalta an-sult astu agus mhol dom iad a fhoilsiú,” arsa Seán.

Agus sin, i ndeireadh na dála, mar a tháinig Gáire in Éag ar an tsaol.  

Roghnaigh Seán Éabhlóid, comhlacht a chara, Eoghain Mhic Giolla Bhríde, leis an bhailiúchán a fhoilsiú, agus dhear cara eile, Caoimhín Ó Scolaí, clúdach an leabhair.

Ní féidir easaontú le Seán nuair a deir sé go bhfuil obair iontach déanta ar an leabhar é iontach buíoch d’Eoghan as a chomhairle uilig agus é ag scríobh Gáire in Éag.

Idir na clúdaigh, tá cúig chaibidil, ach is iad na scéalta a bhaineann le sceitheoirí le linn na dTrioblóidí ó thuaidh na cinn is mó a rachaidh i bhfeidhm ar dhaoine.

Is insintí corraitheacha, mothúchánacha agus daonna iad a phléann le gné a eascraíonn go míchompordach as gach ré de stair na hÉireann - brathadóirí.

“Tá a fhios agat an comhthéacs inar fhás muidinne aníos i gceantracha aicme oibre in iarthar Bhéal Feirste, Baile Uí Mhurchú i gcas s’agamsa,” ar sé liom.

“Bhí muid eolach ar rudaí i ngan fhios dúinn féin, fríd osmóis sa chuid is mó.

“Sa tsráid ina mbínn-se i mo chónaí, bhí beirt nó triúr de sceithirí.  

“Mar a fheicimse iad, is daoine iad a rinne feall ar a bpobail ach bhí mé ag iarraidh iniúchadh a dhéanamh ar cad e mar a chaitear leo ina dhiaidh sin.

“Is minic a dúradh leo go raibh deireadh leo, nár ní leis an phobal iad.

“Ansin bheadh cúpla ball teaghlaigh leo a fhanfaidh dílis dóibh cionn is go bhfuil grá acu dóibh.

“Ar an taobh eile den scéal, cad é a dhéanann láimhseálaithe s’acu? “Déanann siadsan beag is fiú agus neamhaird orthu chomh maith,” arsa Seán.

I scéalta Uí Mhuireagáin, feiceann muid an mhoráltacht á lúbadh anonn is anall go dtí go dtiteann gach duine isteach i bhfainne fí.

Ach níl na scéalta uilig in Gáir in Éag chomh tromchúiseach sin.

Is ann a bhuaileann muid le Gobnait, bean a aithneoidh muintir iarthar Bhéal Feirste – agus i gceantracha eile ar fud na hÉireann – ar an toirt.

Arís, baineann Seán úsáid as carachtair óna cheantair dúchais mar spreagadh chun scéalta daonna, greannmhara a scríobh a insíonn dúinn nach ionann an duine taobh amuigh agus an duine taobh istigh.

Tá Gobnait bunaithe ar chúpla bean a bhfuil aithne ag an údar orthu.

“Bean amháin acu, Eileen, bhí sise ag obair san oifig a raibh mé féin ann,” arsa Seán.

“Bhíodh Eileen ag stróiceadh na mionnaí móra, ag caint go garbh ar gach rud faoin spéir, ach déanta na fírinne, tá Eileen ar na daoine is deise dár casadh riamh orm. Tá croí mór flaithiúil, cineálta aici.

“Is as an Chroáit don bhean eile a bhfuil Gobnait bunaithe  uirthi, bean thar a bheith láidir agus mheasc mé an bheirt bhan iontacha seo mar charachtar amháin sa leabhar.”

Is cnuasach é Gáire in Éag atá furasta a léamh agus níl an teanga ró-chasta.

“Ceann de na deacrachtaí faoi leabhair Ghaeilge,” dar le Seán, “bíonn an méid sin castachtaí ann go gcaitheann daoine atá ar bheagán Gaeilge dul chuig an foclóir le focail neamhchoitianta a chuardach.

“Rinne mé mo dhícheall sin uilig a sheachaint. Seo ghnáthscéalta faoi ghnáthdhaoine i nGaeilge sholéite,” arsa Seán.

Do dhaoine nach léann leabhair Ghaeilge de ghnách, silim go mbainfidh siad sult as an leabhar seo.

Gáire in Éag le Seán Ó Muireagáin foilsithe ag Éabhlóid.

 

 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: