Irish language

An t-ilteangachas – meán chun daoine a chumhachtú agus sochaithe a fheabhsú

UNIVERSITY CHALLENGE: Bhí Seomra Cheanda plódaithe Dé hAoine seo caite nuair a bhí chomdháil ar theangacha, ar choimhlint agus ar athmhuintearas ar siúl agus saineolaithe ag caint ar chúsai teanga chomh scoite leis an Cholóim, an Mheanoirthear, an Úcráin – agus iarthar agus oirthear Bhéal Feirste.   
Robert McMillen

AGUS MUID ag meabhrú ar an chonspóid maidir le hAcht Gaeilge agus le cearta teanga ó thuaidh atá ina chnámh spairne do-réitithe le tamall fada, tchítear dom i gcónaí go mbíonn dearcadh idirnáisiúnta in easnamh agus nach nasctar ceisteanna teanga i dtuaisceart na hÉireann le taighde agus le taithí daoine eile ar fud na cruinne a thuigeann an tábhacht ollmhór atá le teangacha sna háiteanna ina mbíonn siad ag obair, bíodh siad ag plé leis an Taliban san Afganastáin nó ag iarraidh cuidiú le dream iargúlta sna hAindéis i Meiriceá Theas, nó ag déanamh teagmháil le teaghlach inimirceach i nGlaschú.

Bhí na cúinsí seo uilig faoi chaibidil ag comhdháil thar a bheith spéisiúil in Ollscoil na Ríona Dé hAoine seo caite, comhdháil dár teideal Languages in Conflict and Reconciliation a reáchtáil an Dr Deirdre Dunlevy agus baill eile MEITS nó Multilingualism: Empowering Individuals, Transforming Societies.

Sin sprioc uaillmhianach ag eagraíocht ar bith ach dream uaillmhianach a bhí i bpobal na Gaeilge le leathchéad bliain anuas agus chuir An Dr Feargal Mac Ionnrachtaigh sin in iúl go gonta agus é ag caint ar athbheochan na Gaeilge ó bunaíodh Gaeltacht Bhóthar Seoighe ag deireadh an 1960idí.

Ba é an rud ba shuimiúla dár dhúirt Feargal dar liom, gur eascair fealsúnacht na nGael ceannródaíoch seo as Ré na hEagnaíochta an Fhrainc (The French Enlightenment), nuair a tháinig an “tsuáilce sibhialta” nó civic virtue chun cinn in áit an féinleasa (self interest).

“Ní amháin gur gníomhaithe teanga iad ach ba ghníomhaithe sóisialta iad ag an am céanna,” a mhínigh sé.

“Nuair a dódh Sráid Bombay go talamh i 1969, ba iad na gníomhaithe céanna seo a thóg arís í.

“Ansin, tháinig siad go dtí mo cheantar féin i mBaile Uí Mhurchú agus bhunaigh siad comharchumainn ansin, éachtaí ar son daoine a bhí imeallaithe agus coinnithe ar an taobh amuigh,” ar sé.

Leanann an fealsúnacht dhearfach sin ar aghaidh san eagraíocht a bhfuil Feargal ina chathaoirleach air, Glór na Móna ar Bhóthar na Carraige Báine in iarthar Bhéal Feirste, grúpa a bhfuil iar-dhaltaí Choláiste Feirste ag obair ann, agus iad ag cur oiliúna agus siamsaíochta ar fáil d’aos óg an cheantair agus ag reáchtáil tograí atá le leas bhunadh na háite, áit ina bhfuil an dífhostaíocht fhadtéarma go láidir, áit a bhfuil meabhairghalair forleathan agus tá an féinmharú coitianta sa cheantar.

“Feiceann muid Glór na Móna mar lóchrann dóchais sa dorchadas seo do dhaoine a bhfuil a misneach caillte acu. Ta muid ag iarraidh dóchas agus bród a thabhairt ar ais dóibh,” arsa Niall.

Teideal MEITS arís? Multilingualism (an dátheangachas sa chás seo) Empowering Individuals, Transforming Societies.

Tá claochlú de chineál eile ag titim amach in oirthear na cathrach, á stiúradh ag an ghrúpa Turas faoi stiúir Linda Ervine.

Shíl mé riamh go mbeadh teorainn leis an méid a dtiocfadh le Linda a bhaint amach – admhaím go raibh mé contráilte.

An mhí seo, d’fhógair sí go raibh tús ß chur le naíscoil lán-Ghaeilge a bhunú in oirthear Bhéal Feirste. “Wow!” mar a déarfadh Mary McAleese.

Athraíodh dearcadh Linda ar an Ghaeilge nuair a chuaigh sí chuig ranganna Gaeilge ag Aagus cé go raibh sí ag dúil “le poblachtaigh agus iar-phríosúnaithe” chuir sé iontas uirthi an réimse daoine a bhí ag foghlaim Gaeilge.

“Bhuail mé le Protastúnaigh eile, le Sasanaigh, le daoine as gach cearn den domhan agus iad uilig ag foghlaim Gaeilge.  

“Oideachas a bhí ann domsa faoi éagsúlacht lucht foghlamtha agus lucht labhartha na Gaeilge.”

Mar atá a fhios againn, thosaigh Linda ranganna Gaeilge ag Skainos ar Bhóthar Bhaile Nua na hArda. Sa téarma seo, tá 250 duine ag foghlaim Gaeilge, bunús acu ó chúlra Protastúnach.

Tuigeann sí an tábhacht oideachasúil agus intleachteach atá leis an dátheangachas agus go gcuidíonn an dara (nó an tríú, ceathrú etc) theanga leis an chaoinfhulaingt chultúir.  

“Samhlaigh é, go gcluinfeá duine ag caint Gaeilge agus gan a fhios agat cén creideamh nó cén cúlra polaitiúil a bhí ag an duine sin. 

“Sin an todhchaí – agus níl sé i bhfad uainn,” ar sí.

Ach mar a dúirt mé, tá peirspictíochtaí idirnáisiúnta an-tábhachtach leis an phictiúr mór a fheiceáil.

Ar an phainéal céanna le Feargal agus Linda, bhí triúr as an Úcráin, tír atá ar éigean dátheangach. 

Labhair Ivan Kozachenko ar “the sense of national belonging” a bhaineann le teangacha ina thír dhúchais, an Úcráinis agus an Rúisis.

“Tá sé intuigthe ag gach duine gur chóir an Úcráinis a chur chun cinn mar chuid den fhéiniúlacht náisiúnta cé go bhfuil difríochtaí éagsúla idir ceantracha éagsúla sa tír.

“Anuas air sin, tá difir idir an dioscúrsa poiblí ar theangacha agus ar chleachtas gach lá na ndaoine, a léiríonn go bhfuil daoine iontach compordach leis an dátheangachas.

“Sin ráite, tá muintir na tíre ag fanacht le creatlach úr a chuirfidh bonn daingean faoin ilteangachas éifeachtach,” arsa Ivan. 

Bhain mé an-sult as caint Hilary Footitt ó Ollscoil Reading agus í ag caint ar chúrsaí teanga i measc ghrúpaí ar nós Save the Children, Oxfam agus Christian Aid.

Dúirt sí go raibh “stair theangeolaíoch” (a language history) in eagraíochtaí móra den chineál seo.

“Níl muid neodrach maidir le teangacha, tá ár scéalta casta féin againn, agus imríonn sé seo tionchar ar an obair a dhéanann muid, ar na teagmhálacha atá muid ag iarraidh a chruthú le daoine a bhfuil muid ag iarraidh cuidiú leo,” ar sí.

Leoga, creideann sí go bhfuil “institionalised monolingualism” ar chuid de na hidirghabhálaithe in eagraíochtaí idirnáisiúnta arbh ionann é agus an ciníochas institiúidithe nó an gnéasachas institiúidithe, mar shampla.

Labhair Hilary ar chuid de na grúpaí ba mhó riachtanais nach raibh in ann maoiniú a fháil cionn is nach raibh an t-airgead acu íoc as aistritheoir.

Agus mar a dúirt Patrick Colgan, ó rialtas na hÉireann, a d’oibir ó thuaidh agus sa Cholóim, ba iad na grúpaí ab fhearr Béarla a fuair na deontais anseo.

Comhdháil thar a bheith suimiúil agus scríobhfaidh mé níos mó faoi ar mo bhlag ag robertmcmillen.ie

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Topics

Categories

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: