Irish-Language

Is cara dúinn an dátheangachas nuair a théann an intinn agus an corp in aois

<b>BAK TO THE FUTURE: </b>T&aacute; teangacha go maith do do mheabharshl&aacute;inte agus do do shl&aacute;ine fisici&uacute;&iacute;l dar leis an Dr Thomas Bak (<i>thuas, ar dheis</i>) i gcaint a thug s&eacute; ag comhdh&aacute;il in Ollscoil na Riona inn&eacute;. Taobh leis, t&aacute; an Dr Steven Wilson a d&rsquo;eagraigh an chomhdh&aacute;il&nbsp;
BAK TO THE FUTURE: Tá teangacha go maith do do mheabharshláinte agus do do shláine fisiciúíl dar leis an Dr Thomas Bak (thuas, ar dheis) i gcaint a thug sé ag comhdháil in Ollscoil na Riona in BAK TO THE FUTURE: Tá teangacha go maith do do mheabharshláinte agus do do shláine fisiciúíl dar leis an Dr Thomas Bak (thuas, ar dheis) i gcaint a thug sé ag comhdháil in Ollscoil na Riona inné. Taobh leis, tá an Dr Steven Wilson a d’eagraigh an chomhdháil 

CHONACTHAS dom riamh go raibh an díospóireacht ar chúrsaí teanga ó thuaidh iontach cúng.

Sa dioscúrsa abhus, ceanglaítear an Ghaeilge le ceisteanna féiniúlachta amháin agus ar an bhonn sin, tá sí sáite in achrainn pholaitiúla gan stad gan staonadh.

Ach tá gnéithe eile nach dtugtar aon aird orthu ach ar gnéithe iad a léiríonn peirspictíochtaí idirnáisiúnta nó os-náisiúnta féin (más ann don fhocal).

Éalaíonn draíocht teangacha as na limistéir ina labhraítear iad le bheith mar chuid de shaibhreas luachmhar an chine daonna, cuilt ildathach de shaíocht na cruinne ó thús aimsire.

Ach tá gach teanga ar domhan tábhachtach ar dhóigh eile, i bhfad ón teibíocht mheitifisiciúil seo, agus baineann sé le daoine atá tinn agus leis an dóigh iad a leigheas.

Chonaic muid a chruthú sin ag comhdháil a bhí ar siúl in Ollscoil na Ríona inné, comhdháil dár teideal Languages and Cultural Knowledge in Global Healthcare a d’eagraigh an Dr Steven Wilson ó Scoil na nEalaíona, Béarla agus Teangacha agus i Scoil na Nuatheangacha.

Tá sain-suimeanna ar leith ag Steven, d’fhéadfá a rá.

Tá spéis aige i litríocht na Fraincise agus i ndaonnachtaí an leighis (the medical humanities) agus díríonn sé ar scríbhneoireacht ina gcuireann daoine síos ar an bhreoiteacht atá orthu féin. 

(Autopathography a thugtar air seo i mBéarla).

Tá staidéar leanúnach déanta aige ar an nasc idir teanga agus aicíd, ar an nasc idir scríbhneoireacht leighis agus litríocht agus mar a chuirtear síos ar an bhás i litríocht.

(I mBéarla is é Thanatology an focal ar an staidéar eolaíochtaí ar an bhás. Fáilte romhat!)

Ag oscailt na comhdhála, dúirt an Dr Wilson go raibh béim úr á chur ar theangacha ag an an Eagraíocht Dhomhanda Sláinte (WHO).

“In 2013, chuir an eagraíocht plean gnímh le chéile a thabharfadh tús aite do thábhacht an ilteangachais san obair a dhéanann siad,” arsa Steven.

“Sa phlean, mhaígh an WHO go mbeadh siad in ann teachtaireachtaí sláinte a chraobhscaoileadh i bhfad níos fearr dá nglacfadh siad leis an ilteangachas ar bhonn níos éifeachtaí.”

Ba é an aidhm a bhí ag an Chomhdháil inné cuid de na rólanna práinneacha a imríonn an t-ilteangachas agus an t-eolas cultúrtha agus muid ag iarraidh aghaidh a thabhairt ar na dúshláin mhóra sláinte atá romhainn uilig, sa bhaile agus i gcéin.

Ba é an Dr Thomas Bak ó Ollscoil Dhún Éideann a labhair ar tús, agus thosaigh sé le ceist.

Chuir sé síos ar “riocht sláinte” (a medical condition) a bhí measartha tearc ach atá forleathan in áiteanna éagsúla. 

Cruthaíonn sé  easpaí chognaíocha (cognitive deficits).

Cuireann sé dlús faoin aosú cognaíoch (cognitive aging) agus le teacht an néaltrú agus  cuireann sé leis na fadhbanna atá ag duine a mbuaileann stróc é/í.

An “riocht sláinte sin’?

“An t-aonteangachas!” ar sé, ag gaire. 

Tá an Dr Bak ar na saineolaithe is mó atá ag plé leis an ilteangachas agus cúrsaí sláinte agus is eisean is fearr fios.

Ag an chomhdháil inne, chuir sé síos ar staidéar atá déanta aige ar an mhoilliú ar an néaltrú atá mar thoradh ar an dátheangachas.

Tá ráite aige go dtugann staidéir éagsúla le fios go bhfeadfadh an dátheangachas tionchar níos láidre bheith aige ar an néaltrú a choinneáil siar ná na drugaí atá ar fáil faoi láthair.

I staidéar a rinne sé féin agus Suvarna Alladi in Hyderabad san India, fuair siad amach go dtiocfadh leis an dátheangachas – tá an dátheangachas forleathan in Hyderabad le corradh agus 500 bliain – an néaltrú a choinneáil siar ceithre bliana.

“Seo an fáth go bhfuil an staidéar ar an nasc idir an chognaíocha agus an dátheangachas ar cheann de na tosaíochtaí móra atá aige.

Labhair an Dr Mariana Vega Mendoza, arb as Meicsiceo ó dhúchas di, ar thurgnamh i nDún Éideann a chuidigh go mór le daoine a raibh néaltrú orthu - foghlaim Iodáilise!

In turgnamh eile, fuarthas amach go raibh scileanna cognaíocha níos fearr ag daoine a bhí ag foghlaim Gáidhlig in Sabhal Mór Ostaig ar Oileán Sgitheanach – i ndiaidh seachtaine!

Ach tá rudaí níos tromchúisí in áiteanna eile ar fud na cruinne. 

Glac mar shampla an cás a luaigh an Dr Loredana Polezzi, Iodálach mná a bhí ag obair sa Namaib. 

Tá gréasán casta teangacha sa tír in iardheisceart na hAfraice, idir theangacha dúchasacha, theangacha coilíneacha (cainteoirí dúchais Gearmáinise  7% den daonra), agus theangacha iarchoilíneacha.

Luaigh sí Dr Polezzi dochtúir leighis ar chuir sí aithne uirthi. 

Chinn an Dr Theresia Shivera bheith ina dochtúir nuair a bhí sí 15 bliana d’aois.

Faoin am sin, bhí trí theanga ar a thoil aici – teanga a ceantair Rukwangali, teanga na bunscoile Afrikaans agus Béarla sa mheánscoil agus ar an ollscoil – ach bhuail malaria i agus b’éigean i a thabhairt chun na hotharlainne. Ni raibh ach cuirtín éadaigh idir i agus an t-othar taobh léi.

Bhí an t-othar seo ag míniú do dhochtúir cad é a bhí cearr léi ach níor thuig an dochtúir an teanga a bhí a labhairt aici. Fuair siad banaltra le haistriúchán a dhéanamh ach thuig Theresia go raibh dul amú ar an bhanaltra agus sa deireadh bhí an cor leighis contráilte á thabhairt don othar mar gheall ar an mhíthuigbheáil/droch-aistriúchán seo.

B’ansin gur chinn Theresia gur mhaith léi bheith ina dochtúir.

Ag an chomhdháil, labhair beirt ón eagraíocht Médicins San Frontiéres ar an taithí a bhí acu sin ag obair thar lear.

Bhí Emma Warwick as Béal Feirste in Sierra Leone nuair a bhris an galar ebola amach agus d’oibir an Dr Peter Garrett in Kirkuk san Iaráic, áit a bhfaca se an tionchar ar dhaoine a stróictear amach as a gcuid tithe le bheith beo i gcampaí.

Ar ndóigh, níl lucht labhartha na Gaeilge sa chontúirt chéanna ach mar a léirigh Thomas Bak, tá buntáistí móra ag baint leis an dara (agus an tríú teanga etc) ó thaobh ar sláinte de.