Irish-Language

Féile agus lón a chuirfidh buaireamh an tsaoil ar leataobh san aimsir éiginnte seo

<b>THE HENRY GIRLS: </b>T&aacute; an aimsir go dona, t&aacute; c&uacute;rsa&iacute; polait&iacute;ochta in aimhr&eacute;idh, t&aacute; an t-airgead caite ach t&aacute; rud amh&aacute;in a dtig leis an mheanma a ard&uacute; &ndash;na heala&iacute;ona. Is &eacute; an dea-sc&eacute;ala &eacute; go mbeidh siad ar f&aacute;il go fl&uacute;irseach le linn na f&eacute;ile Out to Lunch an mh&iacute; seo agus ar mo shon f&eacute;in, is cinnte go mbeidh m&eacute; sa Bhosca Dubh tr&aacute;thn&oacute;na inniu le h&eacute;isteacht le gl&oacute;rtha &aacute;ille na Henry Girls. L&oacute;n machnaimh daoibhse?&nbsp;
THE HENRY GIRLS: Tá an aimsir go dona, tá cúrsaí polaitíochta in aimhréidh, tá an t-airgead caite ach tá rud amháin a dtig leis an mheanma a ardú –na healaíona. Is & THE HENRY GIRLS: Tá an aimsir go dona, tá cúrsaí polaitíochta in aimhréidh, tá an t-airgead caite ach tá rud amháin a dtig leis an mheanma a ardú –na healaíona. Is é an dea-scéala é go mbeidh siad ar fáil go flúirseach le linn na féile Out to Lunch an mhí seo agus ar mo shon féin, is cinnte go mbeidh mé sa Bhosca Dubh tráthnóna inniu le héisteacht le glórtha áille na Henry Girls. Lón machnaimh daoibhse? 

Tá sé ar bhuanna dearfacha a bheith i do Ghaeilgeoir ná go dtig leat bheith beo i ndá dhomhan - domhan an Bhéarla agus domhain na Gaeilge.

Nó thig an dá dhomhan a mheascadh agus is féidir sin a dhéanamh go furasta sna féilte Eanáir atá ag dul ar aghaidh ar fud na tíre i mí ar chreid daoine nach mbeadh ráchairt ar spraoi chomh luath sin i ndiaidh na Nollag.   

Tá an fhéile Out to Lunch 2019 – an ceann deireanach sula dtabharfar bata agus bóthar don Aontas Eorpach (más fíor) – tá sé geallta ag lucht a heagraithe go bhfuil clár thar a bheith speisialta curtha le chéile acu, clár a athmhúsclóidh do mhuinín sa chine daonna sa ré éiginnte atá romhainn.

Tosaíonn Out to Lunch díreach inniu agus mairfidh an 14ú fhéile seo idir an 4-27 Eanáir, é ag cur thar maoil le ceol beo, seónna grinn, drámaíocht, litríocht, scannáin, an focal labhartha agus bia te le d’anam a chothú le linn na míosa is faide agus is dorcha den bhliain.

Ar bhuaicphointí chlár an cheoil, beidh fathach an cheoil Andy Irvine; Teddy Thompson; an tríréad aoibhinn as Dún na nGall, The Henry Girls agus seó de chuid Mull Historical Society – rud is annamh is iontach – agus Bernard Butler a léirigh albam úr s’acu Wakelines ina gcuideachta.

Sibhse a bhfuil cuimhne agaibh ar cheol na 1980aidí, beidh albam clúiteach The Pixies, Doolittle, á athchruthú agus é 30 bliain d’aois i mbliana ag Arborist, Hand Models agus Sister Ghost.

I measc na n-ócáidí eile ceoil, beidh máistir an ghiotáir chruaigh, Martin Harley; seolfar albam úr Ghráinne Holland, Corcra, agus an t-amhránaí Feirsteach á comóradh ar an ardán ag Brian Finnegan, Sean Óg Graham agus Liam Bradley; ansin beidh Niamh McGlinchey ag lasadh suas an Bhosca Dhuibh lena cuid amhránaíochta; cluinfear an togra úr snagcheoil ó Linley Hamilton agus Kyron Burke, The Sazeracs chomh maith le ceiliúradh de shaol agus de shaothar Barbara Streisand ina mbeidh Lady Portia Di’Monte agus Marion Jordan i seó dár teideal Bab’s Broadway Brunch.

Rud eile ar fad anois agus má tá dúil agat i ngearrscéal James Joyce, The Dead, beidh deis agaibh amharc ar scannán clasaiceach John Huston. Yum.

Beidh beirt scríbhneoirí thar a beo (agus beoga) faoin spotsolas i seó de cuid Out to Lunch agus Wendy Erskine and Rosemary Jenkinson ag léamh as a saothair

Beidh scannán clúiteach eile le feiceáil le linn Out to Lunch, The General de chuid Buster Keaton agus ceol beo leis ó ghrupa folk/

electronica as Sasain, Haiku Salut. 

Chuaigh lucht OtL isteach sna cartlanna agus d’aimsigh trí ghearrscannán a bhaineann le filíocht Bhéarla na hÉireann faoi Seamus Heaney, Patrick Kavanagh agus Damian Gorman.  

Níl a fhios agam a lán Gaeilgeoirí a chaitheann spandex agus a sheinneann ar an ghiotár aeir ach dóibh siúd a dtaitníonn an cineál sin ruda leo, beidh OtL ag ceiliúradh 35 bliain ó tháinig This is Spinal Tap amach – agus beidh karaoke bunaithe ar an scannán ar siúl ina dhiaidh.

Ar na buaicphointí eile, beidh amhráin Stephen Sondheim le cluinstin á gceol ag baill NI Opera Studio agus léacht a bhfuil mé ag dúil go mór leis, Belfast’s Wild Larder le Clare McQuillan.

Tá na seónna seo ag teacht

sna sála ar chinn eile a fógraíodh roimhe seo – Marian Keyes agus Roisin Ingle (díolta amach) Nish Kumar (díolta amach), Steeleye Span (díolta amach), Bronagh Gallagher (seó an tráthnóna, díolta amach), Lucy Porter, Don Letts, London Astrobeat Orchestra performs Talking Heads, The Dodge Brothers, King Kong Company, The Delines, Scott Matthews agus Lost Voice Guy.

Phew!

Dar le stiúrthóir Out to Lunch, Sean Kelly, seo tréimhse éiginnte ina bhfuil muid beo ach “is é an aidhm ata againn an dorchadas a lasadh suas.

“Le 14 bliana, tá an ‘seó agus lón’ i ndiaidh dul i bhfeidhm ar dhaoine. 

“I mbliana, beidh muid ar fáil le croíthe a thógáil le mí de bhia den scoth agus de shiamsaíocht gan sárú.

:: Is féidir gach eolas a fháil faoi Out to Lunch ag an suíomh idirlín cqaf.com.