JANET MULLER, POBAL
BLIAIN í 2018 ina bhfacthas go leor togra nua ag teacht chun cinn – taighde nualaíoch ar an Ghaeloideachas, foirgneamh nua ag Raidió Failte, Gaelscoil nua le bunú in Ard Mhacha agus anois i mbéal na Nollag, scéal faoi Ghaelscoil eile in Oirthear Bhéal Feirste.
Dár ndóigh, ag tús 2018, bhí na cainteanna polaitíochta i mbéal na ndaoine ach thiontaigh an DUP a dhroim orthu. B’ansin a sceitheadh na moltaí a bhí faoi caibidil go dtí sin agus is éigean a rá, ábhar mór díoma a bhí ann cé chomh lag agus chomh baolach a bhí na moltaí do reachtaíocht Ghaeilge sa Dréacht Chomhaontú. D’fhágfadh siad an teanga in áit na leathphingine, gan cearta á gcruthú, gan seirbhísí a shainmhíniú is gan an Ghaeilge a shaorú ó thionchar diabhálach na polaitíochta seictigh.
I mí na Bealtaine, chuir POBAL fáilte roimh chuairt na Saineolaithe neamhspleácha idirnáisiúnta de chuid Chomhairle na hEorpa agus iad ag fiosrú faoi chur i gcrích Chairt na hEorpa do Theangacha Réigiúnacha nó Mionlaigh, agus tionchar an Bhreatimeachta air.
Bhuail POBAL leis na Saineolaithe agus bhí plé cuimsitheach againn, ansin reachtáil muid seisiúin eolais le grúpaí Gaeilge agus cuairt treoraithe chuig Bunscoil Phobail Feirste.
Chuaigh an fhianaise a chuir muid rompu go mór i bhfeidhm ar na Saineolaithe.
Cuireadh fáilte mhór roimh sheoladh ár dtaighde nualaíoch, Eispéireas na n-iar dhaltaí de chuid an Ghaeloideachais i mBéal Feirste, agus thug muid faoi eolas ar na torthaí a scaipeadh go forleathan agus togra nua taighde, ag tochailt isteach níos doimhne i roinnt do na torthaí.
Ag deireadh 2018, reáchtáil POBAL toscaireacht go Westminster le hAcht na Gaeilge a phlé le polaiteoirí ó réimse leathan páirtithe ansin.
I gcomhar le Gael-Linn, thóg muig ceist an oideachais chomh maith agus bhí spléachadh againn ar cad é mar a bhí an Breatimeacht ag imirt tionchair ar atmaisféar Westminster.
Ag amharc chun tosaigh Tá muid ag dúil le: Pobal beo, bríomhar agus tograí nua de gach cineál i rith an ama; teagmháil a choinneáil le Westminster faoi Acht na Gaeilge: tuilleadh cainteanna polaitíochta ag pointe éigin agus muid ag súil le toradh níos fearr astu agus reachtaíocht láidir, bunaithe ar na moltaí POBAL á chomhaontú agus tuairisc an-tábhachtach na Saineolaithe ar Chairt na hEorpa a scaipeadh agus a phlé go forleathan.
CIARÁN MAC GIOLLA BHÉIN, AN DREAM DEARG
BLIAIN chinniúnach, fhada a bhí in 2018 ar achan bhealach. Tá mé ag déanamh go mbeidh mic léinn staire ag déanamh anailíse ar bhuaicphointí na bliana seo ar feadh na gcianta.
Ar bhonn pearsanta, tá go leor forbairtí suntasacha a thit amach i mbliana ar bhreá liom tagairt a dhéanamh daofa ach de bharr easpa spáis agus suime leasmhaire, ba mhaith liom díriú ar an fheachtas dhearg mar is dual dom.
Thosaigh 2018 mar a chríochnaigh 2017, leis an tonn mhór dhearg go smior i lár an dioscúrsa pholaitiúil anseo agus ag dul in iomaíocht le hollphéist na Breatimeachta do na horlaigh sna páipéir nuachta. D’éirigh linn aird na meáin idirnáisiúnta a tharraingt ar an scéal áitiúil seo fosta agus bhí ionadaithe an fheachtais ar chláir chlúiteacha ar nós Newsnight ag déanamh an cás ar son chearta teanga. An rud is mó a thóg mo chroí áfach ná an dóigh gur fhorbair fó-fheachtais rannpháirteacha ón mhórfheachtas seo.
Tagraím go háirithe do na feachtais sna hollscoileanna ó thuaidh.
Mar gheall ar thiomantas agus cumas na mac léinn, tá Oifigeach Gaeilge anois ceaptha ag Aontas na Mac Léinn in Ollscoil na Ríona den chéad uair riamh agus tá ceist na comharthaíochta dhátheangaí ardaithe go láidir in QUB agus in Ollscoil Uladh.
Níl aon amhras ach go dtógfar ar na hiarrachtaí iontacha seo i 2019 agus go mbeidh toradh dearfach agus buan le feiceáil a bhrisfidh talamh nua don athbheochan ó thuaidh sna campais tríú leibhéil.
Tharlaigh amhlaidh sna Comhairlí áitiúla nuair a sheas an pobal agus iad spreagtha agus ag leanúint múnla An Dream Dearg i gcoinne cinntithe leatromacha a rinne iarracht an Ghaeilge a chur faoi chosc trí pholasaithe “Béarla amháin” a bhrú fríd.
Bhí bua stairiúil ag pobal na Gaeilge sna cúirteanna agus léirigh seo agus na samplaí eile thuas go bhfuil an fathach a músclaíodh ag tús 2017 fós lán fuinnimh agus beidh go cionn tamaill fhada eile… #AchtAnois
LEONNE NÍ LOINGSIGH, AN CARN
Bliain thar a bheith corraitheach a bhí in 2018 do mhuintir an Chairn.
Thosaigh sé le síniúchan ar Shiopa An Carn agus caife úrnua, An Croí atá oscailte anois agus é ag dáileadh amach scoth an bhia.
Le linn an obair thógála, chuaigh clár plódaithe de ranganna Gaeilge ar aghaidh chomh maith le dianchúrsaí, cumainn óige, ranganna ceoil, grúpa máithreacha agus páistí, imeachtaí Sheachtain na Gaeilge, Feis Charn Tóchair agus Féile Charn Tóchair ina raibh drámaí, coirmeacha agus gach cineál ceardlainne.
Eagraíodh turas rathúil go hAlbain chomh maith.
Sa dara leath den bhliain, bhí siúlóid laindéar dhá oíche againn, reáchtáil muid oíche ghairmthreorach, turas chun na Gaeltachta agus soilse Nollag á lasadh ag Daidí na Nollag agus oíche charúl ina dhiaidh.
Ach ní stopann muid agus tá an chéad imeacht de 2019 ar na gaobhair.
Beidh béile speisialta ag An Croí ar an 6 Eanáir, le Nollag na mBan a cheiliúradh.
Beidh an réimse leathan ranganna ar siúl – ach an clár níos mó agus níos fearr – le linn na bliana ach anuas orthu seo, seolfar Plean Teanga s’againn fríd an Líonra Gaeilge.
Tá muid ag beartú an bhialann a fhorbairt agus réimse níos leithne de bhia an cheantair máguaird a chur ar fail dóibh.
Thig linn seo uilig a dhéanamh a bhuí le Foras na Gaeilge, Comhairle Lár Uladh, Ciste Infheistíochta, ACNl, Heritage Lottery Fund agus Conradh na Gaeilge.