Irish-Language

Aistí in ómós do scoláire a léirigh daonnacht agus saíocht ár sinsear

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">DIARMAID &Oacute; DOIBHLIN: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">T&aacute; <em>S&uacute;g&aacute;n an D&uacute;chais</em> foilsithe in &oacute;m&oacute;s don scol&aacute;ire aitheanta Gaeilge a fuair b&aacute;s i m&iacute; Bealtaine anuraidh. Sa bhaili&uacute;chan, cuirfear aithne ar Aodh Mac AIngil agus ar Sir Felim O&rsquo;Neill agus ar phearsa&iacute; stairi&uacute;la eile as C&uacute;ige Uladh&nbsp;</span>&nbsp;
DIARMAID Ó DOIBHLIN: Súgán an Dúchais foilsithe in ómós don scoláire aitheanta Gaeil DIARMAID Ó DOIBHLIN: Súgán an Dúchais foilsithe in ómós don scoláire aitheanta Gaeilge a fuair bás i mí Bealtaine anuraidh. Sa bhailiúchan, cuirfear aithne ar Aodh Mac AIngil agus ar Sir Felim O’Neill agus ar phearsaí stairiúla eile as Cúige Uladh  

I MÍ FEABHRA i mbliana, chuir mé agallamh ar an phíobaire Liam O’Flynn, an t-agallamh deireanach a rinne sé sula bhfuair sé bás, tá mé cinnte, mí ina dhiaidh.

Phléigh muid na cineálacha éagsúla ceoil a sheinn sé i seánraí éagsúla, go háirithe an ceol clasaiceach i gcuideachta Shaun Davey.

“When I look back, it strikes mé as to how secure it felt to be part of a tradition, especially when you played with people from other genres be it classical or rock or whatever, you realised that you were part of a very solid tradition in itself.”

Smaoinigh mé air sin agus mé ag léamh Súgán an Dúchais: aistí ar ghnéithe de thraidisiún liteartha Chúige Uladh i gcuimhne ar Dhiarmaid Ó Doibhlin, cutha in eagar ag Nioclás Mac Cathmhaoil, Máire Nic Cathmhaoil agus Conal Mac Seáin.

Ta an t-ádh ar cheol na hÉireann agus ar lucht a sheinnte cionn is go bhfuil siad le cluinstin ar fud na cruinne, i dtithe tábhairne, ar ardáin sa bhaile agus thar lear, ar an raidió agus ar an teilifís.

Ní hionann é agus sean-litríocht na hÉireann ie sean-litríocht na Gaeilge cé gur “a very solid tradition in itself” atá ann chomh maith.

Tá an nasc sin leis an chultúr a mhúnlaigh muid agus ar mhúnlaigh sé muidinne leis na céadta bliain, idir an mhaith agus an t-olc, caillte cionn is go bhfuil an teanga caillte ag bunús mór mhuintir na tíre.

Tá aithne againn ar na Normannaigh agus ar Anraí VIII agus ar Shakespeare ach cá mhéad duine in Éirinn a d’aithneodh Aodh Mac Aingil nó a chuala iomrá ar Thoirealach Ó Mealláin nó ar Bhrian Mag Mathghamhna nó ar an Athair John Heely.

Ceann de na fáthanna gur bhain mé an oiread sin taitnimh as Súgán an Dúchais na léargais atá ann ar dramatis personae na litríochta Ultaí ach sa chnuasach seo, tugtar tús aite do laoch nua-aimseartha de cuid na litríochta sin - an Dr Diarmuid Ó Doibhlin a bhíodh ina léachtóir le Gaeilge in Ollscoil Uladh i gCúil Raithin go bhfuair sé bás in 2017.

Bhí Nioclás Mac Cathmhaoil ar dhuine de mhic léinn Dhiarmada agus ba léir go raibh sé faoi dhraíocht ag an scolaire mar fhear léinn agus mar dhuine.

Luann sé an spórt agus an spraoi a bhíodh ann ar thurasanna staidéir a thosaigh i gcónaí i reilig agus a chríochnaigh i dteach tábhairne!

Ach an nasc sin a luaigh mé thuas idir muintir an lae inniu agus an oidhreacht dhearmadta Ghaeilge, bhí Diarmaid ina fhathach agus é ag tógáil droichead idir iad.

“Chuir sé i dtuigse dúinn gur féidir saolta na sean-Ghael a chaitheamh as an nua, ach a gcuid litríochta a léamh agus a thuigbheáil. Is fríd an teagasc seo a cheangail sé cuid mhór daoine óga lena ndúchas in athuair, agus a chothaigh sé athshealbhú ar oidhreacht intleachtúil na Gaeilge ionainn,” a scríobhann Nioclás i réamhrá an leabhair.

Ar a 550 leathanach, tá lón machnaimh ann sna 23 aiste, móide Clár Saothair Dhiarmada curtha le chéile ag a mhac, Crónán.

Tá cuid de na haistí i nGaeilge agus cuid eile i mBéarla agus chuir mé sonrú agus i ndiaidh do Shéamus Mac Mathúna ómós a thabhairt don Doibhlineach, tá cur síos ar The Literary Tradition of Ulster to the Sixteenth Century le Katherine Simms.

Tá an chéad líne thar a bheith suimiúil.

“There is a paradox at the heart of Ulster’s literary development in the medieval period. On the one hand, the church schools of Ulster such as Bangor, Armagh and Derry were central to the formation of a national literature in the Irish language, while on the other, Ulster more than any other part of Ireland took great pride in its cultural inheritance from pagan times,” a scríobhann sí - gunc  dóibh siúd a chreideann go dtosaíonn stair Chúige Uladh leis na Plandálacha!

Leanann sí léi ag cur síos ar fhilí na linne anallód sin i measc na n-aicmí éagsúla – maithe agus móruaisle na tíre, cléir agus tuata.

Ní bhaineann Beannacht ar Nama Éireann le drochbhancanna ach le Scáthán Shacramuinte na hAthridhe a scríobh Aodh Mac Aingil i Lobháin i 1618.

An raibh a fhios agat go raibh ... “Contae Fhear Manach, mar a thugtar inniu air, ar cheann de na ceantair ba tábhachtaí sa tréimhse chlasaiceach (c 1250–1650) i dtaca le saothrú an léinn de.”? mar a scríobhann Nioclás in aiste ar mhuintir Mhéig Uidhir?

Do lucht an Bhéarla, Sir Pheilim O’Neill a bhí ar cheannaire Éirí Amach 1641. Do na Gaeil, mar Fhéilim mac Toirdhealbhaigh mhic Énrí Óig mhic Énrí mhic Sheáin mhic Cuinn mhic Énrí mhic Eoghain a bhí aithne air, nós ginealaigh nach maireann a thuilleadh ar an drochuair.

Tá an-spórt ag baint leis an aiste Ag milleadh tána: Mór-fhilí Oirialla agus an Aoir san 18ú hAois.

Seantraidisiún a bhí san iomarbhá ina gcaitheann filí maslaí ar a gcomhfhilí, á moladh féin agus a ndúiche san am céanna.

Leanann an nós leis i measc daoine óga dhomhan an Bhéarla mar Battle Rap ach in Oirialla san 18ú céad, bhíodh filí a bhfuil aithne orthu inniu i mbun spairne fileata lena chéile.

“Bíonn (an aoir) le fáil, mar a bheifí ag súil, in agallaimh idir na filí féin, i saothair ina gcáintear cléir nó daoine eile a thugann cúl le cine nó creideamh ...” a scríobhann an t-údar, Seosamh Watson.

“Ba é éacht fhilí móra na linne seo, lena fheabhas agus a d’éirigh leo dul i bhfeidhm ar a mbealaí féin ar ghné na haoire i gcoitinne, go ndeachaigh acu corpas saothar neamhchoitianta a chruthú a bhfuil blas nuálach agus spreagúil air.”

Agus d’fhéadfaí an rud céanna a rá faoin bhailiúchán aistí seo chomh maith.

Ar na hábhair a phléitear ann tá cultúr liteartha Oirialla, cúrsaí lámhscríbhinní agus pátrúnachta, eagarthóireacht téacsanna, béaloideas, filíocht na mbard agus go leor eile.

Idir na clúdaigh, tá idir rogha na bpáipéir a tugadh ag comhdhálacha Éigse Cholm Cille agus Éigse Loch Lao le blianta beaga anuas agus ailt a scríobhadh go sonrach in ómós do Dhiarmaid Ó Doibhlin. 

I measc na n-údar, tá scoláirí móra na Ceiltise agus an Léinn Éireannaigh, agus réimse leathan ábhar á chíoradh sna haistí acu. Is léiriú é an leabhar seo ar shainspéiseanna léinn Dhiarmada, go ndéana Dia a mhaith air.