Irish-Language

Oileán sa Mhuir Chairb nach bhfuil ina sclábhaí ag an turasóireacht

<b>AICSEAN AGUS S&Oacute;: </b>N&iacute;l Grean&aacute;da chomh forbartha is at&aacute; oil&eacute;ain eile sa Mhuir Chairb mar gheall ar an t&iacute;rdhreach shl&eacute;ibhti&uacute;il at&aacute; ann ach t&aacute; s&eacute; foirfe mar shaoire eachtra&iacute;ochta &ndash; agus is cinnte nach dtiocfaidh ocras ort!&nbsp;
AICSEAN AGUS SÓ: Níl Greanáda chomh forbartha is atá oiléain eile sa Mhuir Chairb mar gheall ar an tírdhreach shléibhtiúil atá ann ach tá sé foirfe mar shaoire eachtra&iac AICSEAN AGUS SÓ: Níl Greanáda chomh forbartha is atá oiléain eile sa Mhuir Chairb mar gheall ar an tírdhreach shléibhtiúil atá ann ach tá sé foirfe mar shaoire eachtraíochta – agus is cinnte nach dtiocfaidh ocras ort! 

Tiomnaíonn an tiománaí, aoibh mhór ghaire air, suas le mala ghéar, chúng go dtí go stopann sé le os comhair botháin spíosraí áit a mbreathnaím ar noitmig, cainéal, faighneoga chócó (nutmeg, cinnamon, cocoa pods) agus réimse leathan de thorthaí agus de spíosraí cumhra.

Níl an stop seo ar an chlár ama ach bhí an tiománaí ag dáileadh lóin ar mhangaire stalla (a stallholder) –atá gaolta leis seans mór – agus gan mórán moille, away linn.

Níl áit ar bith níos fearr le spiorad pobail a mhothú ná ar bhusanna poiblí ar an oileán beag seo sa Mhuir Chairb, Greanáda.

Ar shiúl ó na stadanna oifigiúla bus, stopfaidh tiománaithe duit má shíleann siad go bhfuil siad de dhíth ort – agus dúradh liom go stopfaidh tiománaithe má tá tú ag iompar málaí troma siopadóireachta, go stopfaidh siad ag do theach agus in amanna go dtabharfaidh siad isteach sa teach iad.

Tá Greanáda 21 míle le 12 mhíle agus tugtar oileán an Spíosra air mar gheall ar fhlúirse na spíosraí a fhásann sa chré thorthúil, bholcánach.

Tá an tírdhreach méith agus sléibhtiúil, breac le bóithre cama agus ní féidir taisteal níos mó na 20 míle san uair bunú an ama.

Líonn an Mhuir the Chairb cósta iarthar an oileáin; cruthaíonn uisce suaite an Atlantaigh muirdhreach gharbh san oirthear agus i lár an oileáin, tá foraoiseacha baistí, moncaithe, radharcanna aille ar shléibhte arda, easanna scoite agus lochanna suaimhneacha a líonann cráitéir bolcáin.

Níl ach beagán óstán ísle sofaisticiúla ar imeall na farraige – a mbunús san iar-dheisceart – a ofrálann só agus bia galánta.

Tá Greanáda ag feidhmiú mar bhun scríbe do thurasóirí le corradh agus 50 bliain anois ach níl sé chomh forbartha is atá áiteanna eile, ar an dea-uair.

Le linn na réabhlóide idir 1979-83, ghlac an DaonRialtas Réabhlóideach (the People’s Revolutionary Government) seilbh ar an chumhacht agus chothaigh naisc láidre le rialtas Chúba a chuir airgead ar fail d’aerfort idirnáisiúnta an oileán a baisteadh as  Maurice Bishop, ceannaire na réabhlóide.

Ach i 1983, de bharr géarchéim eacnamaíochta, thosaigh troid inmheánach pholaitiúil ina maraíodh  Bishop lena linn.

Thug sé sin cúinse (a pretext) do Stáit Aontaithe Mheiriceá ionradh a dhéanamh ar an tír.

An bhliain dar gcionn, reáchtáladh toghcháin oscailte arís agus cuireadh an  daonlathas i réim arís ar an oileán atá mar bhall den Comhlathas Briotanach.

Deir Sir Royston Hopkin, KCMG (ahem!), ambasadóir turasóireachta an oileáin nach tionscail mór é an turasóireacht in Greanáda.

“Níl againn ach 1,500 seomra óstáin ar an oileán faoi láthair,” ar sé, “rud a chiallaíonn go gcaitheann tú stopadh in St Lucia sula dtagann tú do Greanáda. Tá an tionscal ag fás ach ní gasta go leor le háilleacht nádúrtha an oileáin a mhilleadh.”

Deir sé nach bhfuil seans dá laghad ann go mbeidh barraíocht forbartha ar an oileán mar gheall ar infreastruchtúr an oileáin, an tírdhreach intíre – a bhfuil cuid mhór de cosanta – agus, ní hionann agus Antigua, níl 365 trá air.

“Chonaic mé daoine ag roghnú teacht go Greanáda in áit Barbadós, idir mí na Nollag agus Mí Bealtaine sa chuid is mó, mar go bhfeiceann siad Greanáda mar a bhí Barbadós 25 bliain ó shin,” ar sé.

Cé gur cuidiú mór é an turasóireacht do gheilleagar Ghreanáda, ní tús agus deireadh an scéil é do mhuintir an oileáin é.

Baineann siad úsáid as gach píosa talaimh le rudaí a dtig leo ithe a fhás.

Ar an fharraige, soláthraíonn iascairí tuinnín (tuna), ronnach dea-dhathach (rainbow runner), dorád coiteann (mahi-mahi), gliomach (lobster) agus dragainéad (lionfish) dá dteaghlaigh agus teann cuid den ghabháil éisc chuig na hóstáin.

Meastar Greanáda a bheith ar na hoileáin is sábháilte sa Mhuir Chairb, cionn is nach mbíonn ocras ar dhuine ar bith agus cionn is go bhfuil an spiorad pobal agus teaghlaigh thar a bheith láidir.

Tá muintir Ghreanáda thar a bheith miotalach fosta mar a léirigh siad nuair a d’oibir siad le cheile i ndiaidh Spéirling Ivan, a rinne damáiste do níos mó na 90% de na tithe in Greanáda in 2004.

“Is dream ar leith iad muintir Ghreanáda,” a mhíníonn Sir Royston. 

“Cuid mhór de bhunadh na háite, bíonn a leadhbanna beaga talún acu agus tá siad thar a bheith neamhspleách. Réitíonn siad le turasóirí mar dhaoine agus ní mar bhillí dollar.

“Thiocfadh leat stopadh ar thaobh an bhealaigh le beoir a cheannacht agus ghearrfadh an siopadóir mangó ó chrann le tabhairt duit, saor in aisce.”

Sin ráite, tá Sir Royston ar an cheann eile den scala.

Is leisean an Spice Island Beach Resort, láthair beag saoire ardleibhéil suite ar Grand Anse Beach, an trá is fearr ar an oileán.

Tá óstán 5-réalt eile ar na gaobhair – Silver Sands – ach ní chuireann sé isteach nó amach air.

Measann sé go dtarraingeoidh sé níos mo daoine chun an oileán ina iomláine.

Cé gur beag óstán úr atá pleanáilte, tá an t-éileamh ar shaoire eachtraíochta ag fás i rith an ama.

Siúlóidí i bhforaoiseacha baistí, luamhaireacht (yachting), tiúbmharcaíocht aibhne (river tubing) agus tumadóireacht (diving) - tá siad seo uilig ag méadú mar mhalairt ar chuairteanna chuig ionaid déanta seacláide, turasanna chuig margaidh spíosraí, blaiseadh rum agus turasanna talmhaíochta ar phlandáil Eastáit Belmont.

Leoga, chuaigh mé féin ar shiúlóid chuig Seven Sisters waterfall, crainn mahagaine agus boladh bambú thart orm.

Amach as an díonbhrat Mount St Catherine, an sliabh is airde in Greanáda a fheiceáil, é 2,757 troigh ar airde agus ní fada go bhfuil mé sáite is suaimhneas Loch Grand Etang, cráitéar nádúrtha bolcáin marbh atá

lán uisce anois, carbán koi (koi carp) le feiceáil ann ó am go cheile.

Ní maighdean turasóireachta é Greanáda ach níl sé ina sclábhaí aige ach oiread, a mheabhraím agus mé ag siúl ar an bhóthar – nuair a stopann bus le fail amach an bhfuil sian de dhíobháil orm ar ais chun na cathrach.