Irish language

Tá deireadh leis An tUltach mar iris chlóite ach mairfidh sí i dtogra úr

GRÁINNE NÍ GHILÍN: Ba chuid de infrastruchtur na Gaeilge é An tUltach le beagnach céad bliain ach tá mianadóireacht le déanamh ar an saibhreas atá folaithe ann i dtogra úr a thosóidh ar an bhliain seo chugainn.
Robert McMillen

I dtréimhse chorrach a tháinig iris Chomhaltas Uladh, An tUltach, amach den chéaduair i 1924, bliain i ndiaidh deireadh teacht le Cogadh na gCarad agus trí bliana ó tháinig an críochdheighilt i bhfeidhm.

Is minic neamhaird á dhéanamh de dhearcadh Ghaeilgeoirí ar imeachtaí tromchúiseacha na staire ach tá léargas glinn ar mheon na nGael le fail in An tUltach fríd thráchtaireacht, fríd thuairimíocht, fríd an fhilíocht agus ní amháin ar chúrsaí reatha.

Deir Gráinne Ní Ghilín, Bainisteoir Digiteach na hirise go bhfuil sé iontach suimiúil amharc siar ar na ceisteanna a raibh pobal na Gaeilge i gCúige Uladh ag cur spéis iontu san am a chuaigh thart. 

“Tá saibhreas mór seanscéalta agus amhrán ann a bailíodh i gceantar Rann na Feirste sna 20idí, 30idí agus 40idí, mar aon le gearrscéalta agus dánta le cuid de na scríbhneoirí Conallacha is clúití ar fad,” ar sí.

“Tá cúrsaí polaitíochta faoi chaibidil, agus tá plé ann ó 1972 ar na buntáistí agus ar na míbhuntáistí a samhlaíodh le ballraíocht na hÉireann agus na Ríochta Aontaithe sa Chomhphobal Eorpach. 

“Ar ndóigh, tá macalla a leithéid de phlé ann inniu agus an Breatimeacht ar na bacáin.

Ar ndóigh, de réir mar a bhíonn cúrsaí teicneolaíochta ag forbairt, bíonn gá le téarmaí nua agus bhíodh neart moltaí ag scríbhneoirí agus léitheoirí An tUltach maidir leis na gléasanna ba nua-aimseartha lena linn féin. 

“Tá plé i gceann de na heagráin is luaithe ar fad, sna luath-fhichidí, ar fhocail a bhaineann leis an cheamaradóireacht agus leis an ghrianghrafadóireacht,” arsa Gráinne.

‘Soilseachán’ an focal a moladh faoi choinne ‘photograph’ agus ‘deilbhmhír’ a moladh i gcás ‘snapshot’. 

Is taifead iontach é seo ar fhorbairt na teanga de réir mar a bhí sí ag titim amach,” ar sí.

Ar an drochuair, tá an teicneolaíocht ag bogadh An tUltach i dtreo eile le go mbeidh sé in oiriúint do nósmhaireachtaí léitheoireachta an lae inniu.

An mhí seo, tháinig deireadh leis an leagan clóite de An tUltach i ndiaidh 94 bhliain. Nach mairg nár mhair sé an chéad!

Tá An tUltach marbh, saol fada don Ultach!

D’fhógair Gráinne go bhfuil Comhordaitheoir Tionscadail le ceapadh le comhordú a dhéanamh ar thogra corraitheach a bhaineann le cartlann shaibhir na hirise.

‘Stair faoi cheilt – oidhreacht Ghaelach Chúige Uladh a fhiosrú trí shúile An tUltach’ an teideal atá ar an togra atá á mhaoiniú ag an Heritage Lottery Fund.

Tá sé beartaithe grúpaí d’oibrithe deonacha de gach aois a thabhairt le chéile – daltaí scoile agus mic agus iníonacha léinn tríú leibhéal san áireamh – chun dul ag tochailt i gcartlann na hirise le cuid de na hailt is spéisiúla a aimsiú agus a chur ar fáil

do phobal an lae inniu. Chuige sin, gheobhaidh na

hoibrithe deonacha bun-oiliúint i scileanna taighde agus cartlannaíochta.

Bainfidh gné amháin den tionscadal le clár scoileanna An tUltach agus beifear ar lorg ábhar a rachaidh chun tairbhe do mhúinteoirí agus do dhaltaí scoile araon.

Beidh deis ag rannpháirtithe sa togra comparáid a dhéanamh idir ábhar a cuireadh i gcló ar an iris san am a chuaigh thart agus é sin a bhíonn ann sa lá atá inniu ann.

“Beidh taispeántais fhisiciúla á gcur le chéile againn agus reáchtálfar léachtaí poiblí ar fud Chúige Uladh le linn an togra bliana,” arsa Gráinne. 

Déanfar digitiú chomh maith ar chuid den ábhar ón chartlann ionas go mbeidh faill ag daoine ar fud na cruinne blaiseadh a fháil d’oidhreacht shaibhir An tUltach.

Tá na sonraí uile faoin phost mar Chomhordaitheoir Tionscadail le fáil ar www.peig.ie/foluntais agus is é an 12 Nollaig 2018 an spriocdháta faoi choinne iarratas.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Topics

Categories

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: