Irish-Language

Tá Spórtlann na hÉireann i gcroílár na físe don dara hathbheochan sa Ghaeilge ó thuaidh

<b>BHUEL, DIA DUIT, MARY LOU:&nbsp;</b>Bh&iacute; Uachtar&aacute;n Shinn F&eacute;in Mary Lou McDonald ag Col&aacute;iste Feirste D&eacute; Luain le f&iacute;s mhaoinithe do Sp&oacute;rtlann na h&Eacute;ireann a sheoladh agus chun bualadh le dalta&iacute; an Chol&aacute;iste agus le Se&aacute;n Mist&eacute;il Cathaoirleach Fhorbairt Feirste
BHUEL, DIA DUIT, MARY LOU: Bhí Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald ag Coláiste Feirste Dé Luain le fís mhaoinithe do Spórtlann na hÉireann a sheoladh agus chun bualadh le daltaí BHUEL, DIA DUIT, MARY LOU: Bhí Uachtarán Shinn Féin Mary Lou McDonald ag Coláiste Feirste Dé Luain le fís mhaoinithe do Spórtlann na hÉireann a sheoladh agus chun bualadh le daltaí an Choláiste agus le Seán Mistéil Cathaoirleach Fhorbairt Feirste

TÁ MUID i ndiaidh teacht fríd an oiread sin réanna úra i saol na Gaeilge go bhfuil Gaeilgeoirí cosúil le Dr Who, ag taisteal anonn is anall fríd am ag luas níos mo na mar a thig leis an ghnáthdhuine a shamhlú.

Tá siad bródúil as a bhfuil bainte amach acu san aimsir chaite ach is féidir leo an todhchaí a fheiceáil fosta – cionn is go bhfuil sé pleanáilte go mion roimh ré acu. 

Tá an oiread sin laethanta stairiúla á gceiliúradh againn go mbeidh orainn focal úr a chumadh don “stair”.

Tháinig na smaointe sin uilig i m’intinn agus mé ag Coláiste Feirste do sheoladh thionscnamh fadradharcach eile a dhaingneoidh stádas na Gaeilge i mBéal Feirste agus a dhíreoidh spotsolas ar ról lárnach phobal na teanga in athbheochan dearfach na cathrach go ginearálta le leathchéad bliain anuas.

Spórtlann na hÉireann is ainm don tionscnamh agus, ag tagairt do arís do Dr Who, beidh sé ag dul siar go dtí na héachtaí a leag an dúshraith d’athbheochan na Gaeilge le 2/3 ghlúin anuas agus chun cinn chuig na leasa uilig a dtig le fealsúnacht agus cur chuige phobal na Gaeilge a thabhairt don chathair agus muid ag iarraidh gortuithe na haimsire caite a leigheas.

Ach cad is Spórtlann na hÉireann ann? Suí siar go bhfaighidh tú amach.

Is é atá sa Spórtlann ná mol cultúir, ealaíona, oideachais agus spóirt lonnaithe i gColáiste Feirste sa Cheathrú Ghaeltachta in iarthar Bhéal Feirste.

Clúdaíonn sé 3.876 heicteár nó ceithre pháirc peile más fearr leat.

Mar lárionad feabhais do gach glúin sna cluichí Gaelacha agus mar shuíomh ina dtig le daoine úsáid a bhaint as a gcuid Gaeilge agus iad i mbun spóirt, fóillíochta, foghlamtha agus siamsaíochta, is é an Spórtlann an chéad cheann dá leithéid in Éirinn é.

Ni nach ionadh go raibh lúcháir ar Jake Mac Siacais, Stiúrthóir Forbairt Feirste ag seoladh an fheachtais mhaoinithe a chuirfidh na codanna éagsúla as a mbeidh an Spórtlann déanta i gcrích.

Bhí an seoladh i gColáiste Feirste, scoil atá i gcroílár na scéime uaillmhianaí ainneoin na míbhuntáistí atá ar a cuid daltaí.

“Tá an scoil seo ar an scoil is measa maidir le beilte saora (slat tomhais de bhochtaineacht cheantair),” ar sé.

“65 faoin chéad de dhaltaí na scoile, faigheann siad beilte saora scoile.

“Na scoileanna is cóngaraí dúinn, na scoileanna cuimsitheacha stáit, is é 37 faoin chéad an figiúir.

“Ach i gcomórtas leis na scoileanna cuimsitheacha Béarla, cuireann Coláiste Feirste 13 faoin chéad níos mó dá cuid dalta fríd na scrúduithe GCSE ina bhfaigheann siad cúig cinn agus cuireann muid 23 faoin chéad níos mo chun cinn le hardleibhéil a dhéanamh.

“Sna scoileanna Béarla, téann 17 faoin chéad de dhaltaí chun na hollscoile, i gColáiste Feirste, téann 42 faoin chéad.”

Léiríonn na figiúirí seo an rath atá ar an scoil constaicí a shárú.

Tá an chéad chéim den Spórtlann beagnach críochnaithe agus osclófar é go luath in 2019.

Dé Luain, fógraíodh go rabhthar le maoiniú £5 mhilliún a lorg ó ranna rialtais agus ó dhaonchairde i Meiriceá agus san Eoraip leis an dara chéim a chur chun cinn.

Tá airgead geallta cheana ag Comhairle Cathrach Bhéal Feirste agus i measc na dtograí a bheidh ann, beidh An Spás Dín.

I measc rudaí eile, seo cartlann athbheochan na Gaeilge ina mbeidh cáipéisí tábhachtacha a bhaineann le hatógáil Shráid Bombay; scéal Ballymurphy Enterprises; téipeanna a rinne Marcas Ó Murchú; Físeanna agus Taifid Mhic Sheáin; An t-Aifreann Gaeilge agus an nuachtán Lá. Leoga, scéal daonna na Gaeilge i mBéal Feirste le 50 bliain anuas. 

Beidh beár sú ann agus beidh deis ag daoine triail a bhaint as na cluichí Gaelacha.

Leanfar athfhorbairt ar Theach Ard na bhFeá mar Institiúid Síochána Nansen (thig leat Fridtjof Nansen a googleáil le tuilleadh eolais a fhail ar an fhear thar a bheith suimiúil seo).

Beidh lárionad feabhais bunaithe don iomáint, spásanna traenála, balla cinéiteach (googláil “kinetic wall fosta), clinc do chinéiseolaíocht agus do fhisiteiripe chomh maith le spásanna pobail. cultúir agus  ealaíona.

Phew!

Ach ar cheann de na tograí tromchúiseacha eile atá beartaithe, tá scéim úr tithíochta sna pleananna.

Ba é bunú Ghaeltacht Bhóthar Seoighe an gníomh cinniúnach a chuir an lasair sa bharrach o thaobh cur chun tosaigh na Gaeilge ó thuaidh ach dar le Caitlín Ní Ruanaí, tá sé aisteach nár lean pobal ar bith eile sampla Bhóthar Seoighe le scéim tithíochta a forbairt do theaghlaigh atá ag iarraidh a gclanna a thógáil le Gaeilge.

“Is mithid an cheist seo a ardú arís – go mba chóir a leithéid de scéim a fhorbairt sa Cheathrú Ghaeltachta,” ar sí.

“De réir a chéile, chonaic muid lenar súile cinn aisling na Ceathrún Gaeltachta á fíorú.

“Tá athbheochan eacnamaíochta agus sóisialta iarthar Bhéal Feirste á thiomáint ag an Ghaeilge. 

“Tá go leor bainte amach ach tá sé thar ama chéad chéim eile a ghlacfadh agus scéim tithíochta do Ghaeil Bhéal Feirste a bhforbairt.

Tá roinnt mhaith cumann tithíochta ar fud an tuaiscirt a sholáthraíonn tithíocht shóisialta do phobail le riachtanais ar leith. Ni fheiceann muid fáth ar bith nár choir scéim tithíochta a thionscnamh do mhionlach teanga. 

“Tá roinnt suíomhanna aimsithe cheana féin, ceann acu go díreach in aice le balla an Choláiste seo agus ba mhaith linn tacaíocht dár bpolaiteoirí an coincheap seo a fhorbairt.

“Nárbh iontach an rud é, pobal – idir pháistí agus thuismitheoirí – ina gcónaí sa cheantar seo agus iad ag caitheamh a saoil trí Ghaeilge.

“Tá an líon daoine ann agus tá an t-éileamh ann; tá sé thar am againne sampla cheannródaithe Phobail Feirste a leanúint agus an chéad chéim eile a ghlacadh," arsa Caitlín..

Thug Mac Siacais buíochas do Shinn Féin as a dtacaíocht – “ach go bé iad ní bheadh muid san áit ina bhfuil muid” – agus ba í Mary Lou McDonald, uachtarán an pháirtí, a sheol an tionscnamh.

“Ni amháin gur bua do Ghaeil Bhéal Feirste í an tionscadal seo, is bua do mhuintir Bhéal Feirste go léir í mar sin caithfear fís agus paisean Fhorbairt Feirste agus Choláiste Feirste a mheaitseáil le hinfheistíocht.

“Tá súil agam go mbeidh mar ar ais anseo agus Spórtlann na hÉireann críochnaithe.

“Is cinnte go mbeidh Sinn Féin ag cuidiú libh oiread agus is féidir an fhís seo a fhíorú,” arsa Uachtarán an pháirtí.