Irish language

Ag ceiliúradh 50 bliain ó tharla Big Bang na Gaeilge i mBéal Feirste

RADHARC AGUS FÍS: Tá radharc breá ó Choláiste Feirste ach ba é fís na ndaoIne seo a leag an dúshraith d’athbhochan na Gaeilge ó thuaidh, ó chlé, tá Seán Mac Ghoill, Bríd Nic Sheáin, Séamus Mac Seáin, Máire Mhic Sheáin, Caitlín Mistéil agus Gearóid Ó Chairealláin. 
Robert McMillen

BÍONN go leor cainte ar an bhearna tuigbheála atá ann idir daoine óga agus seandaoine, an generation gap a thugtar i mBéarla air.

Ar ndóigh, níl a leithéid ann i gcuid mhór teaghlaigh agus is léir nach bhfuil sé fíor i measc clanna na ndaoine a bhunaigh an Gaeltacht i mBéal Feirste i 1969, an chéad Ghaeltacht uirbeach in Éirinn.

Is doiligh a chreidbheáil an dul chun cinn atá déanta ó thaobh na Gaeilge de ó bhog an cúigear teaghlach isteach i suíomh glas in iarthar Bhéal Feirste le pobal Gaeilge a thógáil ann. 

Ba é seo Big Bang na Gaeilge, dar le Seán Mistéil, mac le Joe agus Caitlín Mistéil a bhí ar na chéad daoine a bhog isteach ina dtithe úra, turgnamh nár baineadh triail riamh roimhe as.

“Ní amháin gur bhunaigh siad an Ghaeltacht ach bhunaigh siad an chéad Ghaelscoil sa chathair i 1971 agus as sin a tháinig an dara ceann, Gaelscoil na bhFál agus anois, tá ar a laghad 79 nGaelscoil ar fud an tuaiscirt,” arsa Seán. 

“Beidh oscailt na n-áiseanna úra mórthaibhseacha ag Coláiste Feirste ar luach £15m mar chloch-mhíle suntasach eile i bhforbairt na teanga i mBéal Feirste sa bhliain 2019. 

“Ach, leagadh an dúshraith níos mó ná 50 bliain ó shin agus ár dtuistí mar lánúnacha óga ag foghlaim na Gaeilge i ranganna oíche fud fad Bhéal Feirste. 

“Ach anuas ar fhoghlaim na ndiachlaonta, thuig ár dtuismitheoirí go raibh fealsúnacht oscailte, forbhfáilteach le fáil sa Ghaeilge agus go mbeadh an teanga ina uirlis saol níos fearr a chruthú dá bpaistí féin agus dá bpobal ar aon.  

“Bhí an fhís acu sráid chónaithe a bhunú ina mbeadh an Ghaeilge amháin mar theanga an tí agus tháinig an tuar faoin tairngreacht – i ndiaidh na mblianta de chur ó dhoras, de dhiúltachas agus de míthuigbheáil – nuair a tógadh tithe Bhóthar Seoighe i 1969 mar thoradh ar dhian-obair, ar an chruthaitheacht agus ar an sprid sin dochloíteachta a mhaireann i bpobal na Gaeilge go dtí an lá atá inniu ann."

Bhí ceannródaithe Bhóthar Seoighe ar thús cadhnaíochta in athbheochan iontach na teanga ach is dócha nach dtiocfadh leis an duine ba dhóchasaí ina measc an toradh dochreidte a bheadh ar a dhíograis a shamhlú.

Bhí fís acu nach dtiocfadh le lucht an Bhéarla a thuigbheáil ná baol air cionn is nár thuig siad a spreagúla is a bhí an teanga, ní meascán mire de litreacha agus de ghramadach agus de chomhréir agus dá réir, ach gur áis í a dtiocfadh le gach duine leas a bhaint as, go raibh mianach ann a dtiocfadh le daoine fuinneamh a tharraingt as.  

Ní nach ionadh mar sin go mbeidh an bhliain seo chugainn ina chúis cheiliúrtha do Ghaeltacht Bhóthar Seoighe, agus é 50 bliain ar an fhód.

Chuige sin, tá Seán Mistéil ag iarraidh go dtiocfaidh páistí agus/nó garpháistí Ghaeltacht Bhóthar Seoighe le chéile mar choiste eagraíochta le plean ceiliúrtha a chur le cheile, lámh ar lámh leis na bunaitheoirí féin. 

Beidh an cruinniú i gColáiste Feirste an Mhairt seo chugainn, 7 Samhain ar a 7i.n. leis an tionscadal a lainseáil.

“Beidh deis againn smaointe a phlé ach seans mór go mbeidh barraíocht ann mar níorbh í an Ghaeilge ceann scríbe amháin ár dtuismitheoirí, gléas riachtanach a bhí ann sochaí ceart agus cóir a bhunú,” ar sé.

Leoga, liosta le háireamh é an méid atá bainte amach ag laochra Bhóthair Seoighe agus ní amháin i gcúrsaí Gaeilge.

Bhí siad go mór chun cinn in atógáil Bombay Street a dódh go talamh sna Trioblóidí in 1969, mar shampla.

Chreid siad fosta, má thógann tú páistí maithe, beidh an pobal nó an sochaí níos fearr dá réir agus tá sé sin le feiceáil sna glúnta a tháinig ina ndiaidh.

“Deirtear go dtógann baile leanbh ach ardchathair a bhí againne ag tacú linn,” arsa Seán. “Ba phobal beag é Bóthar Seoighe a raibh pobal ollmhór taobh thiar de. Cad é mar a aithneoidh muid an cuidiú seo sa bhliain cheiliúrtha?” a fhiafraíonn sé.

Bhí suim riamh ag bunaitheoirí na Gaeltachta sa Stair agus is cuimhin le Seán an iliomad turas staire a eagraíodh. Ar chóir turas eile a bheartú?

Mar gheall ar an naimhdeas a bhí ag na húdaráis a raibh an t-airgead acu, saineolaithe sa tiomsú airgid a bhí i muintir Bhóthair Seoighe mar sin, d’oscail siad Siopa an Phobail. Bhí siad chun cinn i gcúrsaí fiontraíochta agus, em, sa ghrúdaireacht baile!

“An féidir linn an bheoir s’againne féin a chruthú don bhliain 2019?” a fhiafraíonn Seán.

Thuig siad a thábhachtaí is a bhí an iriseoireacht agus an abhcóideacht agus bhí siad ar na chéad daoine a bhunaigh Nuachtáin Bhaile Andarsain, mar shampla.

Agus is iomaí smaoineamh eile atá á gcur chun tosaigh cheana féin.

Táthar ag dúil go mbeidh ceiliúradh ar an lá a d’aistrigh gach teaghlach chuig an teach nua le linn 1969 ach cad é eile ar choir iad a cheiliúradh? 

Ina litir, thug Sean cúpla leid:

Na Mná – ba mhó na hiarrachtaí agus an rath a bhain na mná amach, thar aon ní eile. 

Ba mhór an t-ualach a bhíodh orthu agus ba mhaith linn ómós a thabhairt do mháithreacha na sraithe a bhí mar thacadóirí agus gníomhaithe uirísle.

“An tOideachas – chuir na tuistí s’againne tús le hathbheochan na Gaeilge, ar chóir do Chomhairle na Gaelscolaíochta comhdháil bhliantúil ar leith a eagrú agus béim aige ar cheiliúradh, nuáil, agus fiontar mar a chonacthas le bunaitheoirí na Gaeltachta?”

Measann Seán go léireoidh eiseamláir bhunaitheoirí Bhóthar Seoighe go bhfuil straitéis úr de dhíth ar bhonn náisiúnta.
“Cad é tá bainte amach ag Bliain na Gaeilge mar shampla?’ a fhiafraíonn sé.

“Ba mhaith liom iarraidh ar gach teach sa Ghaeltacht páiste nó garpháiste a mholadh le go dtig comhoibriú a dhéanamh agus a chur le chéile don chomóradh tromchúiseach 50 bliain seo.” 

:: Arís, beidh an cruinniú ar siúl ar an i gColáiste Feirste ar an 7 Samhain leis an bhliain mhór thábhachtach seo a phlé. Is féidir teagmháil a dhéanamh le Séan Mistéil ar 028 9002 4865.

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Topics

Categories

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: