Irish-Language

Féile a fuair bua ar an diúltachas agus atá ag dul ó neart go neart le 30 bliain

<b>DUL CHUN CINN NA F&Eacute;ILE: </b>T&aacute; F&eacute;ile an Phobail ag athr&uacute; as a riocht agus ag forbairt le 30 bliain anuas ach t&aacute; muintir iarthar Bh&eacute;al Feirste i gc&oacute;na&iacute; i gcro&iacute;l&aacute;r na n-imeachta&iacute;.&nbsp;<span class="Apple-tab-span" style="white-space:pre">							</span>
DUL CHUN CINN NA FÉILE: Tá Féile an Phobail ag athrú as a riocht agus ag forbairt le 30 bliain anuas ach tá muintir iarthar Bhéal Feirste i gcónaí i gcroílár na n-imeachtaí DUL CHUN CINN NA FÉILE: Tá Féile an Phobail ag athrú as a riocht agus ag forbairt le 30 bliain anuas ach tá muintir iarthar Bhéal Feirste i gcónaí i gcroílár na n-imeachtaí. 

COIRM phléascach cheoil, siúlóid threoraithe thar a bheith suimiúil, díospóireacht theasaí, barraíocht le hól, Bascaigh, Catalóinigh agus Palaistínigh, aghaidheanna péinteáilte, grianghraif mhothúchánacha, ollphuball ag preabarnach, dánta agus prós sa Rock Bar, peil sa pháirc, gléasadh suas, cairdeas, popcheol na 1980í, na trilsí gáire.

Okay, ní Lisdoonvarna le Christy Moore é ach beidh cuimhní éagsúla ag gach duine a chaith seal, dá ghiorracht é, i gcroílár Fhéile an Phobail in iarthar Bhéal Feirste.

Tá an leanbh a tháinig ar an saol ag tréimhse thar a bheith gránna i saol na cathrach seo i ndiaidh teacht i méadaíocht agus meascán deas de aibíocht, de dhoimhneacht agus de spraoi ag baint leis agus é tríocha bliain d’aois i mbliana.

Is iomaí cor ina cinniúint sa tréimhse sin ach sheas sé an fód do cibé fís a bhí aige agus ar son mhuintir iarthar Bhéal Feirste.

Ba é a bhí sa chéad fhéile ná ceiliúradh ar bhunadh na háite le mórshiúl carnabhail do dhaoine óga agus cóisir phoiblí i bPáirc Dunville. 

Céim bheag a bhí ann le dul in éadan na híomhá a bhí ag daoine nach raibh ina gcónaí sa cheantar. 

I Mí Mhárta na bliana inar bunaíodh an fhéile, maraíodh triúr ball den IRA i nGiobráltar; rinne Michael Stone ionsaí thórramh dhuine acu, ag marú triúir; ag sochraid duine acu sin, maraíodh beirt shaighdiúr Sasanacha os comhair na gceamairí teilifíse.

Tréimhse uafásach a bhí ann agus gach cuid den tsochaí faoi ghruaim agus faoi fhearg. 

Ní amháin go raibh imeachtaí scáfara ag dul ar aghaidh ar na sráideanna ina dhéanfadh daoine a gcuid siopadóireachta nó ina ndéanfadh siad comhrá lena gcomharsanaigh, ach bhí an saol mór ag caitheamh anuas ar dhuine ar bith arb as iarthar Bhéal Feirste é. Diabhail in Ifreann a bhí iontu.

Cruthaíodh Féile an Phobail den chéad uair leis an dearcadh sin a bhréagnú,  gur “pobal sceimhlitheoirí’ a bhí in Iarthar Bhéal Feirste, áit nach raibh baint ná páirt aici leis an tsaol mhór amuigh.

Ach le himeacht aimsire, d’imigh an dearcadh sin (ní go hiomlán) agus tá an pobal seo a bhí cúngaithe, imeallaithe, mallaithe agus míthuigthe ag daoine “measúla”, ní amháin go bhfuil a ghlór le cluinstin ach tá sé ina eiseamláir do phobail eile ag cruthú go dtig leis na healaíona agus an cultúr agus an plé a bheith go mór chun leasa an tsochaí.    

Na laethanta seo, reáchtálann Féile an Phobail imeachtaí i rith na bliana agus féile choicíse mar bhailchríoch air, féile a mbíonn rannpháirtithe agus cuairteoirí ag tarraingt uirthi ó gach aon chearn den domhan.

Beidh stair chorrach Fhéile an Phobail á ríomh i gclár teilifíse  Féile: 30 Bliain ag Fás a fheicfear ar BBC2 NI an Domhnach beag seo (28 Deireadh Fómhair) ar 10.30in.

Beidh cead cainte ag stiúrthóirí na féile agus cluinfidh muid ó shaorálaithe (bunchloch fhéile ar bith)  agus ó dhaoine a bhíodh agus atá rannpháirteach sa ruaille buaille bliantúil agus gheobhadh muid spléachadh ar na cúiseanna casta ar éirigh leis an fhéile í féin a chur i lár an aonaigh, ón tús le linn laethanta dorcha na coimhlinte go dtí an lá atá inniu ann, nuair a bhíonn réaltaí ollmhóra ar an ardán ann, agus bíonn a thionchar cultúrtha le feiceáil ar an ealaín, ar an amharclannaíocht, ar an scannánaíocht agus ar an raidió.

An bhun-aisling a bhí ag an Fhéile ná clár leathan de ghníomhaíochtaí cultúrtha agus ealaíonta bunaithe sa phobal a chur in áit an achrainn a bhíodh ann, le cruthaitheacht an cheantair a cheiliúradh agus le deireadh a chur leis an fhuinneamh dhiúltach agus leis an dearcadh dhiúltach seo.

Tá ról na Féile athraithe go mór sa lá atá inniu ann – tá sé i bhfad níos cuimsithí na féile ealaíona. 

Tá sé ag éirí níos cosúla le Scoil Samhraidh anois agus na díospóireachtaí sin ar chóir do phobail ar fud na cathrach agus níos faide i gcéin a bheith acu más mian leo theacht ar mhalairtí don choimhlint agus leas na ndaoine a chur chun cinn.

Chuige sin, cuirtear cuireadh ar dhaoine taobh amuigh de mhór-thraidisiún iarthar Bhéal Feirste teacht le páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí.

Is féile í a bhí dírithe ar phobal amháin, tráth ach mar a dúirt duine de lucht eagraithe na féile: “Tá fréamhacha na féile go daingean sa phobal go fóill, ach níl teorainn ar bith anois leis an téarma sin pobal.”