Irish language

Labhraíonn Mary Robinson ar son íobartaigh uile an athraithe aeráide

THE MARY AND FRANK SHOW: Tá aithne ag Frank McDonald ar Mary Robinson le daichead bliain anuas agus an bheirt acu paiseanta faoin timpeallacht in Éirinn agus thar lear. 
Robert McMillen

IS MINIC MUID ag caint ar an athrú aeráide agus ar an téamh domhanda i dtéarmaí eolaíochta ach tá gné amháin a fhágtar ar lár sa díospóireacht - is é sin an ceart.

Tá Ceartas Aeráide nó Climate Justice ar bhunchlocha eagraíochta a bhunaigh iar-Uachtarán na hÉireann, Mary Robinson.

Bhí bean Mhic Róibín in Ollscoil Uladh i mBéal Feirste oíche Luain agus í mbun comhrá le colúnaí an Irish Times, Frank McDonald faoin leabhar úr atá amuigh aici, Climate Justice, Hope, Resilience, and the Fight for a Sustainable Future.

Idir na clúdaigh, cuireann muid aithne ar dhaoine - mná a mbunús mór - ata ag troid in éadan an uafáis atá rompu mar gheall ar pholasaithe rialtais agus ar iompar an ghnáthdhuine.

Bhuail an bheirt acu le chéile den chéad uair 40 bliain ó shin nuair a bhí alltacht ar dhaoine go rabhthar le sean-suíomh Lochlannach i mBaile Átha Cliath, Wood Quay le scrios.

An t-am sin ag tús na 1970idí, ní raibh iomrá ar bith ar an téamh domhanda nó ar an athrú aeráide.

Fiú nuair a bhí Mary Robinson ag obair mar Ard-Choimisinéir na Náisiún Aontaithe do Chearta Daonna idir 1997 agus 2002, phléigh sí le cearta daonna, cearta na mbundúchasach, cearta inscne, cearta daoine a raibh mí-chumas orthu ach níor thug sí oiread agus aitheasc amháin ar na cearta a bhaineann leis an athrú aeráide ar fud na cruinne.

“I ndiaidh mé an tArd-Choimisiún a fhágáil in 2002, chinn mé ar a bheith ag obair ar chearta sóisialta agus eacnamaíochta san Afraic,” a mhínigh sí.

“Na cearta sin atá ríthábhachtach nuair nach bhfuil go leor bia agat nó nuair nach bhfuil uisce glan agat. Agus gach uile dhuine ar labhair mé leo ar fud na hAfraice, dúirt siad go raibh rudaí go síoraí ag dul in olcas.

‘Dúirt bean amháin liom, Constance Okellet, as Uganda, gur chreid siad go raibh Dia ag cur pionóis ar an Afraic ach nuair a chuaigh sí chuig comhdháil ar an athrú aeráide fuair sí amach gurbh é saol daoine saibhre a bhí ag cur pionóis orthu.

“Nuair a chuaigh sí ar ais chuid a sráidbhaile, chuir siad ceist uirthi an raibh duine ar bith ag teacht lena sábháil agus dúirt sí nach raibh, go mbeadh orthu rudaí a dhéanamh as a stuaim féin – agus rinne.”  

Sin pointe láidir a tháinig as an chomhrá – gurb iad na tíortha is lú milleán na tíortha is mó atá thíos leis an athrú aeráide agus gurbh iad muintir na háite – mná ach go háirithe dar le Bean Mhic Róibín – na daoine is mó a thuigeann na fadhbanna.”

Luaigh sí cúigear feirmeoirí as tíortha éagsúla san Afraic ar bhuail sí leo.

Is iad na mná is mó a dhéanann an fheirmeoireacht agus dúirt feirmeoir amháin go raibh na tuilte chomh holc sin go raibh sí buartha faoi líon na mban a bhí ag tiontú ar an striapachas mar ghairm. Survival sex a thugann siad air.

Tá na cúinsí aimsire faoina bhfuil muintir na hAfraice agus tíortha leochaileacha in áiteanna eile beo “taobh amuigh de thaithí ar bith a bhí riamh againn” mar a dúirt bean amháin a bhíonn ag obair ar an talamh.

Ach ní amháin ar an Afraic atá leabhair Mhic Róibín dírithe.

Pléann sí le creimeadh ar an chósta in áiteanna ar nós Alasca, agus pléann sí fosta na fadhbanna a chrann oileáin bheaga san Aigéan Chiúin, Kiribati ach go háirithe. 33 oileán ar fad atá in Kiribati agus iad uilig an-íseal. Má ardaíonn an fharraige, báfar iad. 

Ar na laochra eile atá sa leabhar, tá Anote Tong, iarUachtarán Kiribati.

“Bhí seisean ag iarraidh go n-abródh tíortha forbartha na cruinne go gcoinneodh siad go docht teas na cruinne faoi 1.5 chéim den teas a bhíodh ann sular tháinig an tionsclaíochta ar an fhód.

“Chuaigh Anote go Copenhagen i 1999 don chomhdháil timpeallachta ansin agus bhí sé croíbhriste nár tháinig na cumhachtaí móra ar réiteach lena linn,” arsa Bean Mhic Róibín.

“B’éigean dó dul ar ais chuig a mhuintir agus a rá leo nach raibh todhchaí ar bith acu.”

O shin i leith, tá talamh ceannaithe ag Kiribati ar Fiji sa dóigh is, nuair a ghlacann an t-aigéan seilbh ar oileán s’acu, go mbeidh áit acu le dul.

Tá sé mar a gcéanna sna Maildíve. Mar ardaíonn an fharraige le meadar amháin, fágaimis slán ag na Maildíve.

Agus má shileann muid nach fiú faic na tíortha beaga seo, tá sé tábhachtach a chuimhniú go bhfuil leas s’againne fite fuaite le leas s’acu féin.

Dar le Mary Robinson gur tuarascáil thar a bheith tábhachtach don domhan ar fad é an ceann is déanaí ón IPCC (the UN Intergovernmental Panel on Climate Change) a foilsíodh an mhí seo.

D’oibir tíortha ar nós na stáit bheaga oileánacha, Neipeal, Banglaidéis agus na hAetóipe go dian díograiseach le cur síos úr a leagan síos don chuspóir ar cheart a bheith againn maidir leis an athrú aeráide.

“Rud nár thuig mé go dtí gur léigh mé an tuairisc seo na ... bhí sé intuigthe go gcaífidh muid an téamh domhanda bheith idir 1.5 chéim agus 2 chéim. Ach tugann an tuairisc seo le fios go bhfuil contúirt ann don domhan ar fad agus ní na hoileáin bheaga i lár an aigéin atá i mbaol, tá muid uilig faoi bhagairt, yep, Béal Feirste san áireamh. 

Is é an 1.5 chéim an sprioc ach má tá muid uilig le bheith slán, caitheann sé fanacht níos lú ná sin.

Tá an téamh domhanda ag obair níos gasta ná mar a shíl na heolaithe.

Thaitin an samhradh fada grianmhar linn uilig ach cad é atá taobh thiar de? Agus cad é a thiocfaidh ina dhiaidh agus níos mó stoirmeacha teacht chugainn.

Má ardaíonn an teocht os cionn 1.5 chéim imeoidh an sceir choiréil, imeoidh speicis dhifriúla ar fud na cruinne, imeoidh an talamh síor-shioctha.

Le muid féin a shábháil, caitheann muid gás ceaptha teasa a ísliú le 45 faoin chéad.   

Thagair Mary agus Frank do rud eile atá ag cur bhuartha ar dhaoine.

Má thugtar isteach gach riail úr a dtig linn smaoineamh orthu le cuidiú leis an timpeallacht, cad é a dhéanfaidh na hoibrithe atá ag obair i mianaigh guail mar shampla? Nach mbeidh praghas ollmhór le híoc ag an ghnáthdhuine atá ag obair in earnálacha “salacha” mar a dearfa.

Déanann Bean Mhic Róibín an pointe go láidir go gcaitheann muid tacú leis na daoine ata ag obair i mianadóireacht. Tá siad ag cur leis an fhadhb ach daoine coitianta iad nach bhfuil ach ag iarraidh jab a bheith acu.

:: Tá Climate Justice le Mary Robinson foilsithe ag Bloomsbury. 

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: