Irish language

Mar a tháinig an liobraíochas chun cinn agus an baol atá ann dúinne

BAGAIRT DON DAONLATHAS?: Creidtear nach liobraíoch atá in Donald Trump cé go nglacann sé le cuid de na luachanna agus de na spriocanna atá acu, a mhíníonn Nancy McLean ina leabhar úr ar fhréamhacha na heite deise i Meiriceá agus James McGill Buchanan ar na daoine is tábhachtaí sa ghluaiseacht sin
Robert McMillen

Serendipity. In amanna, tarlaíonn rud beag a chuireann d’aird ar seachrán agus, i bpreabadh na súl, tá tú ag déanamh rud nach raibh tú ag dúil leis.

Sin mar a bhí sé nuair a léigh mé tvuít a rinne tagairt d’alt a scríobh colúnaí de chuid an Guardian, George Monbiot.

Mheall sé m’intinn fiosrach mar sin bhuail mé an cnaipe a thug mé go dtí an t-alt a bhí thar a bheith suimiúil.

Léirmheas a bhí ann ar leabhar atá i ndiaidh teacht amach, Democracy in Chains: The Deep History of the Radical Right’s Stealth Plan for America le Nancy McLean.

Bhí mé gafa. Chuaigh mé díreach chuig Amazon (gabh mo leithscéal a shiopaí neamhspleácha leabhar) agus cheannaigh mé an leagan kindle den saothar.

Gach seans dá bhfuair mé, ar an bhus, ag am lóin, roimh dhul a luí dom, léigh mé codanna den leabhar scáfar seo.

Scáfar cionn is go bhfuil an daonlathas faoi bhagairt ag scata billiúnaithe atá ag iarraidh “saoirse” a bhaint amach ach an tsaoirse chun a rogha rud a dhéanamh gan bac ar bith ó ghrúpaí eagraithe ar nós ceardchumann, grúpaí cearta sibhialta, gníomhaithe timpeallachta ach níos tábhachtaí fós, ó rialtais thofa. Tugann siad liobraíochas nó libertarianism air seo.

“Cad é an ceart atá ag rialtais an t-airgead a thuill mise a bhaint dom i gcánacha le tabhairt do dhaoine nach dtig leo amharc ina ndiaidh féin?” an cheist is mó a chuireann siad.

Téann an dearcadh sin siar go dtí an 18ú céad i Meiriceá ach tá sé ag iarraidh níos teanntásaí le 20 éigin bliain anuas agus ráitis chiníocha, ghnéasaíocha a chuirfeadh déistin agus alltacht ar bhunús na ndaoine á gcraobhscaoileadh gan náire ag daoine a mbíodh agus ar chóir meas a bheith againn orthu.

Tá an fhírinne féin faoi bhagairt agus cumhachtaí móra ag iarraidh daoine a chur fríd a chéile agus tá ollscoileanna féin sa líne tosaigh san ionsaí seo ar chaighdeáin uaisle agus ar an mhoráltacht, an daonnacht in éadan na sainte móire aonair, an bráithreachas in éadan an leithleachais.  

Tosaíonn scéal McLean in Ollscoil Virginia i ndiaidh cás cúirte darb ainm Brown v Board of Education i 1955, arbh é a aidhm deireadh a chur leis an idirdheighilt (segregation) sa chóras scolaíochta sna Stáit Aontaithe.

An bhliain ina dhiaidh sin, 1956, bhuail uachtarán Ollscoil Virginia, Colgate Whitehard Dearden le fear darbh ainm James McGill Buchanan le hoibriú amach cén dóigh ab fhearr le troid ina éadan seo.

Ní raibh sé de cheart ag an rialtas feidearálach inse do na stáit cad é ba choir dóibh a dhéanamh.

Mura raibh siad sásta daoine dubha a ligin isteach i scoileanna do dhaoine bána amháin, bhí an ceart sin acu, dar leo. 

Agus eagla orthu go raibh an lámh in uachtar ag an rialtas i Washington, thosaigh siad ag tabhairt amach maoiniú do scoileanna príobháideacha do dhaltaí geala amháin cionn is go raibh Brown v Board of Education dírithe ar scoileanna poiblí.

Chinn Dearden agus Buchanan ar scoil a oscailt san Ollscoil a mheallfadh plúr aos léinn na heite deise le fealsúnacht an liobraíochais a chur chun cinn. 

(Agus shíl tusa gur ann do ollscoileanna leis na huirlisí a thabhairt duit smaointe nuálacha a bheith agat, eh?

Bhí mé féin ag seimineár a reáchtáil an tOllamh Phil Scraton in Ollscoil na Ríona a cháin an dóigh a bhfuil ollscoileanna in Éirinn ag seasamh an fhóid ar son an status quo, mar sin tá an coimeádachas seo á cur chun cinn i ngar dúinn féin fosta.)

Sin ráite, chuir mé an-suim i gcarachtar eile sa leabhar, John C Calhoun, seachtú Uachtarán ar Stáit Aontaithe Mheiriceá idir 1825 agus 1832.

Más mian leat dearcadh eite dheas an lae inniu a fheiceáil , John C is your only man.

Chreid Calhoun, Preispitéireach arb as Tír Chonaill a athair, i ngeilleagar polaitiúil “based first on chattel slavery, and later on disenfranchised low-wage labor, racial segregation and a starved public sector.”

Ba leisean na sclábhaithe a bhí aige agus bhí de de cheart aige mí-úsáid de chineál ar bith a úsáid má chuir sé leis an bhrabús a bhí á dhéanamh aige.

An t-am sin, b’éigean duit cáin a íoc le vóta a chaitheamh agus ar ndóigh, bhí an t-airgead ag an aos rachmais, rud nach raibh ag daoine bochta, dubh agus bán agus fríd an ghléas seo, bhí an lámh in uachtar ag aicme Calhoun in éadan an mhóraimh a raibh dearg-ghráin acu air. 

(An bhfuil an mana One man, One vote ag dul fríd chloigeann duine ar bith agaibh?)

Beagnach 200 bliain níos maille agus tá corparáidí agus daoine aonair a bhfuil airgead agus cumhacht do-shamhlaithe acu, ag iarraidh an rud céanna a dhéanamh, rud ar bith atá le leas an phobail a stopadh mar go gcuireann sé isteach ar a saoirse pearsanta féin – agus tá smacht acu ar an Teach Bán, i rialtais na stáit ar fud Mheiriceá, i gcúrsaí gnó, in institiúidí léinn, sna meáin.  

Cuireann McLean síos go soiléir ar na céimeanna a ghlac intleachtaigh na heite deise, na seifteanna a dtáinig siad orthu, na straitéisí a chuir siad i bhfeidhm le cumhacht rialtais a bhriseadh chun maitheasa “an mhargaidh” an uirlis ab fhearr le sochaí a rialú, dar leo.

Ar na gnéithe ba thábhachtaí leis na daoine seo bhí an rúndacht. Bhí siad ag iarraidh réabhlóid shóisialta a chur sa tsiúl ach b’eigean á dhéanamh go formhothaithe.

Ar na daoine is tábhachtaí sa phróiseas seo, tá an billiúnaí Charles Koch.

Chothaigh sé eacnamaithe in institiúidí ar fud na cruinne, ag caitheamh na céadta milliún dollar orthu, le go gcraobhscaoilfeadh siad a shoiscéal liobraíoch.

Mar sin, nuair a fheiceann tú “saineolaí” ag caint ar nuacht an BBC, an gcuireann tú ceist cén cúlra atá ag an duine sin? Cé atá ag maoiniú na meithle machnaimh (the thinktank) a bhfuil sé/sí luaithe leis.

Cad chuige an iarrann Raidió Uladh ar scríbhneoirí ón Daily Telegraph agus ón Spectator bheith mar thráchtairí acu chomh minic sin?

Tá an cur chuige nua-liobrálach ag dul i dtreise ar fud na cruinne. Soiléiríonn Democracy in Chains, stair na gluaiseachta rúnda agus na contúirtí a bhaineann léi don uile dhuine.

Cé go bhfuil sé dírithe ar na Stáit Aontaithe, tá ceachtanna sa leabhar dúinn uilig. Tá tionchar an liobraíochais le feiceáil in Éirinn féin. 

    

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Irish language

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: