Irish-Language

Stair an bhuilbhín aráin atá ag cothú mhuintir Bhéal Feirste le 176 bliain anuas

<b>USING YOUR BAP: </b>T&aacute; an b&aacute;ic&eacute;ir Walter Patton agus an l&aacute;ithreoir Brian Danny Minnie &Oacute; Domhnaill ag taispe&aacute;int sampla&iacute; den bhuilbh&iacute;n ar&aacute;in at&aacute; &aacute; ithe i mB&eacute;al Feirste le 176 bliain anuas, an bap, a ch&eacute;adchruthaigh fear as Ard Mhacha, Barney Hughes.&nbsp;
USING YOUR BAP: Tá an báicéir Walter Patton agus an láithreoir Brian Danny Minnie Ó Domhnaill ag taispeáint samplaí den bhuilbhín aráin atá á ithe i mBéal Feirste l USING YOUR BAP: Tá an báicéir Walter Patton agus an láithreoir Brian Danny Minnie Ó Domhnaill ag taispeáint samplaí den bhuilbhín aráin atá á ithe i mBéal Feirste le 176 bliain anuas, an bap, a chéadchruthaigh fear as Ard Mhacha, Barney Hughes. 

RUGADH AGUS tógadh mé i gceantar Chluain Ard i mBéal Feirste, é suite ar idir Bóthar na bhFál agus Bóthar Chluanaí in iarthar na cathrach.

Ceantar aicme oibre a bhí (agus atá) ann agus gan an dúrud airgid ag duine ar bith de na teaghlaigh a bhí ina gcónaí ann.

Is cuimhin liom mo mháthair mo chuir chuig bácús Barney Hughes a bhí ar na gaobhair le “a shilling’s worth of smalls” a iarraidh.

Sé a bhí ann ná brioscaí briste agus píosaí aráin nárbh fhéidir iad a dhíol mar sin dhíol siad ar shladmhargadh iad.

Níl mé ag rá gur sin a raibh le hithe againn (we were so poor ... a la Monty Python) agus bhí daimh againn i gcónaí leis an bhácús.

Bhíodh dhá bhácús sa cheantar - Barney Hughes’ agus Kennedy’s in Ard na Beithe.

Chomh maith leis na smalls, d’fhaigheadh muid bap gach lá don lón. D’itheadh muid bap bog agus cnó cócó air.

“Snow” a thug mo mháthair air seo!

An t-am sin, bhíodh “fir aráin” agus fir an bhainne ag tiomáint thart ag dáileadh na mbunriachtanas orainn go luath ar maidin. Bhíodh a fhios agam gur am éirí a bhí ann nuair a chuala mé clingeadh na mbuidéal bainne á gcur ar an talamh taobh amuigh den doras tosaigh go luath gach maidin. 

Cionn is gur fhreastal mé ar scoil Naomh Gall a bhí thart an coirnéal, thagainn chun an bhaile agus bap agus cais nó muiceoil air a ithe.  

Bhíodh sé amhlaidh i mbunús gach teach sa cheantar, bhíodh bapaí i gcónaí á ndáileadh nó ar fáil ó na siopaí coirnéil a bhíodh ann, John’s, McBrien’s agus Kitty Greenan’s roimhe sin (cé nach bhfuil ach mearchuimhne agam ar Kitty Greenan’s).

I ndiaidh iad a bheith gearrtha, d’itheadh muid na bapaí mar a fuair muid iad, gan iad a róstadh ach b’éigean i gcónaí moll mór ime a chur ar bharr na bpíosaí. Parthas!  

In amanna, bheadh sé de mhí-ádh ort bap a fhail ina mbeadh poll ag rith fríd.

Bhí daoine scoilte ar cheist an bap fosta. Bhí siad ann agus b’fhearr leo go mbeadh an barr dóite - d’aonturas - agus daoine eile nár thaitin sé sin leo ar chor ar bith.

Ba chuma cén taobh den argóint a raibh tú air, bhí a fhios againn uilig gur líon an bap thú go dtí an chéad bhéile eile, ar phraghas íseal.

Más príomhbhia chuid mhór againn é an bap, níor thuig muid riamh go ndéanfaí clár teilifíse faoi bhia a bhí chomh humhal sin.

Ach, an Domhnach beag seo, beidh Brian (Danny Minnie) Ó Domhnaill, cócaire agus ceoltóir, ag nochtadh scéal bap Bhéal Feirste, óna thús uiríseal sa bhliain 1842, go dtí an stádas atá aige sa lá atá inniu ann agus foghlaimeoidh sé faoin áit speisialta atá aige i gcroí mhuintir Bhéal Feirste inniu.

De réir mar a fhiosraíonn sé stair an bap, foghlaimíonn Brian cuid de stair na cathrach féin mar ba le linn luathbhlianta an bap a d’fhás Béal Feirste ó bhaile beag Protastúnach go dtí cathair mhór a raibh an dá phríomhthraidisiún sa bhaile inti.

Ba é an báicéir Barney Hughes a chéadchruthaigh an bap in 1842. 

Tháinig Barney go Béal Feirste 20 bliain roimhe sin ó Ard Mhacha le bheith ag obair i mBácús Poiblí Bhéal Feirste. D’oibrigh sé go crua agus bhain sé post amach mar bhainisteoir oibriúcháin ach d’fhág sé a phost ansin mar gheall ar theannas seicteach san áit oibre.

Chuir Barney bácús dá chuid féin ar bun, Hughes’ Bakery, a bhí ar obair sa chathair go dtí na 1970idí.

Fiosraíonn an clár tosca airgeadh an bap agus an fáth a raibh sé chomh  tábhachtach sin i measc mhuintir Bhéal Feirste san am.

Bhí Béal Feirste ag fás níos mó ná riamh roimhe sna 1840idí, go háirithe mar gheall ar na sluaite daoine bochta tuaithe a tháinig chun na cathrach agus iad ag éalú ón Drochshaol in 1845. Tháinig na daoine sin ar lorg oibre i gcathair thionsclaíoch a raibh borradh agus fás ag teacht uirthi, agus bhí bia de dhíth orthu.

Téann Brian ar camchuairt thart ar an chathair, ó na bácúis go dtí na cúl-lánaí, ó Ardeaglais Naomh Peadar go dtí an ‘Leathbap’ (The Half-Bap) taobh le hArdeaglais Naomh Áine, agus buaileann sé isteach in Oifig Taifead Poiblí Thuaisceart Éireann ar an bhealach.

Faigheann sé amach cad é mar a bhí Béal Feirste sular fhás sí ina cathair, agus an dóigh ar fhás agus ar athraigh muintir na cathrach.

Míníonn an staraí, an Dr Éamon Phoenix, go raibh i bhfad níos mó i gceist le Barney Hughes ná báicéir. 

Ba é Barney an chéad ionadaí tofa Caitliceach i mBéal Feirste. Ní hamháin sin, ach daonchara a bhí ann agus fear a rinne stocaireacht ar son an athraithe shóisialta sa chathair, cathair ina raibh an foréigean agus an seicteachas i réim.

Ní hamháin gur príomhbhia na mbocht a bhí ann, ach insíonn an Dr Art Hughes do Bhrian an dóigh ar mhúnlaigh an bap tírdhreach agus caint an phobail i mBéal Feirste. Tugadh an leasainm ‘Bap’ ar dhaoine áirithe, agus dúradh go raibh daoine ‘losin’ the bap’ nuair a bhí siad le ceangal.

Labhraíonn Jimmy Dineen linn, fear a d’oibrigh mar bháicéir lá den tsaol, agus roinneann sé a chuimhní cinn linn de bheith ag obair i mBácús Hughes ar Bhóthar Chluanaí, sular cónascadh é le bácúis eile, agus druideadh é ina dhiaidh sin.

Agus Brian ar a thuras taighde, insíonn Feirstigh an fáth a bhfuil siad chomh tugtha sin don bap.

Pléann siad tréithe an bap is fearr, na líonta is fearr leo, agus a gcuimhní cinn den am fadó nuair a bhí bácús ar gach aon choirnéal.

Deir Brian Danny Minnie gur fhoghlaim sé cuid mhór mar Chonallach.

“D’fhoghlaim mé an oiread sin faoin bap, faoi Bhéal Feirste, faoina ceantair agus faoina pobail agus faoi Barney Hughes agus na héachtaí a rinne sé. 

“Tá súil agam go mbainfear sult as an bap go ceann 150 bliain eile,” ar sé.

:: Feicfear An Bap ar BBC2 TÉ Dé Domhnaigh 14 Deireadh Fómhair, 10.15 i.n. Is i nGaeilge a chraolfar An Bap le fotheidil i mBéarla agus is léiriú é de chuid Macha Media do BBC Gaeilge. Rinneadh an clár le tacaíocht Chiste Craoltóireachta Gaeilge Scáileán Thuaisceart Éireann.