Irish language

Níl an Chairt Eorpach á cur i bhfeidhm go dian ag comhairle ar bith ó thuaidh

DUL CHUN CINN: I láthair ag an ócáid i Halla na Cathrach, bhí an Dr David Mitchell, Edel Ní Chorrain, John Walsh, Suzanne Wylie, Colm Mac Uiginn, Erin Hamilton, Fíona Crudden, Kevin Goodwin, Sean Ó Coinn agus Éamonn Ó hArgáin 
Robert McMillen

BHÍ DHÁ ÓCÁID thábhachtacha ar siúl i Halla na Cathrach i mBéal Feirste inné agus Foras na Gaeilge ag tabhairt aitheantais d’obair na nOifigeach Gaeilge atá ag cur na teanga chun cinn i gcomhairlí áitiúla ó thuaidh.

Chomh maith leis sin, sheol an Foras – i gcomhar leis an Choiste um Riar an Chirt – dhá thuairisc, ceann tathagach dar teideal Comhairlí Áitiúla, Dualgais agus an Ghaeilge: Creatlach Comhlíonta/Local Councils, Obligations and the Irish Language: A Framework for Compliance ina measc.

Sa cháipéis seo, dar le Ciarán Mac Giolla Bhéin, den chéad uair riamh, tá creatlach monatóireachta ar fáil ag an phobal féin a dtig úsáid a bhaint as mar uirlis le measúnú a dhéanamh ar cad é mar atá ag éirí leis na chomhairlí i dtaobh na ndualgais idirnáisiúnta atá orthu uilig i leith na Gaeilge.

Agus tá lón machnaimh sa cháipéis do na comhairlí féin.

“Má tá na comhairlí dáiríre faoin chomhionannas agus faoi dhea-chaidrimh  más mian leo na haidhmeanna uaisle seo agus sochaí comhroinnte a chruthú, tá na dóigheanna leis sin a chur i gcrích sa tuairisc seo,” arsa Ciarán. 

“Roimhe seo, d’fheadfadh comhairlí a rá go raibh an oiread sin conarthaí idirnáisiúnta ann agus an oiread sin d’oibleagáidí éagsúla ann nach dtiocfadh leo ciall a bhaint astu ach tá muidinne san Foras i ndiaidh sin a shimpliú dóibh.”

Díríonn an tuairisc ar chúig phríomhthéama nó beartas atá mar shlat tomhais, bunaithe ar dhualgais idirnáisiúnta, a leagann amach na gníomhartha dlisteanacha lena mbítear ag dúil ó chomhairlí áitiúla maidir lena gcuid sainréimsí agus ról.

Is iad na beartais seo:

1. Polasaí Gaeilge. 2. Áiseanna a chur ar fáil chun an Gaeilge a chur chun cinn agus a chaomhnú. 3. Dul i ngleic le claontacht agus le caoinfhulaingt agus feasacht faoin Ghaeilge a chur chun cinn. 4. Seirbhísí i nGaeilge a sholáthar 5. Bac a chur le leithcheal, le céimeanna ar gcúl agus le constaicí.

Déanann Comhairlí Áitiúla, Dualgais agus an Ghaeilge cur síos ar an dóigh a bhfuil na comhairlí uilig ag cur na mbeartas seo i bhfeidhm.

Tá comhairlí áirithe ag obair go héifeachtach cé gur féidir níos mó a chur i gcrích ach nuair a fiafraíodh de Comhairle Bhuirg Aontroma agus Bhaile na Mainistreach faoi bheartas a cúig, d’fhreagair siad nár chuir sí beartas ar bith i bhfeidhm riamh chun dul i ngleic le leithcheal in éadan na Gaeilge nó nár ghlac sí céimeanna ar bith riamh chun caoinfhulaingt agus feasacht faoin Ghaeilge a chur chun cinn.

Leoga, sna conclúidí le gach comhairle, níl ceann ar bith atá ag comhlíonadh a dualgais faoin Chairt Eorpach um Theangacha Réigiúnacha agus Mionlaigh cé go moltar an toil atá ag comhairlí áirithe – Béal Feirste, Doire, Fear Manach agus an Ómaigh, Lár Uladh agus an tIúr agus Mhúrn – a ndícheall a dhéanamh.

Is féidir leat féin fáil amach cad é mar atá ag éirí le do chomhairle féin sa cháipéis atá ar fáil ag bit.ly/2OMHpJ3

 

:: Níl an dara tuairisc chomh toirtiúil céanna ach tá sé lán chomh tábhachtach leis an chéad cheann.

Cuireann Próifílí Teanga síos ar stádas na Gaeilge sna Comhairlí Áitiúla ó thuaidh agus tá sé thar a bheith suimiúil.

Is cinnte go gcuirfidh sé iontas ar go leor daoine go bhfuil an oiread sin ag dul ar aghaidh i saol na Gaeilge sna Sé Chontae.

I mBéal Feirste amháin, tá naoi naíscoil/naí-ionad agus naoi nGaelscoil/Aonaid ann; Coláiste dara leibhéal amháin; 16 scoil Bhéarla ina dteagasctar an Ghaeilge; eagraíocht amháin Oiliúna agus Traenála; tá soláthar tríú leibhéal ar fáil i dtrí institiúid; tá cúig Chultúrlann ann; tá 11 eagraíocht phobail ann a phléann leis an Ghaeilge; seacht bhféile Ghaeilge (tá a fhios agam go bhfuil níos mó ná sin ann); seacht n-eagraíocht óige Gaeilge; trí eagraíocht spóirt;  13 eagraíocht cultúrtha; ranganna Gaeilge do pháistí in ceithre ionad agus ranganna do dhaoine fásta in 21 ionad chomh maith le 10 scéim samhraidh.

Phew!    

Ar ndóigh, níl sé mar sin gach áit. 

Tá comhairlí ann ina bhfuil soláthar measartha ann don Ghaeilge ach i gComhairle Lios na gCearrbhach agus Caisleán Riabhach, mar shampla, níl ann ach naíscoil amháin agus Gaelscoil amháin a osclóidh ar an bhliain seo chugainn.

I gComhairle Lár- agus Oirthear Aontroma, tá trí scoil dara leibhéal ina dteagasctar an Ghaeilge.

Is féidir fáil amach cad é tá ar bun ó thaobh na Gaeilge de i do cheantar chomhairle féin – agus níl an liosta cuimsitheach – ag bit.ly/2yrJTTe

 

:: Ba é an t-imeacht eile a bhí ar siúl i Halla na Cathrach ná ceiliúradh ar obair an naonúr Oifigeach Gaeilge atá ag obair i gcomhairlí áitiúla ar fud an tuaiscirt.

Cuireann Foras na Gaeilge cómhaoiniú ar fáil do chomhairlí áitiúla ó thuaidh le deis a thabhairt dóibh seirbhísí trí Ghaeilge a chur ar fáil agus le tacú leo forbairt a dhéanamh ar chur chun cinn agus ar úsáid na teanga. 

Tá na hoifigigh seo ag cur réimse leathan seirbhísí ar fáil ó cuireadh tús leis an scéim siar in 2006.

Ina measc seo, tá cláir oiliúna theagasc na Gaeilge d’oibrithe na gcomhairlí, cláir imeachtaí agus gníomhaíochtaí cultúrtha, comhairle agus tacaíocht d’oibrithe na gcomhairlí agus don phobal a bhíonn ag éileamh seirbhísí trí Ghaeilge agus seirbhísí aistriúcháin inmheánacha.

Tá an cur síos seo lom go leor ach cruthaíonn na hoifigigh uilig deiseanna do dhaoine theacht le chéile agus spórt agus spraoi a bheith acu leis an Ghaeilge ar chuid mhór bealaí.

Deir Caoimhe Ní Chathal ó Fhoras na Gaeilge, ainneoin go bhfuil na spriocanna ceanna ag na hOifigigh go bhfuil difríochtaí idir na comhairlí uilig faoin dóigh a mbaintear úsáid astu.

“Mar shampla, i gComhairle Cathrach Bhéal Feirste, tá an t-oifigeach lonnaithe i Roinn an Chomhionannais. 

“I nDoire, tá siad lonnaithe san Oifig Pholasaí, i bhFear Manach agus an Ómaigh tá siad fiú stiúir na roinne ealaíona, mar sin brathann sé ar an chomhairle cad é na dualgaisí agus na cúraimí atá orthu,” arsa Caoimhe.     

Enjoy reading the Irish News?

Subscribe from just £1 for the first month to get full access

Today's horoscope

Horoscope


See a different horoscope: