Irish-Language

Ar an camino agus réalta mar choinnle ar lasadh i bhfuinneog na bhFlaitheas

<b>LOS PELIGRINOS: </b>Ag baint as bia agus deoch na Sp&aacute;inne, bh&iacute; (&oacute; chl&eacute;) Darren Campbell, Dave Boston, P&aacute;da&iacute; de Bl&eacute;ine agus Cristian Faber agus iad ar a n-oilithreacht trasna na bPirein&iacute; go Santiago de Compostela ar an camino cl&uacute;iteach
LOS PELIGRINOS: Ag baint as bia agus deoch na Spáinne, bhí (ó chlé) Darren Campbell, Dave Boston, Pádaí de Bléine agus Cristian Faber agus iad ar a n-oilithreacht trasna na bPireiní go Santiag LOS PELIGRINOS: Ag baint as bia agus deoch na Spáinne, bhí (ó chlé) Darren Campbell, Dave Boston, Pádaí de Bléine agus Cristian Faber agus iad ar a n-oilithreacht trasna na bPireiní go Santiago de Compostela ar an camino clúiteach

Is iomaí duine a dtugtar faoiseamh dó seal beag gairid agus é ag siúl an bhóthair go Santiago de Compostela agus is mé duine de na daoine sin gan lá amhrais. 

Thug mé aghaidh ar mo thearmann is ar mo shanctóir arís i mbliana agus mo chroí ag preabadaigh le haoibhneas roimh an chor úr i mo dhán. 

Thosaigh mé m’aistear in St Jean Pied de Port, baile beag ag bun na sléibhte agus achan chéim ina dhiaidh sin mar a bheadh focal ann i gcaibidil seo an Camino. Níl aon ní níos suaimhní ná siúlóid sléibhe roimh éirí na gréine agus na sléibhte ag ciúnú chugat as ceo na maidine. 

Bhí mé i dtiúin leis na siúlóirí agus leis na sléibhte agus mé ag dul thar na Piréiní. B’aoibhinn liom an radharc agus na sléibhte ag síneadh suas sa spéir mar a bheadh staighre chun na bhFlaitheas ann. Bhí cruthaitheoir na cruinne agus foinse gach fuinnimh gach áit thart orm go cinnte. 

Teacht dheirg an dá néal, bhí an ghrian ag cur cosa solais aisti féin os cionn na sléibhte a chuir codanna áirithe de na sléibhte faoin spotsholas a mhúscail gach bláth, gach brobh agus gach buinneán fúithi. 

Chualathas cloigíní callánacha na gcaorach a mhúscail mé féin as mo shuan siúil agus glóir Dé ag aoibhiú chugam as na ceithre hairde is fiche agus É ag déanamh aoireachta ar a thréad. 

Bhí an spéir ina hoidhre gach goirm roimh i bhfad agus an ceo slogtha ag gathanna gréine amhail is gur soip iad. 

Le gach céim dár thóg mé, bhí an t-allas ina rith ó chraiceann mo chinn agus mo mhála droma ag déanamh a dhíchill an ghaoth a bhaint as mo sheolta – ach theip air. 

Casadh comhoilithrigh orm as ilchríocha uile na cruinne a rinne dreas comhrá liom agus drithleoga dearga a scéalta ag lasadh tine na samhlaíochta ionam go réidh. 

Bhí cuid acu ag iompar ualaí troma mar a bheadh mála droma eile ar mhala na hintinne. 

Bhí lánúin phósta as an Fhrainc ag siúl an bhealaigh ar son a mic a d’éag trí bliana roimhe sin. Ba léir go raibh ualach trom ar a nguaillí ach dúirt siad gur thug an Camino deis dóibh a scéal a roinnt le comhoilithrigh agus gur thug sé sin faoiseamh éigin dóibh. 

Bhí bean as an Astráil ag iompar cuid luaithrigh a fir a chuaigh ar shlí na fírinne tá bliain ó shin. Bhí sí ag scaipeadh a chuid luaithrigh ar na háiteanna ab ansa leis agus é ag siúl an Camino na blianta roimhe sin. Bhí a glór chomh te teolaí le teas na gréine agus í ag insint a scéil ó chochall a croí.   

Le linn na siúlóide, chualathas na feirmeoirí amuigh ag saothrú an talaimh sna tarracóirí, sna comhbhuainteoirí agus le spád go díreach – binn an fhuaim i mbrothall lae. Chonachthas toradh na hoibre céanna agus lusanna gréine, ológa, oráiste, cruithneacht agus barra eile ag fás ar ghoirt a briseadh as béal an fhiántais – mórchuid cloch is gannchuid uisce. Dúshlán na ndúl a spreag a ndúshlán agus baineadh úsáid as córas uisciúcháin a bhí ag feidhmiú mar chuisle de chroí an chuibhrinn a choinnigh idir bharr is fhear beo. 

Chonacthas mná ina suí i gcearnóga móra an bhaile agus an braon ag dul thart, an chaint, an broideadh is an sioscadh – támhradharc sítheach a chuir teas sa chroí. 

Tamall eile de shiúl na gcos agus uisce le mo chár, tháinig mé ar fhuarán a thug fliuchadh agus fuarú do ródaí fáin as tír isteach i mbrothall lae. 

Ar ndóigh, fuair an fíon bua ar an uisce ag an fuarán fíona sa mhainistir in Irache. D’aimsigh mé mo thobar, d’aimsigh mé fosta an deoch íce nó deoch Rioja a chuir brí úr agus beatha ionam gur bhain mé ceann scríbe na hoíche amach.

Chaith mé oíche de na hoícheanta ar an Camino in San Anton, seanmhainistir a théann siar chuig 1146 i réim Alfonso VIII. 

Cuireadh go mór leis an mhainistir sa séú haois déag ach í ag titim as a chéile anois ach ba í a dignit a loime. 

Is cosúil go raibh sí tréigthe ag an duine go dtí gur tógadh Alburgue istigh inti roinnt blianta ó shin a choinníonn dosaen oilithreach in aghaidh na hoíche agus ba mé duine acu an oíche áirithe seo. B’éigean dúinn pilleadh ar na foinsí agus an Alburgue gan leictreachas, gan wifi agus gan uisce reatha. 

Casadh oilithrigh orm as Moscó, as An Airgintín, as an Chróit, as an Fhrainc, as an Iodáil agus as an Ostair i measc an dosaen – domhnán beag ar domhan. 

Ba doiligh ár gcomhrá a dhéanamh lena chéile ach d’éirigh linn cumarsáid a dhéanamh lena chéile thart ar an tine chnámh agus oíche airneáil againn trí mheán an cheoil. Is teanga idirnáisiúnta é an ceol agus mhéadaigh macallaí meánaoiseacha na mainistreach na mothúcháin amhail is gur cantaireacht Ghreagórach a bhí ann. Las Bealach na Bó Finne an spéir agus bhí na réalta mar a bheadh coinnle ar lasadh ann i bhfuinneog na bhFlaitheas.

Chodail mé an oíche sin mar a bheadh leanbh ann agus aisling an aistir ag aoibhiú i m’aigne – seoid i mo stór. Coigleoidh mé aithinne m’aislinge arís agus slán a bheas mé, pillfidh mé ar an fhoinse le cuidiú Dé an bhliain seo chugainn.