Irish-Language

An féidir le scannán na bearnaí atá sa chóras dlí agus cirt a líonadh?

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">AN ST&Aacute;T AS SMACHT: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">T&aacute; sc&eacute;al uaf&aacute;sach Thriant&aacute;n an D&uacute;nmharaithe &aacute; inse go l&aacute;idir ach go stuama ag Sean Murray in </span><i style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Unquiet Graves, </i><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">scann&aacute;n a chuireann s&iacute;os ar obair shalach an Glenanne Gang</span>
AN STÁT AS SMACHT: Tá scéal uafásach Thriantán an Dúnmharaithe á inse go láidir ach go stuama ag AN STÁT AS SMACHT: Tá scéal uafásach Thriantán an Dúnmharaithe á inse go láidir ach go stuama ag Sean Murray in Unquiet Graves, scannán a chuireann síos ar obair shalach an Glenanne Gang

B’HURASTA A BHEITH lán feirge i ndiaidh tú bheith ag breathnú ar Unquiet Graves, scannán coscrach Sean Murray, ach dar leis an stiúrthóir/léiritheoir, bheadh an mothúchán contráilte ort.

Insíonn Unquiet Graves faoin fheachtas dúnmharaithe inar mharaigh baill den RUC, den UDR agus d’fhórsaí míleata na Breataine corradh le 120 sibhialtach i gceantar ar bhaist na hAthracha Denis Faul agus Raymond Murray Triantán an Dúnmharaithe air sna 1970í.

Mhair an feachtas i limistéar ó Áth na Cloiche go Port an Dúnáin go hOileán an Ghuail agus ó dheas den teorainn ó mhí Iúil 1972 go deireadh 1978.

D’fhéadfadh scannán Murray bheith ag cur thar maoil le scéalta uafásacha faoin dortadh ollmhór fola ach tá an scéalaíocht ciúin, láidir cothrom, tomhaiste agus níos éifeachtaí dá réir.

Mar is dual don cineál seo scannáin, ligeann Murray do na híobartaigh a scéal féin a inse, Alan Bracknell ar maraíodh a athair Trevor i mí na Nollag 1975. 

Bhainfeadh caint Margaret Campbell deora as cloch.

Cuireann sí síos ar an dóigh ar scaoileadh a fear céile, Pat, marbh os comhair a dá shúl tí s’acu i nDroichead na Banna i 1973.

Níos measa arís, gur thug baill den RUC an bhean bhocht léi féin chuig stáisiún de chuid an RUC le lámh a leagan ar an fhear a mharaigh a fear céile i bparáid aitheantais. Ba bheag nach ndeachaigh an bhean as a crann cumhachta.

De réir a chéile, thosaigh níos mó scéalta mar seo ag teacht chun cinn agus tionóladh cruinniú poiblí i gCumann CLG Átha an Airgid i gContae Ard Mhacha le fianaise a bhailiú ó dhaoine ar maraíodh a ngaolta.

Mar a deir Paul O’Connor ón Pat Finucane Centre, ba e an chéad uair riamh go raibh an daoine seo ábalta a scéalta a inse mar ní dhearna an RUC teagmháil riamh leo.

Bhí an oiread sin daoine ann gur léir gur feachtas a bhí ar siúl, go raibh drong gníomhach sa cheantar a bhí in ann daoine a mharú scun scan agus gan bac dá laghad orthu.

Tá aithne againn ar an ghrúpa seo inniu mar The Glenanne Gang.

Fíonn Unquiet Graves daoine, airm, áiteanna agus na gníomhartha uilig le chéile le bhfeiceann muid an t-éadach fuilteach críochnaithe a bhuíochas do Alan Bracknell, don iriseoir Ann Cadwallader a scríobh leabhar ar an Glenanne Gang, Lethal Allies d’fhoireann an Pat Finucane Centre agus do dhaoine agus d’eagraíochtaí eile.

Tá mír amháin sa scannán áfach, a bhainfidh an anáil duit.

Fríd Margaret Urwin ó Justice for the Forgotten, eagraíocht atá ag iarraidh cora d'íobartaigh bhuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin, bhí Murray ábalta agallamh a dhéanamh le John Weir, iar-bhall den RUC agus den UVF araon agus ball den Glenanne Gang.

I 1999, shínigh Weir mionnscríbhinn (affidavit) ag cur síos ar a ról i mbuamáil Bhaile Átha Cliath agus Mhuineacháin agus ar ghníomhartha eile de chuid an Glenanne Gang.

Labhair sé fosta le Margaret Urwin agus chaith sé cúpla lá ag caint le foireann ón Pat Finucane Centre. Bhí siad sin in ann é a cheistiú faoina mhionnscríbhinn – agus fuair siad amach go raibh sé ag inse na fírinne. Tháinig an fhianaise ó réimse leathan foinsí le chéile.

Tá a fhanaicí is a bhí an Glenanne Gang le feiceáil i imeachtaí 1975/6.

Bhí sé de nós acu dhá ionsaí a dhéanamh ag an aon am amháin, rud a rinne siad ar an 4 Eanáir 1976.

Mharaigh siad triúr ball de mhuintir Reavey ag an Chorr Leacht agus ceathrar de mhuintir Ó’Dowd ag Baile Uí Dhúgáin.

An lá dár gcionn, mharaigh an IRA deichniúr oibrithe Protastúnacha ag Muilte Ching agus bhí an chuma ag teacht ar an scéal go raibh an tuaisceart ag tarraingt i dtreo chogadh cathartha.

Anseo, maíonn John Weir rud  dochreidte. Chuir Paul O’Connor ceist air cad chuige nár fhreagair an Glenanne Gang don sléacht a rinneadh ag Muilte Ching.

“Dúirt sé go raibh plean le cur i bhfeidhm ina ndéanfaí ionsaí ar bhunscoil Chaitliceach agus go maródh siad na paistí agus a múinteoir,” arsa Ó’Connor.

“Chuir muid ceist air cad chuige nár leanadh ar aghaidh leis an phlean agus dúirt Weir gur chreid an UVF gur tháinig an plean ó sheirbhísí faisnéise míleata na Breataine a bhí ag iarraidh go n-imeodh cúrsaí ó smacht.

“Ar an bhonn sin, chinn ceannaireacht an UVF gan leanstan ar aghaidh leis an phlean,” arsa O’Connor.

Sa scannán, admhaíonn Weir go raibh sé amhlaidh agus gur scoil i mBéal Leice a bheadh mar thargaid agus gur chreid sé gur tháinig an smaoineamh ó ghrúpa taobh istigh d’Arm na Breataine.

Cén duine nach mbeadh fearg air i ndiaidh sin a chluinstin?

:: Is féidir Unquiet Graves a fheiceáil i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich ar an 14/15/16 Meán Fómhair. Ticéid ó https://bit.ly/2wMqjjv