Irish-Language

Saothar cheann de na healaíontóirí is bísiúla sa tír ag druidim chun clabhsúir

<b style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">PORTR&Aacute;ID DEN EALA&Iacute;ONT&Oacute;IR: </b><span style="font-family: 'ITC Franklin Gothic'; ">Beidh Andrew Whitson ag cur s&iacute;os ar a shaothar i nD&aacute;nlann Gerard Dillon san o&iacute;che am&aacute;rach ach ghlacfadh s&eacute; c&uacute;pla l&aacute; le cur s&iacute;os ar an ts&aacute;r-shaothar iontach at&aacute; d&eacute;anta aige, na picti&uacute;ir aonair sa taispe&aacute;ntas, na l&eacute;ar&aacute;id&iacute; do leabhair An tSnathaid Mh&oacute;r</span>&nbsp;agus m&iacute;le &eacute;acht eala&iacute;ne eile
PORTRÁID DEN EALAÍONTÓIR: Beidh Andrew Whitson ag cur síos ar a shaothar i nDánlann Gerard Dillon san oíche am PORTRÁID DEN EALAÍONTÓIR: Beidh Andrew Whitson ag cur síos ar a shaothar i nDánlann Gerard Dillon san oíche amárach ach ghlacfadh sé cúpla lá le cur síos ar an tsár-shaothar iontach atá déanta aige, na pictiúir aonair sa taispeántas, na léaráidí do leabhair An tSnathaid Mhór agus míle éacht ealaíne eile

WOW! JUST WOW! Sin an chéad rud a thiocfaidh as béal daoine agus iad ag breathnú ar thaispeántas Andrew Whitson i nDánlann Dillon i gCultúrlann McAdam Ó Fiaich faoi láthair.

Áilleacht, fíneáltacht, samhlaíocht snaidhmthe le scileanna teicniúla agus súil grinn, tagann siad uilig le chéile i saothar atá chomh héagsúil is atá sé draíochta.

Sin bua an ealaíontóra ar ndóigh, saol na samhlaíochta a nascadh le hobair láimhe agus leis na hábhair a mbaineann sé úsáid astu – pinn luaidhe, scuabanna, dathanna, agus, em, ríomhairí.

Tá a fhios againn uilig faoin ealaín iontach atá le feiceáil sna leabhair a fhoilsíonn An tSnáthaid Mhór, an teach foilsitheoireachta a chuir Andy agus a bhean chéile, Caitríona Nic Sheáin, ar bun le leabhair den chéad scoth a chur amach i nGaeilge ach sa taispeántas seo - a bheas ag críochnú Dé Sathairn – feicfidh muid cuid d’ealaín s’aige nach bhfaca ach cuid bheag daoine roimhe seo.

Tá idir fhinscéalaíocht na hÉireann, Lord of the Rings, agus léaráidí ó leabhar An tSnáthaid Mhór agus tuilleadh eile ar na ballaí agus níl ceann amháin nach gcuirfidh faoi dhraíocht thú.

Agus mé ag caint leis an tseachtain seo caite, ba léir go gcuireann Andrew a chroí istigh sna pictiúir ach gur obair ghrá an uile cheann acu.

“Amanna, glacann sé ceithre mhí le pictiúir a fháil i gceart,” ar sé, agus tá sé intuigthe.

Tá léaráid amháin ó An Gréasaí Bróg agus na Sióga a thaitníonn go mór liom, ina bhfuil bean an ghréasaí ag caint leis.

Ach tá gluaiseacht sa phictiúr, cluin tú an chaint, mothaíonn tú an t-atmaisféar. agus ní tharlaíonn sé sin go héasca.

Leis an radharc a fháil mar is ceart, thug Andrew aisteoirí go dtí an Iarsmalann Tuaithe i gCuil Trá agus éadaí na linne orthu.

“Bhí sé mar a bheinn ag breathnú ar dhráma amach romham,” a mhíníonn Andrew. “Sin an dóigh is fearr a dtiocfadh liom an pictiúr a fháil i gceart, an rud a fheiceáil os mo chomhair. 

“Chomh maith, ghlac grianghrafadóir ón Irish News, Mal McCann pictiúir den aicsean agus bhí siad seo uilig i m’intinn nuair a tharraing mé an pictiúr sa deireadh,” ar sé.

Cé gur seanscéalta ón bhéaloideas atá á léiriú aige, tá siad chomh beathach sin go dtiocfadh leat féin bheith i láthair sna pictiúr.

Tá pictiúir eile ann atá níos teibí agus ceann dochreidte amháin atá in oifigí an Irish News an chuid is mó den am.

Is éagsúil ar fad na stíleanna éagsúla a chleachtann Andrew agus na hábhair as a bhaineann sé úsáid le saothair ealaíne a chruthú.  

Ach ní leor an tallann le leanstan ar aghaidh. Caitheann Andy agus Caitríona agus na scríbhneoirí a chruthaíonn na scéalta a bheith beo san fhíor-shaol chomh maith, rud a chiallaíonn go gcaitheann siad cuid mhór díograis agus dua a chur isteach le todhchaí an chomhlachta a chinntiú agus a forbairt.

Ní nach ionadh, tá pleananna uaillmhianacha á gcur le chéile ag An tSnáthaid Mhór.  Tá athrú ainm i gceist – 

admhóidh an Gaeilgeoirí is díograiseoirí gur lán béil d’ainm atá in An tSnáthaid Mhór! – mar sin tá an An le himeacht agus Snáthaid Mhór a bheidh ar an chomhlacht feasta.

Ach an áit a dtagann an chruthaitheacht agus an fíor-shaol le chéile, sin an áit atá á haimsiú ag Snáthaid Mhór faoi láthair.

“Tá muid ag dul a leagan béime ar na carachtair beoga iontacha atá cruthaithe ag scríbhneoirí ar nós Myra Zepf,” a mhíníonn Andrew.

“I gcás Rita, chaith muid dhá bhliain ag forbairt na leabhar sin – Rita agus an Róbat, Rita agus an tSióg Mhaith agus Rita agus an Dragún – tá cuma iontach simplí air an táirge ach ní raibh sé riamh chomh simplí sin.”

An sprioc atá ag Andrew agus An Snáthaid Mhór ná macasamhail na branda a chruthú a bheadh inchurtha leis an brandaí móra i saol na litríochta.

“Tá muid ag smaoineamh ar leithéidí Tintin agus Mr Men atá aitheanta ar fud an domhain. Ba mhaith linne an rud céanna a dhéanamh le carachtair s’againne.

‘Tá Rita dírithe ar pháistí idir 4-7 mbliana d’aois agus tá carachtar eile darb ainm Willo ar an bhealach, é dírithe ar pháistí ó 0-4 bliana d’aois ach tá muid ag iarraidh go mbeadh an ealaín chomh maith is a bheadh sé i bpictiúir a chrochfá ar do bhalla,” arsa Andrew.

Is cinnte go bhfuil ag éirí go breá leis na leabhair Rita. Bhí taispeántas acu le linn na Féile Soma i gCaisleán Uidhilín i mí Iúil agus bhí an-ráchairt orthu ach bhí gné amháin níos tábhachtaí ná sin, dar le hAndrew.

“Rinne Myra seó le páistí scoile ón cheantar agus chuir sé gliondar orainn uilig go raibh a fhios ag na páistí uilig cérbh í Rita,” ar sé.

“Seo carachtar lán-Ghaeilge, níor carachtar í a fuair muid ón iasacht nó ó Dr Zeuss, níor aistriúchán ó leabhar Béarla a bhí ann. Cailín dúchasach í Rita agus bhí an nasc sin aici leis na páistí agus ba léir go raibh na leabhair á léamh acu sa bhaile. Bua iontach a bhí ann.  

Tá Andrew anois ag tarraingt ar an aois ina mbeidh sé ag smaoineamh éirí as a phost mhúinteoireachta agus dúshláin eile a aimsiú leis an teach foilsitheoireachta.

Leoga, is doiligh coinneáil ar comhchéim le gach a bhfuil ag dul ar aghaidh in intinn an ealaíontóra mar sin, is fiú go mór freastal ar an chaint a thabharfaidh Andrew é féin san oíche amárach ag an dánlann leis na pictiúir a fheiceáil agus aithne a chur ar dhuine de na healaíontóirí is fearr agus is bisiúla agus is spreagúla sa tír.