Irish-Language

Samhlaigh nach raibh codladh de dhíth ort, cad é a dhéanfá leis an am breise?

<b>O&Iacute;CHE MHAITH, IRENE: </b>T&aacute; s&eacute; faighte amach ag eolaithe go mb&iacute;onn daoine ar bheagan codlata ag si&uacute;l thart mar a bheadh zombaithe iontu, rud nach f&iacute;or don deilf a dtig leis leathchuid d&aacute; inchinn a chur a chodladh agus an leathchuid eile a chonne&aacute;il ina duiseacht - d&aacute;lta daoine &aacute;irithe!&nbsp;
OÍCHE MHAITH, IRENE: Tá sé faighte amach ag eolaithe go mbíonn daoine ar bheagan codlata ag siúl thart mar a bheadh zombaithe iontu, rud nach fíor don deilf a dtig leis leathchuid dá inchinn a chur a OÍCHE MHAITH, IRENE: Tá sé faighte amach ag eolaithe go mbíonn daoine ar bheagan codlata ag siúl thart mar a bheadh zombaithe iontu, rud nach fíor don deilf a dtig leis leathchuid dá inchinn a chur a chodladh agus an leathchuid eile a chonneáil ina duiseacht - dálta daoine áirithe! 

CUIR i gcás nárbh éigean duit codladh a fháil gach oíche. Cad é a dhéanfá leis an am breise, an ocht n-uair a chloig (ar an mheán) sin a chaitheann tú ag brionglóidigh – nó ag dul fríd thromluithe – san oíche?

Is ceist amaideach í ach má tá tú ag iarraidh comhrá a dhéanamh le strainséara agus sibh san ardaitheoir nó má tú  ag iarraidh comhrá a thoiseacht i rang Gaeilge.

24 uair a chloig sa lá, 1,440 bomaite le líonadh agus gan tú éirí tuirseach nó fonn codlata teacht ort. Fadhb ar bith?

An mbeadh gach rud mar ba mhian leat é dá mbeadh an t-am breise sin agat?

Is iomaí duine a rinne gearán nach raibh go leor ama sa lá leis na rudaí uilig atá beartaithe acu a chur i gcrích.

Ach cuir i gcas gur dhúirt d’fhostóir leat go raibh sé ag iarraidh ort lá 16-uair a chloig a dhéanamh, seacht lá na seachtaine? An mbeifeá sásta, fiú dá bhfaighfeá a dhá oiread den tuarastal? 

Ansin thiocfadh leat an t-airgead breise a chaitheamh ar bhail a chur ar do theach. 

Thiocfadh leat patio a thógáil ar chúl an tí, fuaráin a chur sa ghairdín, beár a dhéanamh den lochta agus seomra breise luí nó gym a dhéanamh den gharáiste le go mbeadh an teach idéal agat.

Ach, mura mbeadh codladh riachtanach don duine daonna, bheadh buntáistí amhrasacha ag baint leis fosta.

An bhféadfadh daoine bheith ag ól sa phub agus ag damhsa ag an dioscó ó dhubh go dubh gan iad titim go talamh?

Nach n-éireodh siad tuirseach de 10 n-uair a chloig de Bruno Mars agus Little Mix?

An mbeadh na Gaeil inchurtha le Tonnaí Thoraí agus Cor Seisear Déag gan stad gan staonadh?

Ach nach dtiocfadh linn saol níos fearr a chruthú leis an am breise?

Tá daoine ann ar ndóigh a bheadh ag déanamh obair charthanachta, ag cuidiú le daoine atá ar an bheagán.

Cad é mar a roinnfeá do lá? 8 n-uair de phléisiúr, 8 n-uair d’obair agus 8 n-uair d’obair charthanachta?

An mbeifeá ag leamh leabhar, ag déanamh staidéar ar gach ábhar faoin ghréin mura raibh ga agat codladh a dhéanamh?

Cad é a dhéanfá leis an eolas sin?

Agus anois agus beagán beag de na ceisteanna curtha, sílim gur léir go bhfuil an t-ádh orainn go dtig linn stopadh, scíste a dhéanamh, na súile a dhruidim agus muid féin a athnuachan don lá dar gcionn?  

Teann gach ainmhí a chodladh, cé go dtig le deilfeanna leathchuid dá n-inchinní a chur a chodladh agus an leathchuid eile ina dhúiseacht!

Tá staidéir déanta ag eolaithe ar fud na cruinne agus fuair siad amach – ní nach ionadh – go bhfuil an codladh riachtanach ag an uile ainmhí.

Daoine a d’fhan ina ndúiseacht ar feadh tamaill an-fhada, sa deireadh bheadh siad ag siúl thart leath-mhúscailte mar a bheadh zombaithe iontu.

Cuid acu, thitfeadh siad ina gcodladh ba chuma cá hait a mbeadh siad, ag tiomáint féin. 

Bain sult as do chuid ama sa leaba anocht, mar sin!